‘Bhí imreoirí maithe againn, ach theastaigh splanc éigin uainn’ – cuimhní Austin Flynn ar 1959

Labhair Tuairisc.ie le Austin Flynn a d’imir do Phort Láirge nuair a bhuaigh siad cluiche ceannais na hÉireann go deireanach i 1959

‘Bhí imreoirí maithe againn, ach theastaigh splanc éigin uainn’ – cuimhní Austin Flynn ar 1959

Coinníonn Austin Flynn súil ort agus tú ag caint leis. Eisean atá faoi agallamh agamsa agus mé trasna an bhoird uaidh ina theach i nDún Garbhán, ach coinníonn na súile sin ar d’airdeall tú. Níl rian den bhagairt sna súile céanna ach tá fiosracht iontu. Agus do cheist á cur agat féachann Flynn go géar ort, mar a bhíodh lántosach á fhaire fadó aige. Stadann sé sula dtugann sé freagra agus ansin roinneann sé a chuimhní go fial.

Agus a leithéid de chuimhní.

Christy Ring Chorcaí, John Doyle Thiobraid Árann agus Johnny McGovern na gCat. Níl ansin ach cuid d’fhathaigh iománaíochta na gcaogaidí ar imir fear Phort Láirge ina gcoinne. D’fhéach sé idir an dá shúil orthu ar fad, agus ní foláir nó thug gach duine acu sin suntas do théagar an fhir mhóir a bhí os a gcomhair agus na lámha móra sin a shealbhaigh an sliotar amhail is gur mirlín a bhí ann.

Sular bhuail mé le Flynn chuir mé a thuairisc le saoi iománaíochta as Cill Chainnigh. Dúirt sé gur fathach ab ea é, fathach láidir a raibh cumas iontach ann freisin. Bhí cáil an dea-iompair spórtúil ar Austin i gcónaí, a dúirt an saineolaí seo, fear a chonaic go minic ag imirt é. Le linn na ré seo i stair na hiománaíochta tharraingtí buillí fíochmhara leis an gcamán ar bheag an aird a bhíodh ag an réiteoir orthu. Ach ní mar sin a bhí Austin.

“Thug mé móid roimh thús gach cluiche nach ndéanfainn rud fealltach ar aon duine,” a deir sé.

“Ach bhíodh rudaí teasaí go leor uaireanta. Glacadh leis mar lánchúlaí go raibh tú ag dul sa bhearna bhaoil, go mbíteá i lár an achrainn.”

Bhí cáil ar chosantóirí Thiobraid Árann an uair sin, Michael Maher, John Doyle agus Ciarán Carey, mar dhream nár thug aon cheathrú anama. ‘Hell’s Kitchen’ a thugtaí orthu. Is cuimhin le Austin imirt ina n-aghaidh i gcluiche ceannais na Mumhan i 1963.

“Bhí an sliotar ag John Barron s’againne nuair a thug John Doyle ruathar faoi. Leagadh John in aghaidh an phosta agus síneadh ar an talamh é. Chonaic fear lár páirce s’againne, Philly Grimes, é agus spréach sé. Ní fear mór a bhí i John Barron ach bhí téagar i Philly. Ní fada go raibh radharc na spéire – agus seans na réalta os a cionn chomh maith – ón talamh ag an nDubhghailleach.

De ghnáth chuirfeadh a leithéid tús láithreach le cogadh camán. Ach, arsa John Doyle ón talamh lena chéile comhraic: ‘Aw Philly, there’s no need for that’. Baintear spraoi as ráiteas achainíoch sin Doyle fós i bPort Láirge, bíodh is nach luaitear an scéal chomh minic sin trasna na teorann i dTiobraid Árann.

Tá scéalta faoi laochra agus gaiscígh forleathan i mbéaloideas na hiománaíochta. Ach tá Austin réchúiseach, umhal, ar nós cuma liom fiú, agus é ag féachaint siar ar na cluichí móra a raibh baint aige leo. Ba dhóbair, a deir sé, go ndeachaigh sé leis an tseoltóireacht seachas leis an iománaíocht. Bhí a athair sa chabhlach trádála agus thaistil sé an domhan ar fad. Thóg a dheartháir bád seoltóireachta sna caogaidí dó agus ba é mian a chroí é a chur chun farraige nó go bhfuair an iomáint greim air. Ba é a mhúinteoir i mbunscoil Dhún na Mainistreach Michael Foley a chuir Austin óg ar bhóthar na hiománaíochta. Is léir go bhfaca an múinteoir, a bhí mar bhainisteoir ar fhoireann Phort Láirge a bhuaigh craobh na hÉireann i 1948, an mianach in Austin.

“Thugadh sé síos mé go ‘Stokes Field’ agus chuireadh sé ag iomaíocht lena mhac féin mé,” a deir Austin. Is ann a múnlaíodh an lántaca.

Thug Michael Foley ceachtanna breise dó tar éis am scoile le go n-éireodh leis dul go dtí scoil na mBráithre Críostaí i nDún Garbhán. Tá Austin cinnte nach mbeadh a leithéid déanta aige gan cabhair an mhúinteora. Éiríonn sé, faigheann leabhar agus leagann ar an mbord é.

“Dá dtosódh tine i mo theachsa, ní airgead, ná bonn ná aon rud mar sin a thabharfainn liom ach é seo,” a deir sé agus an leabhar á oscailt aige. Ar an gcéad leathanach istigh tá teachtaireacht chuige a scríobh Michael Foley  i 1945 ag déanamh comghairdeachais leis as duais Oireachtais a bhuachan as a chuid scríbhneoireachta.

Austin Flynn (sa lár)

Is cuimhin leis chomh maith cluiche ceannais an chontae a bhaint amach den chéad uair lena chlub, Dún na Mainistreach, agus é deich mbliana d’aois. “Thug fear ghnó áitiúil Paddy Joe Morrissey geansaithe dúinn. Thug fear an phoist John Hayes sinn ar pharáid timpeall na páirce agus é ag casadh a mhileoidin. Ba mhór an ócáid í.”

Chaill foireann Austin, áfach. “Bhí mé trína chéile, ag gol is ag caoineadh gan stad,” a deir sé. “Is ansin a dúirt mo mháthair liom: ‘Cén dochar. Níl sa bhonn sin ach píosa stáin’.”

Bhí sé níos réchúisí faoin iománaíocht ón lá sin amach.

Ní raibh aon fhonn ar leith ar Austin a bheith ag imirt do Phort Láirge ach tugadh aird ar a mhianach i gcónaí. “D’imrítí cluichí, an tOirthear in aghaidh an Iarthair agus bhíodh do chumas á mheas ag daoine ar an taobhlíne.

“D’imir mise go dona lá amháin ach d’imir an leaid a bhí i m’aghaidh níos measa fós. Fuair mé áit ar fhoireann an chontae.”

D’imir Austin leis na mionúir i 1950 agus i 1951 agus ina dhiaidh sin do na sinsir. Mhéadaigh ar cháil na Déise sna caogaidí ach mar sin féin ní raibh aon chraobh buaite acu ó 1948. “Bhí imreoirí maithe againn ach theastaigh splanc éigin uainn,” a deir Austin. Níl aon amhras air go dtí an lá inniu ach gur fear amháin agus óráid amháin a chuir tine fúthu – Pat Fanning, cathaoirleach bhord an chontae.

“Bhí cruinniú foirne againn i Fraher Field i 1957,” a deir Austin. “Sheas Pat agus dúirt linn. ‘Leaids, creidim go bhfuil sé ionaibh Craobh na hÉireann a bhuachan. Níl aon onóir sa chailliúint, ná bac leis sin. Creidim go mbeidh an bonn sin agaibh go luath. Caithfidh sibh troid, caithfidh sibh fulaingt, caithfidh sibh streachailt. Ach gheobhaidh sibh é ar deireadh thiar. Creid uaim é’.”

Bhí an ceart ag Pat. Bhuaigh siad craobh na hÉireann i 1959 agus síleann Austin gur cuireadh síol an bhua sin le linn na hóráide úd i 1957.

Bhí an contae ar bís ag súil leis an lá mór.

“Ní raibh sé chomh dona dúinne a bhí inár gcónaí taobh amuigh de na bailte móra ach bhí seisear de na leaids ag obair le Clover Meats agus cuid d’iománaithe Chill Chainnigh ag obair sa mhonarcha chomh maith. Ní bhfuair siad sos in aon chor ón gcaint, ón magadh agus ón spochadh.”

Bhí an-chluiche aige féin sa chluiche ceannais agus sa chluiche athimeartha in aghaidh Chill Chainnigh.

Shaothraigh siad an bua go maith. Agus gan ach nóiméad fágtha an chéad lá, bhí na Cait cúl chun tosaigh. Chuaigh Larry Guinan ar ruathar agus d’aimsigh sé cúl na cothroime. Sa chluiche athimeartha bhí na Cait sa tóir ar chúil gan stad sa dara leath. Ach a bhuíochas de shárimirt Austin Flynn agus Joe Harney bhí Cill Chainnigh taobh le dhá phointe ó Eddie Keher sna 30 nóiméad sin.

Ní dhéanann Austin aon mhórghaisce faoin gcluiche ceannais.

Tá cuimhní níos fearr aige, a deir sé, ar chluichí ceannais na Mumhan. Bhuaigh sé trí cinn acu sin. Thug sé an lá roimh chluiche ceannais 1963 ag iompar blocanna do theach nua a bhí á thógáil aige dó féin.  Ní raibh sé in ann néal codlata a fháil an oíche sin. 

Ar lá an chluiche féin chuaigh an fhoireann go Durlas i gceithre nó cúig cinn de hacnaithe. B’iontach le Austin go raibh Philly Grimes agus Larry Guinan agus gan aon rian den easpa codlata orthu. “Dúirt mé le Philly go raibh mé corraithe mar nár chodail mé an oíche roimhe. Arsa Philly liom: ‘tá tusa corraithe, mise atá corraithe! Beidh mise ag pósadh amárach!'”

D’éirigh leo an cluiche a bhuachan.

Cluiche eile a chinntigh cáil Flynn mar dhuine de na hiománaithe is fearr riamh ó Phort Láirge. I 1967 a d’éirigh sé as agus blianta ina dhiaidh sin roghnaíodh ar fhoireann Phort Láirge na Mílaoise é.

Beidh sé ag breathnú ar an gcluiche ceannais ar an teilifís.

Fuair sé cuireadh dul ar an gclár  Up for the Match ach deir sé gur ‘Down in the sofa’ a bheidh sé.

Tá súil aige, ar ndóigh, go mbuafaidh na Déisigh an cluiche agus nach mbeidh daoine ag trácht a thuilleadh air féin agus ar an ochtar eile ó fhoireann 1959 atá fós ina mbeatha mar “na buaiteoirí is deireanaí”.

“Tá an iomáint i bhfad níos sciliúla sa lá atá inniu ann ná mar a bhí nuair a bhí mise ag imirt,” a deir sé.

Ach cé hiad na hiománaithe is fearr?  “Johnny McGovern agus Eddie Keher.”

Fág freagra ar '‘Bhí imreoirí maithe againn, ach theastaigh splanc éigin uainn’ – cuimhní Austin Flynn ar 1959'