Bhí láncheart ag Gaelscoil diúltú do dhalta mar gheall ar easpa Gaeilge – cinneadh Ard-Chúirte

De réir breithiúnais san Ard-Chúirt inniu bhí sé de cheart ag Scoil Lorcáin, Baile na Manach, diúltú do dhalta a mheas an scoil nár shásaigh a cumas sa Ghaeilge a polasaí iontrála

Bhí láncheart ag Gaelscoil diúltú do dhalta mar gheall ar easpa Gaeilge – cinneadh Ard-Chúirte

Bhí sé de cheart ag Scoil Lorcáin, Baile na Manach, diúltú do dhalta a mheas an scoil nár shásaigh a cumas sa Ghaeilge a polasaí iontrála, de réir breithiúnais a tugadh san Ard-Chúirt inniu.

Agus a bhreithiúnas sa chás á thabhairt inniu aige, chuir an Breitheamh Gerard Hogan ar “neamhní” cinneadh na Roinne Oideachais go gcaithfeadh an scoil glacadh le páiste a mheas siad nach raibh dóthain Gaeilge aici.

Thug Scoil Lorcáin, Baile na Manach, ceann de na Gaelscoileanna is aitheanta sa tír, dúshlán na Roinne Oideachais maidir le ceart na scoile diúltú do dhalta de réir a bpolasaí iontrála.

Nuair a bhíonn ró-éileamh ar áiteanna sa scoil, tugann an polasaí sin tús áite do dhaltaí as teaghlaigh gurb í an Ghaeilge an ghnáth-theanga iontu, nó do “páistí atáthar á dtógáil le Gaeilge”.

Bhí Scoil Lorcáin ag iarraidh go gcuirfí ar ceal cinneadh a rinne Coiste Achomharc na Roinne go raibh iallach ar an scoil áit a thabhairt do dhalta áirithe, a mheas an scoil nár shásaigh a cumas sa Ghaeilge a polasaí iontrála.

Rinne athair an pháiste iarratas go nglacfaí leis an bpáiste sa scoil ar an mbonn go raibh sí á tógáil le Gaeilge.

Agus a bhreithiúnas á fhógairt inniu aige, dúirt an Breitheamh Hogan nach raibh “dlínse” ag an gCoiste Achomhairc maidir leis an bpolasaí iontrála féin agus gur chóir dó glacadh leis an bpolasaí ‘mar a bhí sé’ agus gan iarracht indíreach a dhéanamh é a cháineadh.

Dúirt an Breitheamh go raibh an ceart ag an gCoiste nár cuireadh dóthain eolais ar fáil don tuismitheoir faoin measúnú teanga a bhí le déanamh ach níor ghlac sé leis nár tugadh dóthain deiseanna don athair cumas teanga an pháiste nó a chumas teanga féin a léiriú. Dúirt an Breitheamh nach raibh aon chiall lena mhalairt a mhaíomh agus go mba cheart cinneadh an Choiste a chur ar neamhní ar an mbonn sin amháin.

Níor aontaigh sé le maíomh an Choiste nach raibh aon chaighdeán leagtha síos sa mheasúnacht lena chruthú go raibh go leor Gaeilge ag an bpáiste le polasaí iontrála na scoile a shásamh.

Ba ghá, a dúirt sé, “bunús fíorasach réasúnta” a bheith le haon chinneadh agus níor “ceadmhach a bheith míréasúnach”.

Thug an Breitheamh le fios gur cheart go mbeadh tuilleadh sonraí curtha ar fáil ag an scoil faoin bpróiseas lena ndéantar cumas teanga páiste a mheas agus ghlac sé leis nach raibh aon chritéar leagtha síos maidir le líofacht an tuismitheora a mheas.

Dúirt sé nár ghá do thuismitheoir a bheith iomlán líofa sa Ghaeilge ach go mba cheart smacht a bheith ag an bpáiste ar an teanga. Níor ghá don pháiste a bheith “foirfe” ó thaobh líofachta de, a dúirt sé, ach bhí sé “réasúnach” go mbeadh an scoil ag súil go mbeadh dathanna, uimhreacha agus ainmneacha troscán tí ar eolas ag an bpáiste i nGaeilge.

Dúirt sé go ndearna Coiste na Roinne “earráid” maidir leis seo agus gur thug siad le tuiscint “go mícheart” nach raibh aon chaighdeáin inaitheanta sa pholasaí iontrála.

“Níl conclúid an Choiste inbhuanaithe ó thaobh fírice de agus, dá bharr sin, ba chóir é a chur i leataobh,” a dúirt an Breitheamh Hogan.

Ghlac an Breitheamh le háiteamh an Choiste nár tugadh deis don athair fianaise bhreise a chur ar fáil cé gur glacadh le fianaise bhreise i gcás eile, ach níor bhain an méid sin leis an bpolasaí iontrála. Dúirt sé nach bhféadfadh an Coiste aird a thabhairt ar nithe nár bhain leis an bpolasaí iontrála.

Cé gur cuireadh cinneadh an Choiste ar neamhní, iarradh ar an Roinn Oideachais agus Scileanna athbhreithniú as an nua a dhéanamh ar an gcás agus tugadh le fios don Roinn go raibh sé de chead acu cumas teanga an tuismitheora agus an pháiste a mheas iad féin.