Bille nua seolta ag Tóibín le haghaidh comharthaí bóthair

Pingin rua ní chosnódh sé ar an Rialtas Acht a dhéanamh den Bhille seo, a deir Tóibín

7/2/2014. Sinn Fein Ard Fheis

Tá bille nua a éilíonn go mbeadh comhionannas ag an nGaeilge agus ag an mBéarla ar chomharthaí bóthair na tíre foilsithe ag Sinn Féin. Dá nglacfaí leis an mBille a cuireadh i láthair na Dála le linn am príobháideach na dTeachtaí, bheadh an téacs Gaeilge agus an ceann Béarla ar aon mhéid agus is don leagan Gaeilge a thabharfaí tús áite, os cionn an leagain Béarla.

D’iarr Peadar Tóibín, TD (SF) ar an Aire Iompair Paschal Donohoe gan meon diúltach a bheith acu i leith an Bhille nua seo ach triall air le haigne oscailte. Dúirt sé go dtabharfadh sé deis don Rialtas rud dearfach a dhéanamh ar son na teanga agus nach mbeadh costas ar bith ag baint le cur i bhfeidhm na Bille.

“Ní rud nua é seo. Sna tíortha dátheangacha eile, úsáidtear comharthaí bóthair leis an gcló ar an méid chéanna. Seo mar a bhíonn san Fhionlainn, sa Bhreatain Bheag, san Albain, sa Bheilg agus i gCeanada,” a dúirt an Teachta Dála Tóibín.

Mhol Conradh na Gaeilge go ndéanfaí idirdhealú ar an dá theanga trí dhathanna difriúla a úsáid. Cuireadh an moladh sin san áireamh agus an Bille seo á dhréachtú.

“Féadtar an téacs Gaeilge a aithint ón téacs Béarla trí dhath ar leith a chuir air,” a scríobhadh.

Rinne an tAire Iompair, Paschal Donohoe, cinneadh a réamhtheachta, Leo Varadkar, go gcrochfaí comharthaí bóthair nua a chuirfeadh an Ghaeilge agus an Béarla ar comhchéim, a chur ar ceal. Dúirt urlabhraí ón Roinn Iompair gur “sábháilteacht” ar bhóithre seachas cúrsaí teanga ba chúis leis an gcinneadh.

Cháin an Teachta Tóibín beartais an rialtais i leith na Gaeilge le linn a óráide inniu. Dúirt sé gur scéim na lucky bags a cuireadh in áit scéim labhairt na Gaeilge.

“Bliain i ndiaidh bliana, tá stádas na teanga ag ísliú de bharr pholasaí an rialtais. Ní raibh an rialtas sásta Aire le Gaeilge a roghnú; ní raibh an rialtas sásta Gaeilge a bheith lárnach i gComóradh 1916; ní raibh siad sásta fáil réidh leis an maolú teanga san Eoraip.

“Scrios an rialtas scéim labhairt na Gaeilge agus chuir siad scéim na lucky bags ina áit. Scrios an rialtas an daonlathas a bhí ag baint le hÚdarás na Gaeltachta agus scrios siad buiséad an Údaráis freisin,” a dúirt Tóibín.

Fág freagra ar 'Bille nua seolta ag Tóibín le haghaidh comharthaí bóthair'