Bhíodh blas ní ba mhilse ar an deoch Aoine Chéasta ná lá ar bith eile den bhliain…

Ag tochas ar a gceirtlín féin atá na tábhairneoirí maidir le cead a fháil ól a dhíol Aoine an Chéasta, ach tá bunús lena n-argóint…

Pints pub taps beer

Bhí tábhairneoirí ar a mbionda le tamall ag iarraidh ar an rialtas cead a thabhairt dóibh ól a dhíol Aoine an Chéasta.

Níor thuig siad, a dúirt siad, cén fáth a gcaithfidís na pubanna a choinneáil dúnta an lá sin.

B’fhacthas dóibh go raibh cúiseanna níos mó ná riamh ann i mbliana le go bhfágfaí oscailte iad. Bheadh cluiche mór sacair i mBaile Átha Cliath. Bheadh searmanais cuimhneacháin Éirí Amach 1916 faoi lán seoil.

Ba é a bpaidir gur bhocht an cás é dá mbeadh na sluaite ag fálróid ar fud na cathrach agus gan deis acu fliuchadh a mbéil a fháil go dleathach i dteach tábhairne ar bith.

Ag tochas ar a gceirtlín féin a bhí siad, ar ndóigh, ach bhí bunús lena n-argóint.

Má bhí, is go raibh, níor ghéill an tAire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald, ná an rialtas, cé gur thug sí le tuiscint go mb’fhéidir go dtiocfadh athrú ar an dlí i reachtaíocht ólacháin nua atá le tabhairt isteach am eicínt amach anseo.

Sa mbliain 1927 a reachtaíodh i dtosach go gcaithfí na tithe tábhairne a dhúnadh Aoine an Chéasta. Lucht an tSaorstáit a bhí i gcumhacht agus iad go mór faoi thionchar na hEaglaise Caitlicí.

Dá mbeadh gan Eaglais Chaitliceach ar bith ann bhí na ceannairí a bhí orthu coimeádach ó nádúr, ó oiliúint agus ó chúlra aicmeach.

Ní raibh duine ar bith acu ní ba choimeádaí ná an tAire Dlí agus Cirt a bhí ann ag an am, Caoimhín Ó hUigín.

D’admhaigh sé féin go mba dhuine é “of the most conservative-minded revolutionaries that ever put through a successful revolution”.

Bhí dlí eile i bhfeidhm ar feadh blianta freisin arbh é an toradh a bhí air gur cruthaíodh custaiméir ar a dtugtaí an ‘bona fide traveller’. D’fhéadfadh tábhairneoir deoch a thabhairt do dhuine a mbeadh méid áirithe mílte taistil curtha de aige le theacht chomh fada leis an teach tábhairne.

Córas a bhí anseo a tharraing cuid mhaith cainte agus fonóide. Cumadh amhráin faoi.

Is cuimhin liom ceann a chum Veail Ó Donncha as an mbaile is gaire dhom faoi argóint a tharla idir é féin agus Garda i dtaobh an scéil i dteach tábhairne.

Ba mhinic a dhéanadh an scríbhneoir Myles na gCopaleen tagairt don dlí seo é féin.

Bhí dlí ólacháin eile ann fós: go gcaithfeadh na pubanna dúnadh idir a dó a chlog agus a ceathair a chlog tráthnóna.

Spreagadh a bheadh ann, b’fhéidir, do dhaoine le dhul abhaile tar éis dóibh bleánach a ól tús an lae, cé gur léigh mé uair amháin dá mbeifeá istigh ag a dó go bhfágfaí istigh tú.

De réir an chuntais seo, ba iad na daoine a bheadh ag iarraidh a theacht isteach ag a dó a chaithfí a choinneáil amuigh go dtí an ceathair.

Maidir le hAoine Chéasta bhíodh blas ní ba mhilse ar an deoch an lá sin ná a bheadh lá ar bith eile den bhliain.

Sin nó ba é an diabhal a bhí ag sporadh na ndaoine.

Is cuimhin liom féin a bheith ag teacht as Baile Átha Cliath Aoine an Chéasta amháin agus Piaras Ó Gaora as Ros Muc in éineacht liom sa gcarr. Fear a bhí in Piaras nach ndiúltódh do dheoch Domhnach ná dálach.

Ag teacht trí shráidbhaile i lár tíre a bhí muid nuair a mheas sé go raibh sé thar am a dhul ag cuartú ionad dí.

‘Ón ngimp atá ar an bhfear seo romhainn ar an gcosán,’ arsa Piaras go húdarásach, ‘déarfainn gur boc é a mbeadh fonn air féin scalach pórtair a chur faoin mbeilt.’

Stop muid.

‘An mbeadh aon seans deoch a fháil ar an mbaile seo an lá beannaithe atá ann?’ arsa mise.

‘Tuige nach mbeadh?’ ar seisean. ‘Síosaigí libh go dtí an pub atá díreach le taobh bheairic na bpóilíní agus ní chuirfear ó dhoras sibh.’

B’fhíor dó. Bhí sé ina Phléaráca na Ruarcach istigh.

Cibé uair a n-éireoidh leis an bhfeachtas atá ar bun anois beidh neart díospóireachta sna tithe tábhairne Aoine an Chéasta. Bí cinnte go mbeidh corrdhuine anseo agus ansiúd a mbeidh tuiscint ar an stair acu agus a tharraingeos anuas scéal Chaoimhín Uí Uigín.

Dhá mhí tar éis dó dlí an ólacháin a chur tríd an Dáil feallmharaíodh é. Ag dul chuig an Aifreann a bhí sé.

Tharraing a bhás sárú fíochmhar sa Dáil. Dúirt lucht an tSaorstáit gur bheag trua a bhí ag Fianna Fáil dó, cé gur cháin siad an marú go poiblí.

Rógairí na bhfocal cam a thug na Státairí orthu.

Go leor den chaint a rinne siad fúthu sí an chaint chéanna beagnach a dhéanann Fianna Fáil faoi Shinn Féin inniu.

Sea agus gan náire ar bith orthu faoi.

Thug an rialtas an Public Safety Act isteach láithreach. Chaithfeadh chuile Theachta Dála an mionn dílseachta a thabhairt feasta sula gceadófaí dóibh suí sa Dáil.

Shíl an rialtas go gcuirfeadh seo De Valera i bponc. Is beag a thuig siad gur dhócha go raibh staidéar cuimsitheach déanta aigesean ar an straitéis ar a dtugtar ‘mental reservation’ sa Vatacáin—bréag nach bréag ar bith í!

‘Empty formula’, a thug De Valera ar an mionn a thug sé.

Thóg Teachtaí Fhianna Fáil a gcuid suíochán sa Dáil. Bhí gunnaí ina bpócaí ag cuid acu ag dul isteach an geata dhóibh.

Dá dtabharfaí gunna faoi deara i mbríste Gerry Adams nó i naprún Mhary Lou McDonnell inniu nach ag Eoghan Harris a bheadh an t-ábhar ailt le cur sa Sunday Independent.

Líon deoch eile ansin, a chomrádaí, as ucht Dé ort, tá mé spalptha leis an tart….

Fág freagra ar 'Bhíodh blas ní ba mhilse ar an deoch Aoine Chéasta ná lá ar bith eile den bhliain…'

  • alan

    Dar Príost! An-aiste scríobhneoireachta a bhain na gáirí geala asam. Nach mór an trú an duine a bhfuil dúil mhallaithe sa ndigh aige leis ar a shon sin? Teach tábhairne againn féin fadó agus an scrios a dhéanann deoch ar theaghlaigh feicthe agam go rímhinic. Deirtear go bhfuil an scéal amhlaidh inniu ach gur sa mbaile a bhítear ag ól anois.