Bhí an spídiúlacht a fuair an réiteoir ar an rud ba mhó a ghoill orm…

Ag cluichí idir chlubanna, nuair nach mbíonn i láthair ach cúpla céad nó fiú cúpla scór duine a fhaigheann an duine léargas ceart ar an gcaidreamh a bhíonn ar pháirc na himeartha

AIB Munster Club Senior Football Championship Semi-Final 18/11/2012 Dr Crokes (Kerry) vs Clonmel Commercials (Tipperary) Clonmel Commercials' Ian Barnes is shown a red card by referee Michael Collins Mandatory Credit ©INPHO/Morgan Treacy
Pictiúr: ©INPHO/Morgan Treacy

Ag cluichí idir chlubanna, nuair nach mbíonn i láthair ach cúpla céad nó fiú cúpla scór duine a fhaigheann an duine léargas ceart ar an gcaidreamh a bhíonn ar pháirc na himeartha – gan an chaint múchta ag glór an tslua, mar a bhíonn ag na cluichí móra.

Chaith mé píosa de thráthnóna le gairid ligthe isteach ar an bhfál a bhí timpeall na páirce ag a leithéid de chluiche agus faraor chuir cuid mhaith dár chuala mé múisiam orm – eascaine, dímheas, spochadh agus cuid mhaith mímhacántachta.

Níor mhiste liom ach ba chluiche thar a bheith taitneamhach a bhí ann, coimhlint den scoth agus gan idir na foirne ach cic den liathróid feadh an ama. Ní fhéadfá a rá go raibh aon bhrocamas ach an oiread ann, ach bhí an fhearúlacht, mar a tuigtear domsa í, chomh gann céanna.

Bhí an spídiúlacht a fuair an réiteoir ar an rud ba mhó a ghoill orm. Ó thús deireadh ní raibh stopadh ar chuid de na himreoirí ach á cháineadh agus á cheistiú agus na focla móra ag teacht uathu go tréan agus go tiubh – ní uair nó dhó a chuaigh imreoir leathfhad na páirce sna cosa ceantair lena chinntiú gur chuala fear na feadóige a chuid droch-chainte go soiléir.

Cén bhrí, ach rinne an fear céanna iarracht mhaith, chothrom ar a chúram. Mar a tharlaíonn i chuile chluiche, bhí rud nó dhó a d’éalaigh uaidh, ach ní raibh bealach faoin spéir go bhféadfaí a rá go raibh sé claonta.

Ba bheag an cúnamh sin dó. Bhí ceann den dá fhoireann a mheas go raibh leatrom níos measa á dhéanamh orthu féin agus de réir mar a bhí an t-am á chaitheamh, bhíodarsan ag éirí níos glóraí agus níos cinnte go rabhthas ag déanamh éagóra orthu.

Ag tráth amháin dúirt an réiteoir le himreoir dá gcuid siúd: “Maith an fear, éirigh as an eascaine. Mura bhfuil aon mheas agat ort féin nó ormsa, bíodh beagán measa agat ar na gasúir atá ag féachaint isteach ón taobhlíne,” – agus bhí cuid mhaith acu sin ann.

Ba bheag an mhaith dó é. 

Bhí cuid den bheagán lucht féachana a bhí i láthair mórán chomh dona céanna agus mar a tharlaíonn go minic ba é a gcuid aineolais ar rialacha na peile Gaelaí an rud ba mhó a tháinig chun solais as a gcuid clamhsán.

I rialacha an chluiche  deirtear : “ Fogha Féaráilte an t-aon teagmháil fhisiciúil atá ceadaithe i.e. gualainn le gualainn agus ar a laghad cos amháin ar an talamh.

Is deacair míbhrí a bhaint as an abairtín ghonta, ghiorraisc sin, ach ní móide go bhfuil  riail eile sa gcluiche a bhfuil míthuiscint chomh mór faoi. Ón leibhéal is ísle go dtí an leibhéal is airde, feicfidh tú imreoir amuigh ar an bpáirc ag déanamh comharthaí gurbh í an ghualainn a d’úsáid sé féin agus lucht a leanta ag imeacht as na cranna cumhachta ar an taobhlíne. Níos minice ná a mhalairt, bíonn an ceart acu – ach dar ndóigh ní mór freisin gur le gualainn a gcéilí comhraic a dhéanfadh siad teagmháil, rud a ndéanann siad siúd atá corraithe dearmad go minic air.

Dá dhonacht é an t-aineolas, breac eile ar fad é an mímhúineadh, breac nár cheart agus nach féidir cur suas leis.

Tá sé cúpla bliain anois ó thug Cumann Lúthchleas Gael isteach an scéim “ Tabhair Ómós – Faigh Ómós” le dhul i ngleic leis an obair seo ar fad. Leagtha amach ann tá treoracha a bhaineann le hiompar imreoirí agus lucht leanúna, ó na cluichí faoi aois aníos. Faraor is acu siúd is minice a fheictear cruthúnas an dímheasa agus an taobhlíne níos ciontaí ná na himreoirí beagnach i gcónaí.

Is éard a theastaíonn anois ná éifeacht a bheith leis an iarracht. Is beag an mhaith mana na scéime a bheith greanta ar chúpla seaicéad nó na foirne  a bheith ag croitheadh lámh lena chéile agus leis an réiteoir sula dtosaíonn an imirt agus nuair a chríochnaíonn sé, más íde béil agus mionnaí móra atá i ndán dó idir an dá linn.

Má tá ar chumas imreora idirnáisiúnta rugbaí caitheamh go measúil leis na hoifigigh ar an bpáirc, ní féidir go bhfuil sé míréasúnta a iarraidh ar lúthchleasaithe eile a bheith amhlaidh agus go gcinnteoidís siúd atá á dtógáil agus ag cur oiliúna orthu, gur mar sin a bhíonn.

Fág freagra ar 'Bhí an spídiúlacht a fuair an réiteoir ar an rud ba mhó a ghoill orm…'

  • padraig

    Feach an tamhach taisc a tharla idir Hibs agus Rangers agus cuir i gcompraid le cheile iad…..is measa go mor an droch-iompar ar chluichi sacair ach is docha go bhfuilimidne anseo ag leanuint a sampla siud i gcursai spoirt agus i ngach rud eile, bheadh trua agat d’aon reiteoir sna cluichi Gaelacha anois, ag gach leibheal…nach nduirt Paidi Se (beannacht De leis) gur ‘ainmhithe’ ab camthai Chiarrai? D’fheadfai e sin a ra faoi chuid mhaith contaetha is baolach. Agus ana-mhinic is iad na mna is measa ar fad acu……ca hionadh sin, a chloisim….!