Bhuaigh mé duais ag Oireachtas Uladh i 1986, ach ní raibh istigh ach triúr againn!

Sa tsraith seo, ceistítear roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le hOireachtas na nGael. An geábh seo, Ailbhe Ó Monacháin, tuairisceoir san iarthuaisceart ag Nuacht RTÉ/TG4

Bhuaigh mé duais ag Oireachtas Uladh i 1986, ach ní raibh istigh ach triúr againn!

1. Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Bhíodh caint ar An Oireachtas sa teach ó bhí mé i mo ghasúr. Bhí suim riamh ag mo mhuintir sna hamhráin agus theagasc siad na hamhráin dúinn.

Tá mearchuimhní agam ar go leor Oireachtas, ach ní shílim gur thuig mé an fhéile i gceart go dtí go dtáinig sí go Gaoth Dobhair i 1980. Sin an bhliain a bhuaigh Tomás Ó Neachtain as An Spidéal Corn Uí Riada. An chéad iomaitheoir riamh a chonaic mé a d’iarr suí ar stól ard! Ach sheas an stól go maith dó lena Chasaideach Bán, Sceilpín Droighneach, Píopa Aindí Mhóir, srl

Bhíodh ‘moltóireacht eisiach, ar an imeall’ sa teach s’againne riamh! B’in an chéad uair a chonaic mé Máirtín Tom Sheáinín le mo shúile cinn – agus cóta básta gorm veilbhite air! Agus an chéad uair riamh a chuala mé na focail Muiceanach Idir Dhá Sháile !

Cuimhne eile, gur bhuaigh mé an duais ag Oireachtas Uladh i 1986, ach ní raibh istigh ach triúr againn!

2. An rud is fearr faoin Oireachtas:

An comhluadar, an ceol, na hamhráin, seanchairde agus cairde úra. Is é an t-aon ollchruinniú sa domhan é a bhfuil ’fhios agat go bhfuil do theanga dhúchais ag achan duine ..

3. An rud is measa faoin Oireachtas ……..

An comórtas STEIP. Tá dúil mhór agam sa damhsa ar an tsean-nós, ach tá’s ag achan duine go bhfuil an comórtas seo ag tarraingt cuid mhaith iomaitheoirí, a gclann is a gcairde nach spéis leo an Ghaeilge. Is daoine deasa iad agus aithne phearsanta agam ar chuid acu, is cairde liom cuid acu a chastar orm ag féilte ceoil Béarla ar fud na tíre, ach ní scéal rúin é nach bhfuil rún acu an teanga a fhoghlaim. Oireachtas na Gaeilge.

4. Cill Airne arís?

Tá an tOireachtas rófhada ó bhaile ó go leor daoine rómhinic. Cosnaíonn sé airgead ollmhór ar theaghlaigh dul chomh fada sin chomh minic. Ní leithscéal ar bith é nach bhfuil ionad/óstáin/baile ar bith eile in Éirinn a ghlacfadh an tOireachtas agus an eacnamaíocht a théann leis. Tá bliain iomlán ann leis an ócáid a eagrú. Bíonn Fleadh Cheoil na hÉireann i mbailte a bheadh breá fóirsteanach don Oireachtas.

5. Comhairle don té atá ag freastal ar a chéad Oireachtas

Cuir téacs as lár Chill Airne an bhfuil sé sábháilte dul isteach chuig an Ghleneagle..

Buail isteach oíche Chéadaoin agus éalaigh amach go sleabhcánta maidin Dé hAoine i ndiaidh am bricfeasta! Agus déan cinnte ceacht Hiúdaí ar TnaG blianta ó shin a ghlacadh – ól neart ‘milk-shakes’!

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Club na Féile gan amhras ach coinnigh súil ghéar ar Aip Chorn Uí Riada do na hiomaitheoirí is fearr agus ar an rabharta ‘sneaip-tsceaitanna’ ón halla!

7. Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Chuirfinn  deireadh le STEIP. Bhogfainn cuid de na himeachtaí chuig ionaid eile thart ar an bhaile, sa dóigh go mbeadh a fhios ag an phobal uilig go raibh an tOireachtas ann.

8. Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Na hamhráin sna coirnéil bheaga agus seisiún maith ceoil thall is abhus. An chraic agus an ceol. Agus….. b’fhéidir díospóireacht shláintiúil ag 7 a chlog ar maidin nuair is gá fios a chur ar chúpla fear mór slándála as Oirthear na hEorpa le tarrtháil a thabhairt ar Fheidhlimí Tharlaigh Chnagadáin ó Mheitheal Pleanála Teanga Iardheisceart Iompainn atá sáinnithe i ngreim smiolgadáin ag Micil Chóilín Neainsín na Creige – cisteoir Thogra Pobail Chruach na Caoile Thoir, a mhaíonn go bhfuil difríocht €120 níos mó sa mhaoiniú a fuair na Conallaigh! Stuif as na scannáin! Cá bhfaighfeá a leithéid?!

9. Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Féach 5 thuas!

10. Cérbh é an tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Cathair na Mart  2007: Lár-iarthar tíre. Áisiúil do chách. Is cuimhin liom gur sin an bhliain a sheol Liam Mac Con Iomaire beathaisnéis Sheosaimh Uí Éanaí : “Nár fhagha mé bás choíche’…. Bhí an baile, na hionaid, an ceol sna tábhairní áitiúla, muintir na háite agus comhluadar suáilceach na nGael ar fheabhas! Ainneoin go raibh mé ag tuairisciú nuaíochta ón fhéile, thug mé mo bhreis bheag isteach i ndiaidh na hoibre…..agus b’in an bhliain a mhóidigh mé go ndéanfainn mo dhícheall gan bheith ag obair a choíche arís ‘go hoifigiúil’ ag an Oireachtas!

Bainigí sult as Cill Airne 2017!

Fág freagra ar 'Bhuaigh mé duais ag Oireachtas Uladh i 1986, ach ní raibh istigh ach triúr againn!'