Bhí tráth ann a raibh foirne na n-imirceach in ann cath a chur ar sheaimpíní sraithe na tíre seo…

Ba i bPáirc na nGael sa mBronx a himríodh formhór bhabhtaí ceannais na gcomórtas sraithe 1964 agus 1969

Pictir: INPHO/Donall Farmer
Pictir: INPHO/Donall Farmer

Cothrom am ama seo chuile bhliain agus Cluichí Ceannais na Sraithe Peile agus Iománaíochta ar leic na tairsí againn, tagann Nua-Eabhrac agus Páirc na nGael sa mBronx isteach i m’intinn.

Ba ansiúd a himríodh formhór bhabhtaí ceannais na gcomórtas sin sa bpeil agus san iomáint idir 1964 agus 1969 agus mé i mo dhéagóir. I gcás na hiománaíochta, bhí an bhliain 1970 i gceist freisin, cluiche a tharraing clampar go leor mar a fheicfeas sibh ar ball.

Ar ndóigh bhí rannpháirtíocht Nua-Eabhrac, a bhfuil an tSraith Peile buaite trí huaire acu, ag dul siar níos faide ná sin. Ba ar Pháirc an Chrócaigh i 1950 a bhuaigh siad an chéad cheann de na cluichí ceannais nuair a fuaireadar an ceann ab fhearr ar an gCábhán.

Ar an bhfoireann sin bhí Bill Carlos, duine de mhórpheileadóirí Ros Comáin a raibh Craobh na hÉireann buaite aige lena chontae dúchais i 1943 agus ’44,  sula ndeachaigh sé ar imirce agus Big Pat McAndrew as Maigh Eo a d’imir dóibh siúd in aghaidh an Chábháin i gCluiche Ceannais 1948.

Bhí os cionn 40,000 duine i láthair sna Polo Grounds i Manhattan nuair a himríodh Cluiche Ceananis na Sraithe Peile i gcéin don chéad uair i 1951. Bhuaigh an Mhí ar Nua-Eabhrac, mar a rinne Corcaigh an bhliain dar gcionn agus an imirt fillte ar Pháirc an Chrócaigh.

Glacadh sos taistil ansin go dtáinig na seascaidí agus an cluiche ceannais inar bhuaigh Ciarraí ar na himircigh i bPáirc an Chrócaigh i 1963. As sin go dtáinig an bhliain ’69, imríodh ceithre chluiche ceannais de chuid na Sraithe Peile ar Pháirc na nGael.

Ag an gCiarraíoch cáiliúil John Kerry O’ Donnell a bhí léas ar an áit sin idir 1941 agus 1991 agus ba mhinic cancar idir é agus lucht riartha an Chumainn Lúthchleas Gael i mBaile Átha Cliath.

Ar pháirc na himeartha, thug peileadóirí Nua-Eabhrac corn na sraithe leo i 1964 nuair a bhuaigh siad ar Áth Cliath agus trí bliana dar gcionn, tháinig ceann de na leatheanta ba mhó le rá i stair na peile thall nuair a fuaireadar an ceann ab fhearr ar fhoireann chaithréimeach ‘Trí Cinn as a Chéile’ na Gaillimhe i gCluiche Ceannais Sraithe 1967.

Bhí mac le John ‘Kerry’, Brendan O’ Donnell mar lántosach ar na foirne agus Jim Foley as an gCaol i gCiarraí, fear a thug seirbhís fhada do Nua-Eabhrac, mar a rinne a dheartháireacha Mick agus Jack. Bhí oiread cáile orthu siúd de bharr a ngaiscí thall agus a bhí ar chuid de na peileadóirí a bhuaigh 5 chraobh do Chiarraí i bPáirc an Chrócaigh ag an am.

Ba chóir a lua freisin, ar ndóigh, nach mba imircigh ar fad a bhí i gceist – ba i Nua-Eachrac a saolaíodh Brendan O’ Donnell agus ba amhlaidh don imreoir  lár páirce, Tommy Feighery, an peileadóir ab fhearr riamh de bhunadh na cathrach sin, dar le go leor.

Óna dtaobh siúd a rugadh sa tír seo, ba mhór le rá iad na deartháireacha Willie agus Peter Nolan as Uíbh Fhailí, Kenny agus Dermot Finn as Co. Lú, Brendan Tumulty as Cill Mhantáin agus Tommy Furlong as an Tulach Mhór.

Ba é Furlong a ghlacadh na ciceanna saora agus dha bhliain roimhe sin, in aghaidh na Gaillimhe freisin, bhí sé chomh foirfe gur thug na New York Giants conradh imeartha dó ag drannadh le deireadh an tséasúir. Cé nár imir sé i gcluiche comórtais riamh dóibh, bhí sé ag saothrú $200 sa tseachtain, ach sin scéal do lá eile.

Níor éirigh le Nua-Eabhrac an tSraith Náisiúnta Iománaíochta a bhuachan riamh ach chuaigh siad i bhfoisceacht buille amháin den sliotar dó i 1970 sa gcluiche atá luaite cheana agam.

Tuairim 12,000 duine a bhíodh in ann dul isteach go Páirc na nGael agus chun iomlán leasa a bhaint as an ócáid ó thaobh airgid agus le beagán fad a chur le cuairt na bhfoirne a théadh sall, bhíodh dhá chluiche i gceist i mbabhtaí ceannais na sraithe a himríodh thall.

Agus an chéad cheann acu sin imeartha i 1970 bhí tús trí chúilín ag Corcaigh ar Nua-Eabhrac. Cluiche crua ab ea é agus bhí imreoir as chaon taobh curtha den pháirc ag an réiteoir Clem Foley as Áth Cliath.

Bhí an dara cluiche chomh crua céanna. Bhí farasbarr aon chúilín amháin ag na himircigh nuair a chríochnaigh sin, ach ar ndóigh ní mba leor é leis an mbua a thabhairt dóibh agus an dá imirt curtha san áireamh. Ba ar Foley a hídíodh an díoltas. Agus é ag fágáil na páirce buaileadh go tútach é agus chaith an fear bocht tamall in ospidéal. 

Ba chóir a rá go mba aon nduine amháin a bhí freagrach as an eachtra cladhartha agus gur déistin a bhí ar mhórán chuile dhuine eile a chonaic an t-eachtra. Go deimhin ba ar bhás Foley dhá bhliain ó shin a tháinig mac leis ar chomhfhreagras a thug le fios gur íoc fear a bhí i láthair billí leighis an réiteora, rud a d’iarr sé a choinneáil faoi rún.

Deireadh ré ab ea an cluiche sin. Ceart go leor, d’fhill Cluiche Ceannais na Sraithe Náisiúnta Peile ar Nua-Eabhrac  i 1989 nuair a bhuaigh Corcaigh agus an cluiche ceannais iománaíochta (a bhuaigh Cill Chainnigh) an bhliain dar gcionn, ach bhí an tráth a raibh foirne na n-imirceach in ann cath a chur ar sheaimpíní sraithe na tíre seo imithe le fán.

Fág freagra ar 'Bhí tráth ann a raibh foirne na n-imirceach in ann cath a chur ar sheaimpíní sraithe na tíre seo…'