‘Bhíos’ agus ‘bhí mé’ – foghlaimítear idir chanúint agus Chaighdeán

Ceiliúraimis na canúintí go léir is ná déanaidís deighilt eadrainn – mar is i dteannta a chéile is fearr sinn/muid/muinn…

‘Bhíos’ agus ‘bhí mé’ – foghlaimítear idir chanúint agus Chaighdeán

tipp ex

Ní mó ná sásta atá roinnt daoine leis An Caighdeán Oifigiúil nuafhoilsithe. Foirm tháite an bhriathair agus a laghad aitheantais atá tugtha di atá ag dó na geirbe acu. Ar ndóigh, ní le Cúige Mumhan amháin a bhaineann an fhoirm tháite den bhriathar ach fillfidh mé ar an gceist sin i gceann tamaillín. Sílim nár mhiste a rá ar an gcéad dul síos go bhfuil sé in am againn beagán soiléiriú (nó ‘beagán soiléirithe’) a fháil ar ról agus ar fheidmiú an Chaighdeáin, cathain ba cheart é a chur i bhfeidhm agus cén áit ar cheart é a chur i bhfeidhm. Má tá daoine imníoch nach bhfuiltear ag tabhairt aitheantas do leaganacha áirithe atá acu féin sa chaint go nádúrtha, leomhfainnse a rá go mb’fhéidir go bhfuil an iomarca ómóis á thabhairt againn don Chaighdeán, bíodh is gur maith ann dó.

Ina dhiaidh sin féin, measaim gurbh olc an mhaise dúinn gan a admháil go bhfuil éiginnteacht áirithe ann i dtaobh seasamh leaganacha bailí canúnacha de bharr an Chaighdeáin chéanna agus go bhfuil sé in am treoirlínte a leagan síos faoi úsáid na leaganacha sin ar pár – go mór mór i scoileanna Gaeltachta agus i réimse an oideachais fré chéile. Bheadh idir fhoirmeacha briathartha agus leaganacha malartacha d’ainmfhocail (variants Uí Dhónaill) i gceist leis an méid sin agus é curtha in iúl go mbeidís-sean ar comhchéim le haon fhoirmeacha caighdeánacha atá ann, ach soiléiriú a bheith déanta ar an gcomhthéacs a bhainfeadh leo.

Go deimhin féin, ba mhaith an t-am é seo le cur leis na treoirlínte atá déanta cheana ag Dónall P. Ó Baoill agus a chomhscoláirí, ‘Caighdeán Cúng agus Caighdeán Leathan’, ach cur leo sa tslí is go gcumhdófaí na réimsí thuas. Ós rud é gur i dtaobh leis an ‘oifigiúlacht’ atáimid sna cúrsaí seo, déarfainnse go bhfuil sé in am beannacht oifigiúil, údarásach a thabhairt do na treoirlínte sin anois.

Mholfainn freisin gur cainteoirí dúchais Gaeltachta atá oilte ar an gceird a chuideodh le cur leo más gá athchuairt a thabhairt orthu. Beannacht na hoifigiúlachta a fháil dóibh i scoileanna Gaeltachta, i nGaelscoileanna agus in Ollscoileanna an gad is giorra do scornach an údair seo – agus comhionannas idir caighdeán agus canúint a bheith á bhaint amach dá réir.

Tá sé léirithe cheana ag foireann Raidió na Gaeltachta agus ag foireann nuachta TG4 gur féidir a leithéid a dhéanamh ach daoine oilte a bhfuil ciall acu a bheith bainteach leis an gceird.

Má dhéanaimid an méid sin, b’fhéidir go n-éireodh linn cuid de na leaganacha breátha canúnacha atá againn thuaidh, thiar agus theas a chaomhnú agus comhionannas a bhaint amach dóibh, óir samhlaítear stádas níos ísle a bheith ag roinnt leo nuair nach dtugtar aitheantas oifigiúil dóibh.

Gné lárnach den chaomhnú sin is ea amhráin agus scéalta béaloidis a mhúineadh an athuair agus modúl den chineál sin a bheith mar chuid de chúrsaí Gaeilge na tíre ar gach leibhéal.

Le filleadh ar cheist na foirme táite, áfach, léiríonn an chaint ar fad ar ‘feall’ a bheith déanta ar Ghaeilge na Mumhan sa Chaighdeán nua gur beag atá a fhios againn faoi chanúintí a chéile agus gur gá cur leis an bhfoghlaim i gcónaí.

Is minic a chloisfeá an fhoirm tháite den bhriathar i gCúige Chonnacht agus ceist á freagairt; a leithéid seo ag beirt as Conamara, mar shampla: ‘An raibh tú amuigh aréir, a Mháirtín?’ ‘Bhíos’.

Nó é seo agam féin le máthair mo pháirtí le déanaí agus mé ag iompú ar Ghaeilge na háite: ‘Tá mise a dhul a bheith dána agus burger a bheith a’m.’

‘An bhfuilir?!’ ar sise liom.

Ní fhéadfainn a rá le fírinne gur chaitheas mórán ama i nDún na nGall, ach thugas suntas don sampla seo ag Dónall P. Ó Baoill in ‘An Teanga Bheo’ (Gaeilge Dhún na nGall):

‘An [n-]ólfaidh tú tae?’ ‘Ólfad’. 

Tabhair cúpla lá ar oileáin Árann agus cloisfidh tú meascán den dá chóras – foirm tháite is foirm scartha – ag muintir na n-oileán, go mór mór in Inis Oírr, áit a dtáinig Gaeilge na ndaoine faoi anáil Ghaeilge Chontae an Chláir, canúint a mhair go dtí deireadh na ndaicheadaí seo caite agus a raibh idir thréithe Muimhneacha agus tréithe Connachtacha ag roinnt léi.

An chanúint bheo is cóngaraí do Ghaeilge úd an Chláir sa lá inniu ná Gaeilge na nDéise, mar a bhfaighidh duine corrshampla den fhoirm scartha sa chéad phearsa, uimhir iolra, agus amhráin an cheantair sin á scagadh aige (e.g. bhímíd = bhíoma[i]r, bhí muid) – rud a thagann salach ar nósmhaireacht na Mumhan i gcás na pearsa áirithe sin.

Os a choinne sin, chuala cara liom samplaí den fhoirm tháite sa chéad phearsa uimhir iolra ag seanathair a chéile (e.g. cheapama[i]r etc), cainteoir dúchais as an gCeathrú Rua.

Dá fhorleithne samplaí den dá fhoirm i ngach canúint, áfach, is í an fhoirm scartha atá in uachtar anois – go háirithe i measc cainteoirí óga – agus is i dtreise a rachaidh an scéal sin amach anseo. Mar seo thíos atá an córas ag cainteoirí óga i nGaeltacht Chonamara – agus cloisfir a leithéid seo ag cainteoirí breátha atá os cionn an dá scór agus go fiú os cionn an trí scór anois:

Bheadh mé (mise), bheadh tú (tusa), bheadh sé/sí, bheadh muid(e), bheadh sibh(se), bheadh siad(san).

Díol suntais do roinnt, b’fhéidir, an cruth atá ar an gcéad dá phearsa thuas, mar aon leis an bpearsa dheireanach, óir ní hiad atá ann go stairiúil sa chaint sa mhodh coinníollach i gConnachta theas. Ach is iad atá sioctha sa chaint thiar anois, a bheag nó a mhór. Samplaí eile a chloisimse ó lá go lá sa taobh seo tíre a léiríonn éabhlóid na cainte:  An mbíodh tú, ní thuigfeadh mise, thabharfadh siad, dhéanfadh tusa agus déanann mise.

Glactar leo seo go forleathan anois agus ar éigean a thugtar faoi deara iad, má thugtar in aon chor. Mar bharr ar mhiondifríochtaí canúna, is iad na leaganacha thuas a fhágann beagán cúthaileach mo leithéidse agus foirmeacha mar gheibhimísne (CO = d’fhaighimisne, caint Chonamara = “d’fhaigheadh muide”) á rá agam. Ná ní chloisfear leaganacha mar ní déarfainn ní dú[i]rt anseo timpeall ach oiread.

Is go fíordhrogallach, cuir i gcás, a d’fhiafróinnse de dhuine de mhuintir na háite ‘A’ n-imríteása leo sin?’ agus club áitiúil peile sa treis againn. Céard a bheadh aigesean ach ‘A’ mbíodh tú féin ag imirt leo sin?’  Is duine láidir an té a sheasfaidh leis na leaganacha sin agus gan faitíos air go ‘gceartófaí’ é, nó, nach dtuigfí é más aige amháin atá na leaganacha sin sa pharóiste ina bhfuil sé ag cur faoi. Is é seo an rud a mbaisteann sochtheangeolaithe ‘imní shóisialta’ air sa Ghaeilge Nua, ach tá imní faoi aineolas agus easpa tuisceana laistiar de chomh maith, ní áirím easpa glacadh (CO = easpa glactha).

Is chuige seo atáim: bíonn glacadh sóisialta lárnach sna cúrsaí seo agus déanfaidh daoine a gcuid féin den teanga ar shlí thar a bheith daonlathach, dár ndeoin nó dár n-ainneoin. Idir an dá linn, áfach, bímis ag foghlaim faoi chanúintí a chéile – mar a bhí is mar atá – agus cuirimis fáilte roimh an éagsúlacht.

Mar fhocal scoir, tá samplaí áirithe den fhoirm tháite cosctha ar an Muimhneach, ar an gConnachtach agus ar an Ultach araon, cé gur ar an té atá ag cur faoi in iarthar na Mumhan is mó a ghoillfidh an cosc seo. Ina dhiaidh sin is uile, ní gá don Chaighdeán a bheith ina mháistir ar éinne againn agus is féidir linn idir Chaighdeán agus Chanúint a fhoghlaim má thograímid é, ach treoirlínte soiléire a bheith leagtha síos don dá bheithíoch agus an dearcadh ceart a bheith againn chuige.

Cuimhnímis gur údar gairdis na canúintí beo Gaeilge nach bhfuil teora lena n-áilleacht ná lena saibhreas. Ceiliúraimis iad agus ná déanaidís deighilt eadrainn – tá an iomarca cneácha is créachtaí le cneasú againn mar atá agus is i dteannta a chéile is fearr sinn/muid/muinn.