‘Bhí an druga tógtha, agus mé i m’andúilí Oireachtais ó shin!’

Sa tsraith seo, ceistítear roinnt daoine aitheanta faoina gceangal le hOireachtas na nGael. An geábh seo, Caitlín Ní Chualáin, an craoltóir de chuid RTÉ RnaG a bhuaigh Corn Uí Riada in 2016

‘Bhí an druga tógtha, agus mé i m’andúilí Oireachtais ó shin!’

1. Céard is cuimhin leat faoi do chéad Oireachtas?

Teach Ely i mBaile Átha Cliath, mo Mhama agus mo Dhaide in éindí liom agus na cosa ag lúbadh fúm le faitíos mar gheall ar an gComórtas Amhránaíochta faoi 17. Chas mé Tomás Bán Mac Aogáin agus na Buachaillí Bána, agus d’éirigh liom an chéad áit a thabhairt liom. Bhí an druga tógtha, agus mé i m’andúilí Oireachtais ó shin!

2. Céard é an rud is fearr faoin Oireachtas?

An comhluadar, agus ag casadh le daoine nach bhfeiceann tú go minic, nó cuid acu nach bhfeiceann tú ó bhliain go bliain. Céad slán leis na seisiúin amhránaíochta iontacha a bhíodh i chuile chúinne fadó agus gan fhios againn ar oíche nó lá é!

3. Céard é an rud is measa faoin Oireachtas?

‘Mommy, do you have my dancing shoes?’ nó a mhacasamhail a chloisteáil.

4. An tOireachtas ag filleadh ar Chill Airne— smaoineamh maith?

Is maith liomsa Cill Airne, mar tá fairsinge bhreá ann, níl easpa lóistín ann,  feileann na hárasáin dúinne mar chlann, agus tá an baile fhéin go hálainn, ach níl fhios agam an dtuigeann lucht gnó an bhaile an fhéile rómhaith. Ceann de na hionaid is feiliúnaí do theaghlaigh.

5. Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine atá ag freastal ar a chéad Oireachtas?

Níl aon chomhairle agam ach sult a bhaint as, agus seachtain saoire ina dhiaidh le theacht chugat féin!

6. Club na Féile nó Corn Uí Riada?

Corn Uí Riada ar ndóigh!

7. Dá mbeifeá i bhfeighil ar an Oireachtas, céard iad na hathruithe a dhéanfá?

Tá sé go deas go bhfuil an óige ag tarraingt ar an bhFéile, ach níor mhaith liom go  ndéanfaí dearmad ar na healaíona dúchasacha, agus an teanga a bhfuil na healaíona sin báite inti. Sílim go mbeinn an-chúramach faoin áit a reáchtálfaí an tOireachtas, le go mbeadh áiseanna lóistín feiliúnach ann do theaghlaigh, agus nach mbeadh orthu a bheith brúite isteach i seomraí óstáin nach mbeadh aon áiseanna tís iontu. Mar is iad na gasúir a bhíonn agus a bheidh, le cúnamh Dé, ag freastal ar chomórtais sna blianta atá le theacht. Má bhíonn sé ródheacair nó ródhaor ar theaghlaigh, ní thiocfaidh siad ann.

8. Céard is comhartha Oireachtas maith ann?

Craic agus spraoi agus an chéad ghlúin eile a fheiceáil ag glacadh páirt sna comórtais.

9. Céard iad na seifteanna atá agat le teacht slán as an Oireachtas?

Ar ndóigh a bheith i do chodladh roimh an 11.00 chuile oíche. Ach féach 5. thuas. LGLG (LOL)

10. Cérbh é an tOireachtas ab fhearr leat agus cén fáth?

Oireachtas an Daingin 2001. Ghlac mo Dhaide, go ndéanfaidh Dia grásta air, páirt i gComórtas na bhFear, théis leathchéad bliain, agus thug sé leis é. Laoch! Agus bhí muid uilig in éindí ann, seisiúin iontacha amhránaíochta chuile áit. Speisialta!

Fág freagra ar '‘Bhí an druga tógtha, agus mé i m’andúilí Oireachtais ó shin!’'