Bhí ionsaí níos mó agus níos measa beartaithe in Barcelona

Dúirt ceannfort phóilíní na Catalóine gur scriosadh ábhar buamála na n-ionsaitheoirí i bpléasc a tharla ó dheas de Barcelona

Bhí ionsaí níos mó agus níos measa beartaithe in Barcelona

Bhí sé i gceist ag an dream a rinne na hionsaithe sceimhlitheoireachta in Barcelona agus in Cambrils ionsaí amháin eile ar a laghad a dhéanamh, ceann a bheadh níos mó agus níos measa fós.

Dúirt ceannfort phóilíní na Catalóine gur scriosadh ábhar buamála na n-ionsaitheoirí i bpléasc a tharla i dteach ó dheas de Barcelona Dé Céadaoin. Tuairiscítear gur trí thimpiste a scriosadh an t-ábhar buamála a bhí le húsáid. Murach sin, ionsaí buamála seachas ionsaí tiomána a bheadh déanta acu inné, a dúradh.

Is é Moussa Oukabir, a cheaptar a bheith 18 bliain d’aois, an té a bhfuil amhras faoi i dtaca leis an ionsaí tiomána in Barcelona inné.

Tuairiscíodh ar maidin gur scaoil póilíní na Spáinne marbh cúigear fear a raibh amhras fúthu maidir le hionsaí sceimhlitheoireachta eile inné in Cambrils agus deir na póilíní go raibh baint ag an eachtra sin le hionsaí Las Ramblas in Barcelona.  De réir tuairiscí áirithe, bhí Moussa Oukabir ar dhuine den chúigear ar scaoileadh marbh iad in Cambrils.

Maraíodh 13 duine agus gortaíodh os cionn 130 duine eile san ionsaí sceimhlitheoreachta in Barcelona tráthnóna inné. Bhí beirt shaoránach de chuid na hÉireann i measc na ndaoine a gortaíodh, athair agus mac.

Ba go moch ar maidin sa bhaile cois cósta Cambrils, atá 120 ciliméadar ó Barcelona, a maraíodh na fir a raibh amhras fúthu i dtaobh eachtra eile inar díríodh carr ar dhaoine. Maraíodh duine amháin agus gortaíodh daoine eile san ionsaí in Cambrils.

Tiomáineadh veain isteach i slua ar an tsráid aitheanta Las Ramblas i lár Barcelona tráthnóna inné. Tá tiománaí an veain fós ar a theitheadh.

Go luath i ndiaidh na heachtra, thug póilíní na Catalóine le fios go rabhthas ag déileáil leis an eachtra mar ionsaí sceimhlitheoireachta agus mhaígh an grúpa ISIS ina dhiaidh sin gurbh iad a rinne an t-ionsaí.

Tiomáineadh an veain isteach ar Las Ramblas ar thaobh Plaça de Catalunya agus tiomáineadh ansin ar ardluas é tríd an gceantar coisithe, mórláthair turasóireachta Barcelona.

De réir tuairiscí ón láthair, díríodh an veain d’aon turas ar choisithe nó gur stop sé ag mósáic Joan Miro ar an tsráid, agus dúirt na póilíní gurbh é an aidhm a bhí leis an ionsaí ná “an oiread daoine agus ab fhéidir a mharú”.

Deir na póilíní freisin go bhfuil nasc idir ionsaí an lae inné ar Las Ramblas agus an eachtra in Cambrils agus pléasc a tharla oíche Dé Céadaoin i dteach in Alcanar, baile atá 200 ciliméadar ó Barcelona. Maraíodh duine amháin agus gortaíodh duine amháin sa phléascadh sin.

Tá dealramh ag na hionsaithe sa Spáinn inné le hionsaithe eile a tharla le 13 mí anuas san Eoraip – sa Fhrainc, sa Ghearmáin, sa tSualainn agus i Sasana.

 

Fág freagra ar 'Bhí ionsaí níos mó agus níos measa beartaithe in Barcelona'