Bhí Peter Lawrie tugtha do Coca-Cola. Ní hé an t-aon fhear spóirt é a raibh andúil aige i rudaí aisteacha

Dúirt an galfaire Éireannach an tseachtain seo caite go raibh drochthionchar ag Coca-Cola ar a chuid imeartha. Ní hé an chéad lúthchleasaí é a raibh fadhb aige le siúcra agus a leithéid.

Peter Lawrie 27/6/2013
An galfaire Éireannach, Paul Lawrie, a thit na céadta áit sa rangú domhanda tar éis dó éirí as bheith ag ól Coca-Cola. INPHO/Cathal Noonan

Nuair a chualamar an scéal faoi imreoir gailf a raibh fadhb aige le ‘Coke’, is ar Dustin Johnson is túisce a chuimhnigh cuid againn. Ach ní hé fear South Carolina, a thóg briseadh sé mhí ón PGA Tour chun ‘fadhbanna pearsanta’ a réiteach, a bhí i gceist ar chor ar bith. Ní hamháin sin, ach ní drugaí a bhí ag cur as don bhfear eile seo.

An tseachtain seo caite, agus é ag caint le Newstalk, d’fhógair an tÉireannach Peter Lawrie go raibh sé tugtha do bheith ag ól Coca-Cola. Deir fear Bhaile Átha Cliath go raibh sé chomh dona sin go raibh sé á ól mar a bheadh caobach lá i ndiaidh lae.

Is léir go raibh a fhios ag Lawrie nach raibh an dúil sa Choke aige go maith dhó agus, i mí Iúil 2013, rinne sé an cinneadh fanacht glan ón deoch.

Ag tús mhí Iúil 2013, bhí Lawrie sa 178ú háit sa rangú domhanda. Dhá mhí dhéag tar éis dó staonadh den ‘Coke’, bhí sé tite go dtí uimhir a 517. Dar le Lawrie, ba é an chúis leis seo ná go raibh sé ar na ribí ag an siúcra agus nuair nach raibh sé sin ann níos mó, thit an tóin as a chuid imeartha. Dúirt an tÉireannach gur chaill sé an mhuinín uile a bhí aige as féin agus gur chaill sé smacht ar a chuid mothúchán.

Braitheann Lawrie go bhfuil sé tagtha chuige féin arís faoin am seo. Cé go bhfuil sé ar ais ag ól ‘Coke’, níl sé ach ag ól cúpla canna in aghaidh an lae, le hais mar a bhíodh. Chaill an galfaire, 40, a chárta anuraidh ach tá ag éirí go maith leis ó thús an tséasúír nua agus é dóchasach go mbeidh sé in ann dul chun cinn a dhéanamh i mbliana.

Ní hé Lawrie an t-aon lúthchleasaí a bhí tugtha do rud éigin aisteach…

Derrick Rose

Unknown-2

Le blianta beaga anuas, tá Derrick Rose áirithe mar cheann de na himreoirí is fearr cispheile sa NBA. Is é an fhadhb é ná go raibh sé fós ag ithe leis mar a bheadh gasúr le ródhúil sa siúcra ann. Dar lena comhghleacaaithe sna Chicago Bulls, d’íosfadh Rose Skittles dá bhricfeasta agus Gummy Bears dá dhinnéar. Ní haon iontas go raibh drochthionchar ag an diat seo ar a shláinte.

Nuair a bhí sé fós san ollscoil, ba bheag nár chaill Rose amach ar chluiche ceannais náisiúnta mar gheall go raibh a bholg tinn ó bheith ag ithe an iomarca milseán. Ansin, i 2011, fuair na milseáin an lámh in uachtar air nuair a tháinig othras ar Rose, gan é ach 22 bliain d’aois.

Caron Butler wpid-457128934

Cosúil le Lawrie, is deoch ar leith a raibh fadhb ag Butler leis. Deir an t-imreoir cispheile go n-ólfadh sé na lítir de Mountain Dew gach lá. Dhúiseodh sé ag a dó ar maidin chun ceann a oscailt, d’éistfeadh sé leis an ‘pop’ agus chaithfeadh sé siar é!

 

Nuair a rinne Butler an cinneadh staonadh de, d’airigh sé cosúil le duine a bheadh ag tabhairt suas drugaí. Ní bhíodh sé in ann codladh, bhíodh tinnis cinn aige agus bhíodh sé ag cur allais. Faoin am go raibh an samhradh thart agus é saor ó ghreim an dí, bhí 11 phunt meáchan caillte ag Butler.

Quinn Pitcock

Unknown-3

Deir Drew Pitcock, iarimreoir de chuid na Indianapolis Colts sa NFL, dá mba tugtha don ól nó do dhrugaí a bhí sé nach mbeadh fadhb chomh mór céanna aige. Tugtha do chluichí ríomhairí a bhí Pitcock, seachas do na cluichí a mbíonn foirne NFL ag plé leo.

Is imreoir é Pitcock a raibh an-ghealladh faoi ach bhí cúrsaí chomh dona sin go raibh air éirí as an imirt gan é ach ina chéad bhliain san NFL. D’fhill Pitcock ar an gcluiche ar bhonn gairmiúil i 2012, cé go raibh sé ag leibhéal i bhfad níos ísle ná an NFL.

David James

I 1997, nuair a bhí sé ina chúl báire ag Liverpool, lig David James trí chúl isteach i gcoinne Newcastle i bPríomhroinn Shasana. Tar éis an chluiche dúirt sé gurbh é ba cúis leis an drochthaispeántas ná go raibh sé tuirseach mar gur chaith sé rófhada ag imirt Tekken agus Tomb Raider ar a Playstation.

Ar ócáid eile, gortaíodh James agus a ghéaga á síneadh uaidh aige chun greim a fháil ar an gcianrialtán, a bhí ar an taobh eile den tolg.

 

 

Fág freagra ar 'Bhí Peter Lawrie tugtha do Coca-Cola. Ní hé an t-aon fhear spóirt é a raibh andúil aige i rudaí aisteacha'