Bheadh Oscar tuillte go maith ag Ruth Negga

I ‘Loving’, éiríonn le Ruth Negga as Luimneach cruas agus diongbháilteacht a carachtair chur in iúl le sracfhéachaint anseo agus focal séimh ansiúd

Bheadh Oscar tuillte go maith ag Ruth Negga

Loving
Stiúrthóir: Jeff Nichols
Cliar: Ruth Negga, Jowl Edgerton, Will Dalton, Sharon Blackwood.

Soláthraítear seat teann de chuntanós na mná. Bíonn ciúnas ar feadh scaithimh bhig. Ansin labhraíonn sí go ciúin agus í saghas leithscéalach. ‘Táim ag súil,’  a deir sí. Ní deir an fear faic ach tagann aoibh an gháire air agus beireann siad greim láimhe ar a chéile.

Is mar sin a chuirtear tús leis an scannán seo, saothar a dhéanann cíoradh ar an bhfothragadh a bhain le caidreamh Richard agus Mildred Loving i Virginia na gcaogaidí.  Ghin an t-achrann agus an éagóir a lean a bpósadh ceannlínte ar fud na tíre mar aon le cás cúirte a chuaigh chomh fada le Cúirt Uachtarach Mheiriceá.

Diúltaítear don chathú úsáid a bhaint as  ábhar cartlainne, scríbhneoireachta nó reacaireachta chun cúlra na gcaogaidí a thabhairt dúinn.  Is go caolchúiseach, réchúiseach a dhéantar an chos ar bolg agus an éagóir a sheoladh inár dtreo. Léirítear ón tús gurb é caidreamh na beirte seachas allagar na ndlíodóirí a bheidh i lár an aonaigh.

Bhí an pósadh idirchiníoch mídhleathach i Virginia na linne, mar a bhí in áiteanna eile, agus tharraing an bheirt srathair na hainnise orthu féin nuair a d’fhilleadar ar an bhfód dúchais tar éis pósadh in Washington DC.

Cé go raibh an chine gheal agus an chine ghorm ag maireachtaint go síochánta lena chéile sa cheantar, bhí an ciníochas agus an chúngaigeantacht lárnach sa drochíde a tugadh orthu. Mar chuid de shocrú cúirte b’éigean dóibh an Stát a fhágaint. 

Nuair a scríobh Mildred litir chuig Robert Kennedy, thosaigh ACLU ag comhrac ar a son. Ba é críoch agus deireadh na mbeart gur chinn an Chúirt Uachtarach an dlí  a chur ar ceal. Bhí ciallachais náisiúnta ag an gcinneadh cinniúnach seo agus ba chloch mhíle i stair na gceart sibhialta é.

Faoi mar dúrt thuas ní dhéantar scéal mhadra na n-ocht gcos don toise dlí ná an feachtas féin mar is iad an lánúin, a gcaidreamh agus an tslí go bhfuilid ag streachailt leis an saol máithreacha an scannáin. Fágann sin nach bhfuil an drámatúlacht a mbeifeá ag súil léi le sonrú. 

Bhíodar ar deoraíocht sa gcathair ar feadh naoi mbliana agus cuireadh abhaile orainn arís agus arís eile nár dhual dóibh a bheith timpeallaithe ag an gcoincréit. Seat fadálach de ghort fé bhláth is iad ag imeacht, seat de phaistín gruama féir sa gcathair agus Mildred féin ag rá go bhfuil na páistí i ngéibheann sa gcathair.

Tá cad é bús faoi taispeántas Ruth Negga mar Mildred. Níl aon dabht ach go dtugann sí taispeántas caolchúiseach, nádúrtha uaithi. Tá sí in ann cruas agus diongbháilteacht a carachtair chur in iúl le sracfhéachaint anseo agus focal séimh ansiúd. Tá an t-ainmniúchán Oscar tuillte go maith aici agus dar liom go mbeidh sé an-deacair é a bhaint di.

Tá comhghuaillíocht iontach idir í féin agus Edgerton mar Richard. É siúd beagfhoclach, cúthail agus éiginnte ann féin. Iad i ngrá lena chéile agus gan uathu ach a gclann a  thógaint faoi shíocháin. Ní chuadar ag tóraíocht airde ná díoltais. Dheineadar an fód a sheasamh agus ba é a gcaidreamh a chuir éagóir náisiúnta ina ceart.