Bheadh impleachtaí ag vóta ‘TÁ’ nach dtuigeann ‘cosmhuintir na dea-thola’

Tá dóthain amhrais caite ar argóintí an fheachtais ‘Tá’ go mba chóir dúinn bheith amhrasach faoi na himpleachtaí fadtéarmacha do shochaí agus do theaghlaigh na tíre seo, a deir Colm Ó Torna

bunreacht

Tá frithrá i gceist idir bunbhrí Airteagal 41 den Bhunreacht agus na focail atá le cur ós ár gcomhair sa Reifreann Pósta ar an Aoine bheag seo. Bunú, buanú agus cosaint an teaglaigh is meanmna agus esprit an airteagail.

Soiléirítear seo dúinn, saoránaigh uile, i gclásal 1 de Airteagal 41 mar a leanas:

‘Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir [is liomsa an cló iodálach], agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna.’

Mar sméar mullaigh ar an tuiscint seo – an tuiscint is bunúsaí agus, dar liom, is uaisle, ar an teaghlach – deirtear, i gclásal 9, ‘Ós ar an bPósadh atá an Teaghlach bunaithe gabhann an Stát air féin coimirce faoi leith a dhéanamh ar ord an phósta agus é a chosaint ar ionsaí.’

Anois tá molta dúinn sa clásal nua:

‘Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas,conradh pósta a dheanamh de réir dlí.’

Tá iarrtha orainn an tacaíocht bhunreachtúil atá luaite i gclásanna 1 agus 2 a bhronnadh i gcomhair caidreamh collaíochta idir beirt d’aonghnéas nach féidir riamh beatha a ghineadh de réir nádúr na collaíochta sin. Má thugtar an tacaíocht bhunreachtúil sin dóibh, nach féidir leis an mbeirt chéanna, dá bharr san, clann a thosnú agus teaghlach a bhunú? Díghradamaítear ar an dtoirt stádas an phósta mar a thuigtear é san Airteagal is tábhachtaí ‘ar a bhfuil an teaghlach bunaithe’.

Má tharlaíonn go n-uchtófar leanaí sa phairtnéireacht dhifriúil nua seo, bainfear an bonn den tuiscint, de réir nádúir, go bhfuil na leanaí sin i dteideal cúram athar agus máthar. Ní de bharr cúinsí coimhthíocha ar bith, ach de bharr go bhfuil buaneasnaimh i gcomhriachtain na beirte nach féidir riamh a shárú, i.e. ní ghinfí leanbh dá barr. Ní ag cur le meanmna Airteagal 41 ná á fhairsingiú atá an clásal nua seo ach ag baint dá raison d’etre. Ní ionadh gur thug an tOllamh John A.Murphy ‘absurd proposition’ air.

Tá impleachtaí eile nach eol dúinn fós má bhronntar stádas bunreachtúil ar an gclásal nua seo. Ní haon scéal thairis nó ‘scadán dearg’ ba chúis leis an mbreithiúnas a tugadh an tseachtain seo féin i gcoinne Bhácús Asher i mBéal Feirste nó an bhagairt atá á déanamh ar Beulah Print i nDroichead Átha.

Ní fios na himpleachtaí a bheadh ag an leasú seo do chúrsaí scolaíochta, seirbhísí uchtála, cúrsaí altramais nó gnónna príobháideacha eile, ach is cinnte go mbeadh tacaíocht bhunreachtúil feasta ag éinne a thógfadh cás i gcúirteanna na Poblachta ar bhonn ‘ciontacht in idirdhealú ar bhonn inscne’.

Tá gach cuma ar an scéal anois nach aon ‘scadán dearg’ ach chomh beag an tacaíocht $17 milliún atá faighte ag lucht stiúrtha an fheachtais ‘Tá’ ó Atlantic Philanthrophies Mheiriceá.

Ní hionann ‘philanthrophy’ agus airgead a chur ar fáil do thaobh amháin i reifreann faoi bhunreacht tír eile ar fad, go háirithe reifreann atá chomh bunúsach leis an gceann seo.

Cur isteach ar neamhspléachas na tíre seo atá i gceist, saghas taictice ag nuachoilínithe an rachmais ar mhaithe le haidhmeanna dá gcuid féin.

Tá dóthain amhrais caite ar argóintí an fheachtais ‘Tá’ go mba chóir dúinn bheith amhrasach faoi na himpleachtaí fadtéarmacha do shochaí agus do theaghlaigh na tíre seo dá mbuanófaí an clásal nua seo i mBunreacht na hÉireann. Sílim nach eol agus nach dtuigtear do ‘chosmhuintir na dea-thola’ atá ar son ‘Tá’ na drochthorthaí a d’fhéadadh a bheith i gceist dár sochaí, dár dteaghlaigh agus dár leanaí.

‘Scadán dearg’ cinnte atá ann go mbagraítear orainn go mbeidh muid náirithe ós comhair an domhain mhór má dhiúltaítear don chlásal nua.

Níl sé ach bliain ó shin ó rialaigh an Chúirt Eorpach um Cearta Daonna nach bhfuil an Fhionlann ag sárú cearta daonna trí gan ‘pósadh’ idir beirt d’aonghnéas a cheadú.

Mar fhocal scoir, caithfidh muid bheith aireach nach ndéantar cúngú ar ár ngaol caradais le daoine ‘aeracha’ de bharr an reifrinn seo. Sea, tá easaontas eadrainn faoin gceist ‘chlásalach’ chasta seo amháin a théann go smior ár gcomhdhaonnachta.

Ach tá caidrimh againn go léir lena chéile ar illiomad bealaí agus is minic muid ag saothrú an tsaoil ghairid seo i gcomhar lena chéile chun ár leasa agus ár dtairbhe go léir. Agus muid ag caitheamh ár vótaí ar son ‘Níl’ ar an Aoine guimís rath Dé orthu siúd atá ‘ar an taobh eile’ i ngach bothán toghchánaíochta fud fad na tíre breátha seo ina mairimid go léir le chéile.

Fág freagra ar 'Bheadh impleachtaí ag vóta ‘TÁ’ nach dtuigeann ‘cosmhuintir na dea-thola’'