Bhí rialtas na Breataine sásta maoiniú a chur ar fáil don nuachtán Gaeilge Lá ar choinníoll amháin…

De réir tuairisce san Irish News ar maidin, rinne rúnaí Ghlór na nGael iarratas ar mhaoiniú ó rialtas na Breataine do Lá i 1985, ach léirigh oifigeach i Stormont amhras i dtaca leis an suíomh a bhí molta don nuachtán

Bhí rialtas na Breataine sásta maoiniú a chur ar fáil don nuachtán Gaeilge Lá ar choinníoll amháin…

Bhí rialtas na Breataine sásta maoiniú a chur ar fáil don nuachtán Gaeilge Feirsteach ar an gcoinníoll nach lonnófaí an nuachtán i Muillean Shráid Conway in iarthar Bhéal Feirste.

De réir tuairisce san Irish News ar maidin, rinne rúnaí Ghlór na nGael iarratas ar mhaoiniú ó rialtas na Breataine do Lá  i 1985, ach léirigh oifigeach i Stormont amhras i dtaca leis an bplean go lonnófaí an nuachtán sa Mhuilleann.

De réir cáipéisí stáit a scaoileadh le déanaí, thug an t-oifigeach le fios go raibh diúltaithe cheana féin ag rialtas na Breataine maoiniú a chur ar fáil do ghnóthaí eile sa Mhuileann toisc go rabhthas buartha faoi líomhaintí maidir le “paramilitary influences”. De réir tuairisc an lae inniu, d’iarr Pat Carvill ó Lár-Runaíocht Stormont ar Rúnaí Stáit an Tuaiscirt Tom King cinneadh a dhéanamh faoi iarratas ar mhaoiniú. Mheas an t-oifigeach nach raibh aon chúis ann go ndiúltófaí don iarratas, ach chuir sé ar a shúile do Tom King “that Sinn Féin has recently acquired a small number of shares in “.

Dúradh gur thug Máirtín Ó Muilleoir, a bhí ina chomhairleoir cathrach de chuid Shinn Féin ag an am, an t-eolas sin faoi na scaireanna go poiblí go gairid roimhe sin. Tá Ó Muilleoir, a cheannaigh tamall de bhlianta ina dhiaidh sin, anois ina Aire Airgeadais i Stormont.

Tuairiscítear gur thug oifigeach in Oifig Thuaisceart Éireann le fios d’airí rialtais i mí na Samhna 1985 gur dhiúltaigh rialtas na hÉireann d’iarratas eile ó ar chúinsí buiséid amháin. “The Irish government believe the paper is eminently worthy of support and they would see political advantage if HMG were able to provide some funds,” a dúirt an t-oifigeach, de réir na tuairisce ar an Irish News inniu.

I mí Eanáir 1986, dheimhnigh an Rúnaí Stáit Tom King go bhféadfaí maoiniú a cheadú do fad is nach mbeadh an nuachtán lonnaithe i Muileann Shráid Conway.

Bhí ina nuachtán seachtainiúil go dtí 2003 nuair a athsheoladh é mar nuachtán laethúil. Foilsíodh an t-eagrán deiridh de Lá Nua i mí na Nollag 2008.

Fág freagra ar 'Bhí rialtas na Breataine sásta maoiniú a chur ar fáil don nuachtán Gaeilge Lá ar choinníoll amháin…'

  • Fearn

    Cad é seo? Lá-leaks?

  • Concubhar

    Is ait liom go gcuirtear an oiread sin stór i dtaifid poiblí a scaoiltear amach ó am go chéile. An bhfuil aon amhras ar éinne go scríobhann stát seirbhísing a leithéid le cinntiú nach damnófar iad féin nuair a thugtar na taifid chun solais. Seo tuairisc i dTuairisc bunaithe ar a leithéid de thaifead. In ainneoin is go bhfuil na daoine go léir a d’oibrigh le Lá ag an am sin beo beathach níl aon leid gur chuaigh duine ar bith ó Tuairisc i dteagmháil leo nó liom (míneoidh mé ar ball). In áit sin is tuairisc é seo atá bunaithe ar thaobh amháin den scéal. Ní amháín sin ach ní h-é an cuid is mó den scéal é fiú agus tá roinnt de na sonraithe atá ann mí chruinn – mar shampla, bhíos ag obair leis an nuachtán nuair a d’iompaigh sé ó bheith ina nuachtán seachtainiúil go dtí nuachtán laethúil in athuair i 2003. 28 Aibreán 2003 le bheith beacht agus cruinn. Ní h-amhlaidh go ndéanfainn dearúd ar an dáta. De réir tuairisc Tuairisc áfach is i 2005 a d’iompaigh sé ina nuachtán laethúil. Ar ndoigh sin an rud a dúradh i Vicipéid – tá sé athruithe agamsa anois – agus cén mhaith ceist a chur ar phríomh fhoinse nuachta nó fíor iriseoireacht a dhéanamh nuair atá vicipéid ann? Ar ndoigh deirtear freisin i dtuairisc Tuairisc gur ansan a athraíodh a ainm go dtí Lá Nua. Níl seo cruinn ach an oiread – níor tharla sin go dtí 2007 mar thoradh ar chomórtas ar thairiscint chun foilseachán nuachta laethúil a d’eagraigh Foras Na Gaeilge a bhuaigh Lá i 2006. Arís is féidir na fíricí seo a sheiceáíl le foinsí a sheasfaidh leo go poiblí seachas bheith ag brath ar iriseoireacht Wikipedia – mar a dheineann go leor foilseacháin faoi lathair, ní Tuairisc amháin. Léiríonn tuairiscí mar seo go bhfuil easnamh mór in iriseoireacht na Gaeilge go fóill ó tháinig deireadh le ré órga na h-iriseoireachta Gaeilge agus anois sin fagtha le h-athchúrsáil leathbhacáilte ar sean scéalta gan tabhacht ó Tuairisc.ie.

    • Tuairisc .ie

      Go raibh maith agat, a Chonchubhair, a chara. Tá an dáta sin ag deireadh an scéil curtha ina cheart anois.

  • sean

    Ta cupla botun san alt toisc nach bhfuil saoi gan locht. Ach bionn fiuntas agus ardchailiocht ag baint le scealta nuachta ar Tuairsc.ie de ghnath.

  • Pól Ó Braoin

    Is deas an rud é go bhfágtar an seans ann do dhaoine eolasacha teacht isteach le ceartúcháin chuí ach tá ardmholadh tuillte ag Tuairisc mar sin féin. Marach Tuairisc ní bheadh nuacht ar bith i nGaeilge ann le léamh agam.