Bíodh siúinéir ag Cluiche Ceannais Peile Chonnacht inniu, ar fhaitíos na bhfaitíos…

Is faisean le peileadóirí Ros Comáin anois agus arís tástáil bheag a dhéanamh ar an mianach a bhíonn san adhmad sa gcúl

Bíodh siúinéir ag Cluiche Ceannais Peile Chonnacht inniu, ar fhaitíos na bhfaitíos…

Tá súil agam gur maith láidir atá na boltaí a cheanglaíonn na trasnáin do na postaí ag Cluichí Ceannais Peile Chonnacht idir Gaillimh agus Ros Comáin ar Pháirc an Phiarsaigh inniu, mar gur faisean le peileadóirí Ros Comáin anois agus arís tástáil bheag a dhéanamh ar an mianach a bhíonn iontu, gan an liathróid a bheith ina seilbh beag ná mór.

Na contaetha céanna a bhí san iomaíocht sa gcluiche ceannais i 1962 nuair a rinne Aidan Brady dhá leath den trasnán i gCaisleán an Barraigh agus mé ag seasamh trasna uaidh ar chnocán, san áit a bhfuil an seastán nua anois.

Dhá bhliain déag d’aois a bhí mé agus ba í an dara cuairt agam ar Pháirc Mhic Éil. M’athair, trócaire air, a thug ann mé chaon uair acu. Dhá mhí dhéag roimhe agus muid cinnte gur ag Gaillimh a bheadh Corn Mhic an Adhastair don séú bliain as a chéile, chuir cúilín a scóráil Tony Kenny ansiúd do Ros Comáin ag fíordheireadh na himeartha as seilbh muid.

Ní baileach go raibh an misneach céanna againn i ’62. Bhí formhór na n-imreoirí a raibh na cúig chraobh as a chéile agus Cluiche Ceannais na hÉireann 1956 acu éirithe as agus gan ag imirt ach seisear d’fhoireann na bliana roimhe sin.

Ba é Seán Purcell lántosach na Gaillimhe, ach dá fheabhas é, ba léir eisean a bheith ag drannadh le ceann cúrsa freisin.

Bhí beirt ógánach ag imirt a bhí ar fhoireann mhionúir an chontae a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1960 – Enda Colleran agus Séamus Leydon a bhí orthu – iad i bhfad ró-óg, measadh, le dul i ngleic le cúlaithe téagartha Ros Comáin.

Agus na foirne ar chomhscór, bhí lucht leanta na Gaillimhe sásta go maith ag leath ama ar Pháirc Mhic Éil, iad gealgháireach isteach sa dara leath nuair a chuaigh siad 2-5, 1-4 chun cinn.

Chuir cic ard, lúbach a bhuail Leydon ceann eile leis sin, ach, agus Brady ag iarradh í a shroichint, rug an cúl báire greim ar an trasnán agus nuair a shíl sé é fhéin a luascadh, rinne dhá leith de.

Thóg sé os cionn deich nóiméad go maith an dá chuid den seantrasnán a bhaint anuas, an cleas céanna a dhéanamh le ceann a bhí ar pháirc traenála le hais Pháirc Mhic Éil agus é a chrochadh os cionn an Bhrádaigh.

Chuir an mhoill athrú iomlán ar scéal an lae.

Ina diaidh níor scóráil Gaillimh ach trí chúilín eile. Fuair Cyril Mahon cúl, mar a rinne Don Feeley agus ba é a dheartháir siúd, Des, a scóráil cúilín an bhua do Ros Comáin le cic deiridh na himeartha, 3-7, 2-9.

Gaillimh curtha de dhroim seoil ag an 11 nóiméad d’am breise a d’imir an réiteoir, ag lúfaireacht Uí Bhrádaigh agus ag adhmad leathlofa Mhaigh Eo!

B’in an cluiche craoibhe deireanach a d’imir Purcell do Ghaillimh. Ba in aghaidh Ros Comáin freisin a d’imir sé an chéad chluiche, ceithre bliana déag roimhe sin i mBéal Átha na Sluaighe.

San achar eatarthu léirigh sé go raibh sé ar a laghad chomh maith le haon pheileadóir a chuir cos i mbróg riamh, ach d’fhág sé Caisleán an Bharraigh i 1962 mar a d’fhág muide – gan focal as agus na súile slogtha siar inár gceann.

Níl mé cinnte cén fad saoil a bhíonn ag trasnán go mbíonn a sheal tugtha, nó arbh é an ceann a cuireadh in áit an chinn a bhris Aidan Brady i 1962 a bhí ann i gcónaí nuair a tharla an cleas céanna ar Pháirc Mhic Éil deich mbliana fichead dár gcionn.

Ba iad Maigh Eo a bhí in aghaidh Ros Comáin i gcluiche ceannais na bliana sin agus iad ar chomhscór luath go maith sa dara leath nuair a thug Anthony Finnerty faoi chúl a scóráil do Mhaigh Eo. Rinne cúl báire Ros Comáin, Gay Sheerin, leathbhlocáil ar an gcic, a d’eitil suas san aer agus thar an trasnán.

An babhta seo ba é an lánchúlaí ar chlé, Enon Gavin, a rinne an ghleacaíocht agus chruthaigh seisean go mba é an mianach céanna a bhí in adhmad na 90idí agus na 60idí.

6 nóiméad a thóg sé an tsiúinéireacht a dhéanamh an iarraidh seo agus ba iad Maigh Eo a chuaigh ina tairbhe an babhta seo mar gur bhuaigh siad 1-14,0-10.

Ní fhaca mé aon tuairisc air nuair a léigh mé liosta na n-oifigeach páirce a bheidh ar dualgas ag buaic na peile i gConnachta inniu. Ní móide go raibh a leithéid luaite ina measc, ach ná déan aon iontas de agus tú ann má fheiceann tú fear a bhfuil caipín speiceach agus éadaí oibre air, casúr ina lámh agus dréimire taca ar a ghuaillí.

‘Ar fhaitíos na bhfaitíos’ a thugann siad air sin.

Fág freagra ar 'Bíodh siúinéir ag Cluiche Ceannais Peile Chonnacht inniu, ar fhaitíos na bhfaitíos…'

  • Mise Áine

    Go n-éirí go geal le foireann na Gaillimhe!