Bicíní nua do theas an tsamhraidh cois trá

Chuaigh ár gcomhfhreagraí ag siopadóireacht do chultacha snámha agus í ag smaoineamh ar shaoire an tsamhraidh

Bicíní nua do theas an tsamhraidh cois trá

Anois, agus muid i gcroílár an tsamhraidh, tá sé thar am a bheith cinnte go bhfuil culaith shnámha dheas againn atá faiseanta agus compordach. Beidh ceann ag teastáil don lá cois trá sa mbaile nó don linn snámha thar sáile faoi theas na gréine. Tá roghanna iontacha le fáil do mhná faoi láthair, iad saor go maith pé acu culaith shnámha aon phíosa nó bicíní is fearr leat. Seo bailiúchán beag de na cinn gur thug mé suntas dóibh agus a chuirfidh fonn saoire agus gréine ar dhuine ar bith.

Culaith shnámha ar a dtugtar ‘Clean Cross Back Mono Stripe’ ó ASOS ar €29.73

Margadh maith í an chulaith shnámha seo ar a bhfuil patrún stríocach agus a chuirfidh cuma na háilleachta ar dhuine ar bith.

Bicíní ar a dtugtar ‘striped bandeau’ ó Mango ar €38.90

Stríocaí sa bpatrún seo chomh maith ach an uair seo i mbicíní álainn ó Mango a bheadh iontach don té atá ag lorg dath na gréine gan aon stríocaí bána a bheith fágtha ort.

‘High Neck Bikini’ ó Topshop ar €13.00

Tá an muineál ard atá ar an mbicíní seo go mór sa bhfaisean faoi láthair agus gan air ach €13.00. Taitníonn an dath álainn gorm go mór liom.

An ‘Crinkle Bardot’ a thugtar ar an gculaith shnámha seo ó Hunza G ar €135.13

Don té go bhfuil neart airgid le caitheamh aici an ceann seo. Taitníonn an t-éadach atá ann go mór liom agus é lán le filltíní. Tá an gearradh go hálainn agus dath deas dearg air. Is féidir táirgí Hunza G a cheannach ó ASOS.

Bicíní eile ar an stíl bandeau agus iallacha mar cheangal air. Le fáil faoin ainm Delphi Tropical Leaf ó Boohoo ar €20.00

An patrún álainn trópaiceach a tharraing mo shúil ar dtús ar an mbicíní seo ó Boohoo. Tá an iallacha an cheangail fíordheas agus an-fhaiseanta faoi láthair.

‘Scallop Bikini’ le muineál ard ó Missguided ar €29.73

An dath buí agus an dearadh deas atá bunaithe ar mhuiríní is mó a thaitin liom féin faoin gceann seo. Seo é mo rogha féin an samhradh seo.

Fág freagra ar 'Bicíní nua do theas an tsamhraidh cois trá'