Bíonn an polaiteoir ag caint ar an gcinneadh ‘polaitiúil’, ach cad faoin gcinneadh iriseoiriúil, múinteoiriúil nó dochtúiriúil?

Polaitiúil. Nach iontach go deo an aidiacht í? Nach iontach go deo go dtig leat do chompás morálta féin a réiteach de réir sholas na haidiachta seo?

Bíonn an polaiteoir ag caint ar an gcinneadh ‘polaitiúil’, ach cad faoin gcinneadh iriseoiriúil, múinteoiriúil nó dochtúiriúil?

Níor shocrú “political” é deireadh a chur leis an deontas Líofa, a dúirt aire de chuid an DUP, Paul Givan, agus é ag fógairt gur tháinig sé ar chúpla punt leis an deontas a thabhairt ar ais ó mhairbh. Níl rún agamsa plé a dhéanamh ar chúrsaí Gaeilge, an DUP agus Sinn Féin. Is leor a rá go mbaineann an dá pháirtí úsáid agus mí-úsáid as an teanga de réir mar a fhóireann dóibh féin.

Is í an aidiacht bheag sin “polaitiúil” is spéis liom. Nach iontach go deo an aidiacht í? Nach iontach go deo go dtig leat do chompás morálta féin a réiteach de réir sholas na haidiachta seo? Agus féach – bíodh is go bhfuil cúrsaí polaitíochta an-olc idir aontachtaithe agus poblachtánaithe – is aidiacht uile-Éireann í. Tá sí in úsáid thuaidh agus theas, ag Saorstátóirí, ag Sealadaigh, ag Stickie sagus ag polaiteoirí eile nach iad.

Éad aidiachta atá orm go mbíonn focal dá gcuid féin ag polaiteoirí le cur síos a dhéanamh ar a ngnó. Déanann polaiteoirí cinneadh ‘polaitiúil’. Thiocfadh dó go mbeidh an cinneadh sin morálta, mímhorálta nó neamh-mhorálta. Thiocfadh dó go gcuirfeadh an cinneadh sin olc ar dhaoine, fearg ar dhaoine, áthas ar dhaoine. Cá bhfios?

Tig leis an pholaiteoir droim láimhe a thabhairt le polasaí agus a rá gur cinneadh ‘polaitiúil’ a bhí ann, nó polasaí eile ar fad a chur i bhfeidhm agus a rá go bhfuil sin ‘polaitiúil’: “Tháinig athrú ar an saol agus tháinig athrú ar mo thuairimí dá réir sin.”

Is ionann sin agus a rá, ar ndóigh, nár chreid an polaiteoir sa rud a gheall sé an chéad lá riamh. Ní raibh ann ach gur mhaith leis cúpla vóta a fháil agus d’fheidhmigh sé dá réir sin.

Tá cead a gcinn acu ach an phaidir pholaitiúil a scaoileadh ó bhéala. Geallann polaiteoir go dtacóidh sé leis an otharlann áitiúil. Faigheann sé vótaí dá bharr sin. Tagann athrú intinne ar an pholaiteoir chéanna de bharr brú óna pháirtí féin: ‘níl an t-airgead ann nó caithfidh muid an t-airgead a chaitheamh áit inteacht eile nó ní raibh an toil riamh ann otharlann a thógáil agus b’fhearr duit gan sin a rá.’

Déanann an polaiteoir cinneadh nua ‘polaitiúil’ gan tacaíocht a thabhairt don otharlann. Caithfidh an vótóir glacadh leis an mhíniú a thugann sé – go dtí an chéad toghchán eile agus dóchas ag an pholaiteoir go mbeidh dearmad déanta ag an vótóir ar an chinneadh polaitiúil nó go mbeidh sé in ann fearg a chothú sa vótóir faoi chinneadh polaitiúil a rinne polaiteoir eile, bastard mímhorálta ar fad, gan amhras, fear nach bhfuil prionsabal de chineál ar bith aige. Caithfidh an vótóir a thuigbheáil go bhfuil cead ag an pholaiteoir, anois ó tá do vóta aige, bheith ar mhalairt tuairime faoi nithe, bheith ‘polaitiúil’.

Is deas agus is ródheas an aidiacht í agus is míle míle trua nach bhfuil cead ag duine ar bith eile againn, taobh amuigh d’earnáil na polaitíochta, an aidiacht a úsáid. Samhlaigh é: bíonn do cheannasaí ag iarraidh ort méid áirithe oibre a dhéanamh. Níl dóigh ar bith ann gur féidir leat gan an obair a dhéanamh nó fostaíodh thú leis an obair a dhéanamh; tugtar airgead duit leis an rud a dúirt tú go ndéanfá a dhéanamh.

Bhuel, scrios air sin, a deirim. Tá mise bréan de go mbíonn cead ag polaiteoirí agus ag polaiteoirí amháin cinneadh ‘polaitiúil’ a thógáil. Tá sé mímhacánta; níl sé cothrom; níl sé ceart.

Tá mise le dea-shampla ár gcuid polaiteoirí a leanstan as seo amach. D’iarr an tEagarthóir orm 1,000 focal a scríobh ar an cheist seo. Tá mise, ámh, le cinneadh a thógáil agus gan ach 650 focal a scríobh. Há! Há! Cinneadh ‘iriseoiriúil’ atá ann – ach beidh mé ag súil le híocaíocht as 1,000 focal, a Eagarthóir!

Molaim duit féin cinneadh múinteoiriúil, dochtúiriúil, srl, a dhéanamh de réir mar a fhóireann duit féin

Fág freagra ar 'Bíonn an polaiteoir ag caint ar an gcinneadh ‘polaitiúil’, ach cad faoin gcinneadh iriseoiriúil, múinteoiriúil nó dochtúiriúil?'