‘Billiún sa tseachtain a chaitear ar riaradh an Stáit, 5 mhilliún a chosnódh an Straitéis teanga’ – Ó Cuív

Cáineadh láidir déanta ag an bhfreasúra sa Dáil inné ar chur chuige an Rialtais maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. FF agus FG cáinte ag Ó Snodaigh

Screen Shot 2015-03-11 at 16.47.31

Rinneadh cáineadh láidir sa Dáil inné ar láimhseáil Straitéis 20 Bliain na Gaeilge ag an Rialtas.

Ag caint dó sa Dáil, dúirt an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív gur ceann de bhunchlocha na Straitéise is ea go gceapfaí Aire Sinsearach le bheith freagrach as gnóthaí Gaeltachta. Ní hamháin gur cheap an Taoiseach Aire Sóisearach, a dúirt Ó Cuív, ach rinne sé ceapachán dá leithéid faoi dhó, rud a léirigh “easpa tuisceana” agus “easpa measa” an Taoisigh.

“Má thoghtar sinn arís”, a dúirt sé, “cuirfear sin ina cheart”.

Anuas air sin, tar éis gur mhol Ó Cuív iarrachtaí pearsanta an Aire tabhairt faoi fhoghlaim na teanga, dúirt sé nach n-aontaíonn sé leis an gcinneadh duine nach bhfuil cumas sa teanga aige a thoghadh ina Aire Gaeltachta.

Mheabhraigh Ó Cuív gurb é an tAire Sinsearach a dhéanann na cinnithe móra nuair a bhíonn buiséid á socrú.

Ag tagairt go sonrach don phleanáil teanga, dúirt an Teachta Dála Ó Cuív nach bhfuil aon airgead curtha ar fáil di mar is ceart agus go bhfuil “cleasaíocht” ar bun ina taobh.

Ba é nádúr “na cleasaíochta” sin go raibh airgead á bhaint de cheannteidil a bhain le pleanáil teanga agus á chur i dtreo Roinn na Gaeltachta, a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuiltear ag iarraidh ar na pobail Ghaeltachta an straitéis a chur i bhfeidhm go háitiúil as a stuaim féin cé nach bhfuil dóthain airgid ná dóthain tacaíochta acu chun an méid sin a dhéanamh.

Is é bun agus barr an scéil nach bhfuil an straitéis á cur i bhfeidhm ag an Rialtas, a dúirt Ó Cuív; “tá sé sin dubh agus bán má léitear an straitéis”.

Dúirt sé nach bhfuil aon mhaith a bheith ag iarraidh “an dubh a chur ar an mbán orainn” agus gur léir “nach bhfuil aon chuid di á cur i bhfeidhm”.

Mhínigh an Teachta Dála gur theastaigh “toil” le haghaidh cuid den straitéis a chur i bhfeidhm agus “airgead” le haghaidh an chuid eile, ach “níl ceachtar acu ar fáil”, a dúirt sé.

“Abair go raibh poll i ndíon na hiarsmalainne agus go raibh scrios á dhéanamh ar na séadchomharthaí is luachmhaire dá bhfuil againn. An ngeofaí trí nó ceithre mhilliún le caoi a chur air? Gheofaí, agus an ceart.”

Dúirt Ó Cuív nach mbeadh cainteoirí dúchais Gaeilge ar fáil sa Ghaeltacht mura ndéanfaí beart láithreach.

“An gcaithfimid a bheith ag brath ar íobairtí daoine i gcónaí nó an bhfuilimid sásta na moltaí fónta sa straitéis a chur i bhfeidhm,”a d’fhiafraigh sé.

Dúirt sé go gcaitear billiún euro sa tseachtain ar riaradh an Stáit agus nach gcosnódh sé ach cúig mhilliún euro an Straitéis a chur i bhfeidhm.

“Ní bheadh se le háireamh suas ná síos sa Roinn Coimirce Sóisialta, mar shampla.

“Níl aon mhaith bheith ag rá linn – mar atá an Rialtas seo ag rá le ceithre bliana – go gcaithfimid fanacht go dtiocfaidh borradh ar an eacnamaíocht. Má fhanaimid rófhada, beidh dochar nach féidir a chur ó dhonas déanta”, a dúirt sé, agus beidh “ceann de na seoda is luachmhaire” atá againn “caillte againn”.

D’achainigh an Teacht Dála ar an Rialtas an Straitéis a chur i bhfeidhm ina hiomláine.

29/1/2014. Sinn Fein Political Reforms

“Nuair a shocraigh muid an straitéis, ní biachlár a bhí ann ach rud ba cheart a chur i bhfeidhm go hiomlán. Agus dá ndéanfadh sibh é sin, bheadh sibh ag taispeáint an ómóis is fearr a d’fhéadfadh sibh do laochra 1916,” a dúirt sé.

An Teachta Dála Aongus Ó Snodaigh a labhair i ndiaidh Uí Chuív.

Tharraing Ó Snodaigh ar chaint a thug an tOllamh Seán Ó Coileáin ag Scoil Merriman i mbliana a léirigh gur ar athbheochan a chuirtí béim tráth dá raibh ach go rabhthas anois ag caint ar ‘tarrtháil’ na teanga seachas a hathbheochan.

Dúirt sé nach léir dó go mbeidh aon mhórobair déanta ag an Rialtas ó thaobh tharrtháil na teanga de agus nach raibh tada idir iad féin agus Fianna Fáil sa mhéid is go bhfuil teipthe ar Fhianna Fáil an teanga a chaomhnú ó bunaíodh an Stát.

Dúirt sé nach bhfuil aon fuadar ná deifir faoin Rialtas an Straitéis a chur i bhfeidhm d’fhonn an teanga a shábháil. Dúirt sé nach raibh “spriocdháta” ná “acmhainní” ann. Thagair sé don athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a fógraíodh i mí na Samhna 2011. In ainneoin gur Márta 2011 atá anois ann, dúirt sé nach bhfuil tada déanta ag an Rialtas de réir an athbhreithnithe sin.

Ag troid ar son cearta teanga a bhí sé féin agus a mhuintir ó bhí sé ina gharsún, a dúirt Ó Snodaigh. Ba léir dó go raibh is go bhfuil pobal bríomhar ann atá sásta troid, ach “níor chóir go mbeadh siad [ag troid] ag an staid seo”, a dúirt sé.

Ní bheadh sé féin ná a pháirtí sástá le haon mhaolú a dhéanfaí ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus dúirt sé go gcuirfidís suas dó dá ndéanfaí é.

Mhol an Teachta Dála Neamhspleách Maureen O’Sullivan gur cheart tosú sa chóras oideachais má táthar dáiríre faoin nGaeilge agus gur chóir gach bunscoil sa tír a bheith ina Gaelscoil don chéad trí nó ceithre bliana le gur féidir le páistí an teanga a thabhairt leo.

Níl grá ag daltaí don Ghaeilge faoi láthair, a dúirt sí, agus is gá í a dhéanamh beomhar. Mura ndéantar an méid sin, “ní fiú an páipéar a bhfuil sé scríofa air an straitéis”, a dúirt sí.

Anuas ar an méid sin, tharraing sí aird ar cheist na cáinte agus an gá atá le béasa i saol na teanga.

Dúirt sí go gceapann sí nach bhfuil dóthain measa ag cainteoirí líofa ar fhoghlaimeoirí agus ar lucht an chúpla focal ainneoin go ndéanannn siad a ndícheall an méid Gaeilge atá acu a labhairt.

Ar an gcaoi chéanna, dúirt sí nár aontaigh sí leis an méid a tharla don Teachta Dála Wallace níos luaithe tráthnóna inné sa Dáil, tráth a dhiúltaigh an Taoiseach é a fhreagairt i mBéarla.

Ag filleadh ar cheist na Straitéise, dúirt sí nach bhfuil sé ródhéanach an teanga a shábháil, ach d’aontaigh sí go raibh easpa fuadair agus deifre ag baint le hobair an Rialtais.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Joan Collins nach raibh sépractical or realistic to increase the number of daily speakers to 250,000 in 20 years”, mar atá leagtha síos sa Straitéis.

Bhí infheistíocht mhór ag teastáil chun go mairfeadh an teanga, a dúirt sí, ach bhí sí in amhras an raibh an toil pholaitiúil ann chuige ag leibhéal an Rialtais.

Má fhanann cúrsaí mar atá, níl aon ní cóir i ndán don Ghaeilge mar theanga bheo, a dúirt Joan Collins.

Mhaígh Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, go raibh dul chun cinn á dhéanamh ag an Rialtas maidir le feidhmiú na Straitéise agus luaigh sé go sonrach tús a bheith curtha leis an bpróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Níos luaithe sa lá, sa Seanad, dúirt sé go raibh an Straitéis á cur i bhfeidhm “go córasach” agus gur “de réir a chéile a thógtar na caisleáin”.

 

Fág freagra ar '‘Billiún sa tseachtain a chaitear ar riaradh an Stáit, 5 mhilliún a chosnódh an Straitéis teanga’ – Ó Cuív'