‘Bhíodh na dineasáir ann, fadó fadó.’ ‘Nuair a bhí mise i mo bhabaí?’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Ní chuirfeadh sé aon iontas ar ár gcolúnaí dá dtarraingeodh an Cailín Mór Beag coinín bán, crúiscín bláthanna ildaite, agus cúntóir slachtmhar amach ón bpiliúir

‘Bhíodh na dineasáir ann, fadó fadó.’ ‘Nuair a bhí mise i mo bhabaí?’

‘Léifidh tú an ceann faoi na dineasáir anocht, Mamaí?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom, na súile móra uirthi agus cuma na ceiste curtha aici ar an ordú.

‘Ceapaim go bhfuil an leabhar sin imithe amú, faraor,’ a dúirt mé agus mé ag iarraidh an dóchas i mo ghlór a cheilt. Bhí rún agam an leabhar áirithe sin a chur i dtaisce nó go mbeadh siad féin in ann léamh agus cead acu féin ‘os cionn 1,000 fíric ‘spéisiúil’ faoi dhineasáir’ a léamh dá dtogróidís é.

‘Níl sé imithe Mamaí,’ a dúirt sí go beoga. Chuir sí a lámh isteach faoin bpiliúr go drámatúil. ‘Breathnaigh, tá sé a’m anseo,’ a d’fhógair sí agus áthas ina glór.

Ba gheall le cleas draíodóra é. An ceann sin ina dtarraingíonn sé scata colm geal amach as muinchille an tuxedo. Déarfá leat féin, an raibh na héanacha sin thuas ansin aige an t-achar seo ar fad?

Níl a fhios agam an é go bhfuil poll déanta i dtocht na leapan aici nó an é go bhfuil geata chuig domhan eile i bhfolach faoin bpiliúr, ach ní chuirfeadh sé aon iontas orm dá dtarraingeodh sí coinín bán, crúiscín bláthanna ildaite, agus cúntóir slachtmhar amach as tráthnóna éicint.

Bhreathnaigh mé le gráin agus briseadh croí ar an gclúdach. Cén tarraingt a bhí aici ar na dineasáir? An raibh orm iarracht a dhéanamh é a léamh? É a léamh os ard, atá mé ag rá. Ag deireadh an lae, like.

Thit mo chroí. Níorbh é an chéad uair aici an leabhar áirithe seo a roghnú. Níorbh é an dara huair é ach an oiread.  

‘Ó, cool!’ a dúirt sí agus í tosaithe ag breathnú tríd an leabhar fad is a bhí mé ag iarraidh leithscéal éicint a chumadh sa gcaoi is nach mbeadh orm é a léamh arís. Nuair a theip orm, thóg mé an leabhar isteach i mo lámh is thosaigh ag léamh.

‘Bhí na dineasáir i gceannas ar an domhan idir 250 milliún agus 60 milliún bliain ó shin,’ a léigh mé.

‘Cá’l na dineasáir anois?’ a d’fhiafraigh sí díom. ‘Bhuel, níl siad le feiceáil níos mó,’ a mhínigh mé, ‘bhídís ann, fadó fadó.’

Ba léir nár thuig sí baileach céard a bhí i gceist agam le ‘fadó, fadó’.

‘Ar nós nuair a bhí mise i mo bhabaí?’ a d’fhiafraigh sí díom ansin.

‘Ní hea,’ a dúirt mé, ‘níos faide siar arís.’

‘Nuair a bhí tusa i do bhabaí?’ a d’fhiafraigh sí díom ansin.

Fág freagra ar '‘Bhíodh na dineasáir ann, fadó fadó.’ ‘Nuair a bhí mise i mo bhabaí?’'