Bhíos i bhfad níos dáiríre faoin saol nuair a bhíos níos óige. Anois is cuma sa tsioc liom…

Fiche bliain ag meath, agus fiche bliain ag baint lá as? Níor cheart go mbeadh aon argóint nó teannas nó coimhlint ann maidir le haoiseachas agus le hóigeachas, a deir ár gcolúnaí

Cá stopann an t-óigeachas agus cá dtosaíonn an t-aoiseachas? Éinne? Ceist nach bhfuil freagra uirthi, dar liom? Freagra cruinn, ceart ar aon nós. Tá an seanráiteas go huile is go hiomlán as dáta. Nó an bhfuil?

                                 ‘Fiche bliain ag fás,

                            Fiche bliain faoi bhláth,

                            Fiche bliain ag meath

                            Agus fiche bliain gur cuma tú a bheith ann nó as.’

Téann sé sin siar go dtí na meánaoiseanna nuair ba é daichead ionchas saoil formhór mór de dhaonra an domhain. B’fhéidir gurbh é an grúpa is mó a fhulaingíonn éagóir sa rann thuas, áfach ná an grúpa atá san aoisghrúpa 40 – 60, an grúpa atá ‘ag meath’ más fíor. Agus bheadh sé deacair a chreidiúint freisin ‘gur cuma ann  nó as’ an grúpa san aoisghrúpa 60 – 80. Is liosta le háireamh iad na daoine san aoisghrúpa sin atá fós gnóthach i gcúrsaí spóirt, i gcúrsaí polaitíochta, i gcúrsaí gnó, i gcúrsaí craoltóireachta, i gcúrsaí ceoil agus i gcúrsaí éagsúla eile. Mar shampla amháin tá gach aon bhall den ghrúpa ceoil na Rolling Stones san aoisghrúpa sin agus iad fós ag racáil leo.

Mar sin, cad faoi an rann a athscríobh mar seo ionas go mbeadh sé oiriúnach do riachtanais an tsaoil nua-aimseartha?

                            ‘Fiche bliain ag fás,

                             Fiche bliain faoi bhláth,

                             Fiche bliain faoi rath,

                             Fiche bliain ag meath

                             Agus fiche bliain ag baint lá as.’

Tá sé sin níos fearr, nach bhfuil! Ar ndóigh, tá líon na ndaoine a shroicheann an t-aoisghrúpa 100 – 120 ag méadú in aghaidh na bliana ach fágfaidh mé faoi dhuine éigin a thiocfaidh i mo dhiaidh an líne bhreise úd dóibh siúd a cheapadh i bhfad tar éis domsa Tír na mBeo a fhágáil i mo dhiaidh.

Dá gcuirfeá ceist ar dhéagóirí an lae inniu cá stopann aois na hóige is cinnte nach rachaidis thar 35. Dá gcuirfeá ceist ar sheanóirí cá dtosaíonn an tseanaois is cinnte nach rachaidis níos faide siar ná 65.  Mar dhuine atá fós idir 35 – 65 raghaidh mé sa tseans agus déarfaidh mé go  mbeadh sé réasúnta a rá (tá súil agam!) go stopann an óige ag aois 40 agus go dtosnaíonn an tseanaois ag aois 75. Idir eatarthu tá 35 bliain agus lear mór daoine meánaosta ag féachaint siar go doilíosach, cumhach ar mo nós féin agus ag féachaint rompu amach go critheaglach, doicheallach. Ná creid focal de!

Tuirsíonn an chaint seo faoi aoiseachas agus óigeachas mé, caithfidh mé a rá. Is duine mé a chreideann nár cheart go mbeadh deighilt ná teannas ná coimhlint idir óg agus sean. An dá mhar a chéile iad. Tá aithne agam ar lear mór daoine óga agus táid chomh sean leis na cnoic ina ndearcadh, ina n-intinn agus ina gcroí. Sa tslí chéanna tá aithne agam ar chuid mhaith seandaoine agus táid óg agus aislingeach agus leathanaigeanta i gcónaí agus ní luíonn meáchan na mblianta orthu in aon chor. Is cuimhin liom féin nuair a bhíos ag fás aníos go raibh na seandaoine, cuid mhaith acu, a bhí faram gach pioc chomh réabhlóideach agus chomh mór sin as a meabhair is a bhí an dream óg, nó chun tosaigh orthu fiú.

Ó mo thaobhsa féin de, tá súil agam go bhfuilimse ar an dul céanna leo. Bhíos i bhfad níos duairce agus níos dáiríre faoi chúrsaí an tsaoil nuair a bhíos níos óige. Anois is cuma sa tsioc liom. Foghlaimíonn tú ceachtanna crua, ceachtanna tábhachtacha ó thaithí na mblianta. Ceann de na ceachtanna sin ná go bhfuilimid go léir, idir óg agus aosta, ar an mbóthar céanna tríd an saol ó chliabhán go cróchar.

Staid intinne is ea an tseanaois. Staid intinne is ea an óige. An rud is tábhachtaí ná a bheith dílis do do chuid prionsabal féin, do shaol a chaitheamh de réir na gcaighdeán agus an tslat tomhais a leagann tú síos duit féin. A bheith dílis dod choinsias féin i gcónaí agus gan a bheith i do dhuilleog fheoite ag gach puth gaoithe a shéideann. Ar an ábhar sin, éirím tuirseach den lipéadú agus de dhaoine a bhíonn ag iarraidh ding a chur idir an óige agus an tseanaois. Níor cheart go dtarlódh a leithéid. Is breá liom féin comhluadar na n-óg. Is breá liom a gcuid fuinnimh agus a ndearcadh ionraic ar an saol. Is breá liom a ndóchas, a macántacht agus a n-easpa sainte agus caimiléireachta, tréithe nach bhfuil le feiceáil mórán i measc an aoisghrúpa lena mbainim féin, caithfidh mé a rá.

Bíonn trua agam dóibh freisin mar nach bhfuil na deiseanna ann dóibh a bhí ann dúinne nuair a bhíomar ag fás aníos. Agus táid céasta, cráite ag iarraidh spriocanna ró-arda a bhaint amach sa chóras oideachais le linn blianta an déagóra sa chaoi go gcailleann cuid mhaith acu na blianta is fearr dá saol agus is tragóid mhór í sin. Gan córas na bpointí, bhí i bhfad níos mó ama againne chun saol na hóige a bhlaiseadh agus i bhfad níos lú brú orainne nuair a bhíomar ag an aois chéanna leo.

Níor cheart go mbeadh aon argóint nó teannas nó coimhlint ann maidir le haoiseachas agus le hóigeachas. Ba cheart go mbeadh an dá fheiniméan seo ag freagairt dá chéile, ag tacú lena chéile agus ag comhoibriú lena chéile feadh na slí.

Fág freagra ar 'Bhíos i bhfad níos dáiríre faoin saol nuair a bhíos níos óige. Anois is cuma sa tsioc liom…'

  • Mise Áine

    @Ó mo thaobhsa féin de, tá súil agam go bhfuilimse ar an dul céanna leo

    Mise, freisin..:-)

    @Staid intinne is ea an tseanaois. Staid intinne is ea an óige.

    Aontaím.

    @ éirím tuirseach den lipéadú

    Mise, freisin!

  • MPat

    Tá aoiseachas cosúil le ciníochas, uaireanta.