‘Bhí mé thar lear nuair a tharla sé seo’ — úinéir bialainne a dúnadh sa Ghaeltacht

Dúirt úinéir Saffron i nGaeltacht Thír Chonaill gur ‘drochlá’ a bhí ann dó nuair a d’ordaigh  Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann go ndúnfaí a bhialann

‘Bhí mé thar lear nuair a tharla sé seo’ — úinéir bialainne a dúnadh sa Ghaeltacht

Tá leithscéal gafa ag úinéir na bialainne Gaeltachta a dúnadh an mhí seo caite mar gheall ar “lochán caca daonna” a bheith san áit ina réitítear bia ann.

Dúirt Balinder Kumar, úinéir Saffron ar an gCraoslach i nGaeltacht Thír Chonaill, gur “drochlá” a bhí ann dó nuair a d’ordaigh  Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (FSAI) go ndúnfaí an bhialann ón 19 go 27 Deireadh Fómhair i ndiaidh cigireacht a bheith déanta ar an láthair.

Tuairiscíodh sa tuarascáil a foilsíodh i ndiaidh na cigireachta go raibh “poll san urlár ag cur thar maoil le cac daonna agus é ag bailiú i lochán” san áit a mbíonn oibrithe na bialainne ag obair, agus go raibh an cac á thabhairt isteach chuig an mbialann féin ar bhróga na bhfostaithe.

Dúirt Kumar leis an nuachtán The Irish Independent gur tharla an eachtra nuair a bhí sé féin agus bainisteoir na bialainne thar lear ar feadh “roinnt seachtainí”.

“Ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil. Nuair a tharla sé seo, bhí mé féin agus an bainisteoir thar lear ar feadh roinnt seachtainí. B’in an chéad uair a chuala mé faoin séarachas agus barr ar an mí-ádh, blocáladh an draein an lá céanna. Tá an fhadhb réitithe anois againn. Stop muid ag déanamh sceallóg ansin agus ceannaíonn muid sceallóga réamhdhéanta anois.

“Tá na riachtanais a leag an FSAI síos comhlíonta againn anois. An tseachtain seo caite agus an tseachtain seo bhí cigire sláinte anseo. Tá siad sásta anois. Gabhaim leithscéal arís as an méid a tharla agus geallaim nach dtarlóidh sé go deo arís,” a dúirt Kumar.

Fuarthas caonach liath, salachar agus bia a raibh screamh air ar fhuinneoga, ar leaca na bhfuinneog agus ar scáileán cuileog sa chistin, sna doirtil, ar na ballaí agus ar na hurláir, ar dhoirse na bialainne agus ar dhoras na gcuisneoirí agus na n-oigheann.

Dúradh sa tuarascáil nach raibh na huirlisí cistine, an sceanra ná na soithí á nglanadh mar is ceart agus go raibh seanbhia agus salachar ar an trealamh ar fad ann. Fuarthas nach raibh aon ábhar oiriúnach ag an mbialann leis an áit a ghlanadh ná a steiriliú.

Bhí caonach dubh ar an mbia a bhí á choinneáil sa chuisneoir agus bhí salachar agus caonach liath ar an gcuisneoir agus an réiteoir,  taobh amuigh agus taobh istigh.

Aimsíodh mairteoil agus sicín a bhí á stóráil níos mó ná cúig lá i ndiaidh a gcócaireachta le húsáid i mbéilí. Bhí bia eile á choinneáil i bhfad i ndiaidh an dáta faoinar cheart é a úsáid, bhí sicín amh á mheascadh le sicín cócaireáilte agus bhí málaí ríse ann nach raibh aon dáta luaite leo ar chor ar bith.

Fuarthas cuileoga marbha ar snámh san ola a bhí á húsáid le píotsaí a réiteach.

Dúradh freisin gur léir do na cigirí nach raibh maoirseacht mar is ceart á déanamh ar an bhfoireann agus nár cuireadh aon oiliúint orthu maidir le sábháilteacht bhia.

Fág freagra ar '‘Bhí mé thar lear nuair a tharla sé seo’ — úinéir bialainne a dúnadh sa Ghaeltacht'