Bíodh an fheamainn acu! Buntáiste sláinte ag gasúir Chonamara – taighde nua

Leibhéal iaidín níos airde ag 46% de na gasúir i gceantar Charna agus iarthar Chonamara

Caitlín ag taiseáint na léaráidí ón leabhar Gaeilge don lucht éisteachta

Bíodh an fheamainn agat a déarfá le duine a mbeifeá tinn de, ach mar a tharlaíonn sé ní fhéadfadh ábhar níos folláine a bheith ag duine.  

Tá torthaí staidéar a rinneadh thar thréimhse bliain agus fiche a bhaineann leis an sruth iaidín a thagann as an bhfeamainn foilsithe in eagrán na míosa seo den Irish Medical Journal.   

Taispeánann sé go bhfuil i bhfad Éireann níos mó iaidín colainne ag daoine atá gar do cheantair cósta a bhfuil fás maith feamainne iontu.  Tógtar isteach an t-iaidín go nádúrtha; tá sé san aer a thagann isteach ón gcladach atá breactha le feamainn.  Ábhar fíorthábhachtach don inchinn agus don cholainn é an t-iaidín ach taispeánann staidéar a rinneadh anseo agus ansiúd in imeacht na mblianta go bhfuil go leor Éireannach easnamhach ann.

Cuidíonn an  t-iaidín leis an inchinn agus leis an gcolainn agus d’fhéadfadh ganntanas iaidín lagachan a dhéanamh ar chumas foghlamtha gasúr.

Iodine Status over two decades: Influence of seaweed exposure an teideal atá ar an tuarascáil atá curtha ar fáil ag an iar-ollamh Peter Smith a bhíodh i gceannas ar rannóg na micribhitheolaíochta in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh. 

Rinne an tOllamh Smith agus a chomhghleacaithe staidéar ar thrí chineál ceantair sa tír seo sa gcaoi agus go bhfaigheadh siad léargas níos cruinne ar thábhacht na feamainne ó thaobh an iaidín de. Roghnaíodh ceantar an Dochtúra Micheál Ó Cathasaigh i gCarna i gConamara mar shampla d’áit a raibh flúirse feamainne ag fás ann. Roghnaíodh cathracha na Gaillimhe, Bhaile Átha Cliath agus Bhéal Feirste mar cheantair a bhí in aice na farraige ach gann ar fheamainn agus roghnaíodh Dún Geanainn agus an Muileann gCearr mar cheantair intíre nach raibh feamainn ná farraige ina ngaire.

Molann Eagraíocht Sláinte an Domhain go mbeadh, ar a laghad, 100 ug/L iaidín i gcolainn an duine – sin miosúr atá bunaithe ar an méid iaidín atá sa bhfual. Taispeánann torthaí na hoibre seo a rinneadh faoi cheannas an Ollamh Smith go raibh leibhéal iaidín os cionn 150 ug/L ag 46% de na gasúir i gceantar Charna agus iarthar Chonamara – ceantar na feamainne.

I gcomórtas leis sin ní raibh leibhéal chomh hard sin ach ag 3.6% de na gasúir i gceantair cois cósta nach raibh mórán fás feamainne iontu.  2.2% an leibhéal a bhí ag gasúir sna ceantair intíre.

B’ionann an cás i gcás na ndaoine fásta.  Bhí leibhéal os cionn 150 ug/L ag 43% díobh siúd a bhí ag maireachtáil gar do chladaí móra feamainne. B’in a cheithre oiread níos mó ná mar a bhí ag daoine nach raibh fásra maith feamainne in aice leo.

Deir údair na tuarascála gur sa bhfeamainn féin – cineálacha éagsúla di – atá an buntáiste i dtaobh an iaidín agus ní san fharraige féin. Luann siad staidéir a rinneadh ar leibhéil iaidín ar oileáin Madeira agus na hAsóir agus ar an mórthír sa Phortaingéil mar thacaíocht bhreise lena dtuairim. Bhí níos mó iaidín ag na daoine sa Phortaingéil d’ainneoin na daoine ar an dá oileán a bheith timpeallaithe ag an bhfarraige. Ach níl aon fhásra maith feamainne ar chóstaí na n-oileán sin.

Deirtear sa tuarascáil seo go bhféadfadh laige inchinne agus intinne a bheith ar ghasúir a shaolaítear do mháithreacha atá íseal ar iaidín.  Tá an méid sin cruthaithe go láidir cheana, a dúradh.  Ní féidir a leithéid d’éalaing a leigheas níos deireanaí, a deir na saineolaithe.  Dá réir sin, ba cheart a chinntiú go bhfaigheann máithreacha a ndóthain iaidín, a deirtear.

Thairis feamainn, deirtear sa tuarascáil go bhfuil bainne na bó ar an mbeatha is fearr leis an leibhéal iaidín sa gcolainn a threisiú.  Ach deirtear freisin gur cheart go mbeadh socrú sa tír seo go gcuirfí iaidín sa salann sa gcaoi agus go mbeadh leibhéil mhaithe dó ar fáil go forleathan.  Déantar é seo i gcuimse tíortha ar fud an domhain ach tá muidne agus an Bhreatain ar dhá áit nach bhfuil an córas sin i bhfeidhm iontu.

Dúirt an Dochtúir Micheál Ó Cathasaigh i gCarna go raibh áthas air a bheith gníomhach sa staidéar seo.  “Tá na torthaí spéisiúil agus tábhachtach. Léiríonn na torthaí gur cheart díriú go láidir ar cheist an iaidín sa mbeatha,” a deir Ó Cathasaigh.  Maidir leis an bhfeamainn, dúirt an Dochtúir Ó Cathasaigh gur léir go bhfuil buntáistí maithe ag baint le cósta iarthar Chonamara – agus áiteanna mar é – ó thaobh an iaidín de. 

Fág freagra ar 'Bíodh an fheamainn acu! Buntáiste sláinte ag gasúir Chonamara – taighde nua'