Bíodh sé ina Trump v Clinton, mar sin…

Níos mó ná riamh, tá an chosúlacht ar an scéal gur idir Donald Trump agus Hillary Clinton a bhéas an rása d’uachtaránacht Mheiriceá. Cuma céard a deir ár gcroí, níor cheart dúinn a bheith ag guí go gcuirfidh Ted Cruz nó Bernie Sanders bac ar chúrsaí, a scríobhann ár gcolúnaí

Donald Trump

Aisteach go leor, seo an chéad uair go bhfuil an t-ainm ‘Donald Trump’ á lua agam i gcolún. Is féidir le léitheoirí Tuairisc.ie a rogha rud a rá faoi sin, tá cead acu a rá nach ndearna mé mo chúram mar thráchtaire ar an nuacht idirnáisiúnta.

An chúis nár scríobh mé faoi Trump roimhe seo ná go raibh súil agam go n-imeodh sé as ceannlínte na nuachta go ciúin le linn na dtoghchán tosaigh.

Faraor, agus Super Tuesday imithe tharainn, níl aon bhaol ann anois go dtarlóidh a leithéid.

Cé gur éirigh níos fearr ná mar a rabhthas ag súil leis le Ted Cruz, an t-aon iarrthóir Poblachtánach amháin a d’fhéadfadh stop a chur le Trump anois i ndáiríre, bhí an bua ag an mbilliúnaí bladhmach as Nua Eabhrac i seacht gcinn den aon stát déag inar eagraíodh toghcháin tosaigh inné, agus cé nach bhfuil aon rud greanta i gcloch, is dóichí ná a mhalairt anois gurb é a ainmneofar mar iarrthóir an Pháirtí Phoblachtánaigh sa toghchán uachtaránachta.

Agus bheadh sé chomh maith agam a sheiceáil arís eile, agus a bheith réidh leis go lá an toghcháin, an 8 Samhain (agus, cá bhfios, don chéad ocht mbliana eile ina dhiaidh sin), an le “l” amháin nó le dhá “ll” a litríonn bean chéile an iar-uachtaráin Clinton a céad ainm. Ach an oiread le Trump, d’éirigh le Hillary (dhá “ll!”) Clinton an bua a fháil i seacht gcinn den aon déag stát ar eagraíodh toghcháin tosaigh iontu inné.

Arís eile, níl aon rud greanta i gcloch go fóill agus, ar a laghad go teoiriciúil, tá seans ann fós go mbeidh an svae ag an bhfíorchoimeádach Ted Cruz sa champa Poblachtánach agus go mbeidh an bua ag an sóisialach Bernie Sanders sa champa Daonlathach.

Is í an cheist, áfach, ná ar cheart dúinn a bheith ag guí go dtarlódh a leithéid.

Tá Ted Cruz chomh coimeádach sin go bhfuil sé ar thaobh na láimhe deise de Donald Trump féin maidir le go leor ceisteanna.

Tá Bernie Sanders chomh mór sin ar chlé go mbeadh amhras mór orm an bhféadfadh sé bua a fháil ar Donald Trump (nó, sa chás nach n-éireodh le Trump, ar Cruz) i dtoghchán uachtaránachta.

Ar na cúiseanna sin, seans gurb fhearr an chaoi a seasann cúrsaí faoi láthair: rása uachtaránachta mar atá á thuar ag mórchuid tráchtairí anois, ina mbeadh an bua ag Clinton ar Trump, fiú má chiallaíonn a leithéid go mbeadh bean á cur isteach sa Teach Bán a raibh cónaí uirthi sa teach sin cheana ar feadh ocht mbliana dá saol.

Fág freagra ar 'Bíodh sé ina Trump v Clinton, mar sin…'