‘Bhfuil tú talking seafóid, Mamaí?’ ar sí agus a mála scoile ar a droim…

AG TÓGÁIL CLAINNE: Ní raibh an scoil dúnta dhá lá nuair a thug ár gcolúnaí faoi deara an triúr agus iad ag déanamh ar an halla agus málaí ar a ndromanna acu

Signpost Stairs Bridget

Bhuel, bhí a fhios againn go dtiocfaidís luath nó mall. Bhí an chogarnach cloiste agam sna hallaí. Giotaí beaga anseo is ansiúd. Tá siad ag teacht, a chuala mé, an bhfuil tú réitithe? Sioscadh ar an ngaoth. Ráflaí os íseal. Is gearr go mbeidh siad linn, agus céard a dhéanfaidh muid ansin?

‘An bhfuil a fhios agat cé mhéid lá atá fágtha againn anois, a Mhamaí?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom agus ríméad uirthi. ‘Trí lá agus ANSIN laethanta saoire, ní bheidh aon leabhar, ná aon fhoghlaim. Beidh sé iontach uilig!’ a dúirt sí. ‘Beidh,’ a dúirt mé.

Ní raibh an scoil dúnta dhá lá nuair a thug mé faoi deara an triúr acu agus iad ag déanamh ar an halla agus málaí ar a ndromanna acu. Bhí mé i bhfolach faoi phluid ar an tolg agus mé ag léamh Extreme Early Retirement: How to retire in your 20s. Níl uaim anois ach an leabhar Amthaisteal: Conas meaisín ama a dhéanamh ag úsáid rudaí fánacha atá caite ar fud an tí?

‘Túralú crocodile,’ a dúirt an Babaí agus é ag déanamh ar an halla go sona sásta i ngreim láimhe ar an gCailín Mór Beag. ‘Not too soon, baboon,’ a dúirt sise.

‘Cá’l sibh ag gabháil?’ a d’fhiafraigh mé díobh. Bhí beagán iontais orm go raibh sé i gceist acu a ghabháil in áit ar bith ós rud é gur maidin Dé Sathairn a bhí ann agus go raibh a gcuid pitseámaí fós orthu.

‘Tá muid ag gabháil chuig an scoil,’ a d’fhreagair Beainín na Naíonáin Bheaga i nglór a thug le fios go raibh amhras uirthi fúm. ‘Nach bhfuil an scoil dúnta,’ a dúirt mé, ‘tá na laethanta saoire agaibh.’

An bhféadfadh go raibh mé tar éis titim síos trí pholl in éadach an spás-ama? Cá raibh mé? An raibh mé imithe amú ar fad?

‘Bhfuil tú talking seafóid, Mamaí?’ a d’fhiafraigh sí díom. ‘Gabh mo leithscéal?’ a dúirt mé go mórtasach. ‘Tá muid ag dul ag an scoil faoin staighre,’ a mhínigh sí ansin. ‘Ó,’ a dúirt mé.

Lean siad orthu amach sa halla is shocraigh suas an phreabscoil. Córas oideachais ar nós na scoileanna scairte atá ann, de réir mar a thuigim é, ach go bhfuil an curaclam beagáinín difriúil.

‘Oscail na leabhair,’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga go húdarásach lena cuid scoláirí.

Thosaigh an Babaí ag cartadh ina mhála agus tharraing amach leath-úll agus píosa de chipín.

Fág freagra ar '‘Bhfuil tú talking seafóid, Mamaí?’ ar sí agus a mála scoile ar a droim…'

  • Mise Áine

    Caithfidh mé greim a fháil ar na leabhair sin mé fhéin, a Bridget.

    An-scéal, mar is iondúil… grma! ?