‘Bheadh imní ar an bPiarsach faoin mbail atá ar an nGaeilge’ – An Taoiseach i Ros Muc

Cruachás na Gaeilge agus na Gréige faoi chaibidil ag an Taoiseach i Ros Muc inniu

Enda Kenny
An Taoiseach Enda Kenny agus an tAire Stáit Gaeltachta, Joe McHugh

Bheadh imní ar Phádraig Mac Piarais faoin mbail atá ar an nGaeilge ar na saolta seo, a dúirt an Taoiseach Enda Kenny i Ros Muc inniu.

Bhí an Taoiseach ag labhairt le tuairisceoirí ag Teach an Phiarsaigh, áit ar thug sé cuairt sular iompaigh sé an chéad fhód ar shuíomh Ionad Cultúir an Phiarsaigh. Tá Ionad an Phiarsaigh ar cheann de na tograí Stáit atá á mbeartú do Chomóradh Éirí Amach 1916 an bhliain seo chugainn.

Dúirt an Taoiseach go mba léir go raibh an Piarsach an-dílis do thraidisiún na hÉireann agus don Ghaeilge agus gur dóigh go mbeadh díomá air faoi chúlú na teanga.

“Sin dúshlán atá le láimhsiú againn mar phobal agus mar thír anois,” a dúirt sé. Dúirt sé go bhfuil dúshlán mór amach ar aghaidh mhuintir na hÉireann i dtaobh na Gaeilge céad bliain tar éis Éirí Amach na Cásca, 1916.

“Ba mhaith linn uilig go mbeadh mianta an Phiarsaigh i dtaobh na teanga, an chultúir agus na hoidhreachta i gcroílár an chomóraidh ar 1916 an chéad bhliain eile,” a dúirt an Taoiseach.

Dúirt sé go dtabharfadh an ceiliúradh atá dá bheartú ar 1916 deis “dúinn uilig athmhachnamh a dhéanamh” ar an gcosán atá siúlta ag an tír seo le céad bliain agus béim a leagan in athuair ar mhianta Gaelacha Phádraig Mhic Phiarais.

Dúirt sé go mba dhóigh leis chomh maith go dtabharfadh an Piarsach suntas don lorg atá fágtha ag imirceoirí as Ros Muc agus Conamara ar Mheiriceá, mar shampla amháin.

Is cinnte gur mhaith a thaitneodh sé leis an bPiarsach go bhfuil fear de bhunadh Chonamara, Marty Walsh, ina Mhéara ar Bhoston, a dúirt sé. “Thabharfadh sé [an Piarsach] faoi deara go bhfuil an oiread sin de mhuintir Chonamara agus na hÉireann théis lorg a gcuid oibre agus a gcuid intleachta a fhágáil ar thíortha i bhfad agus i ngearr,” a dúirt Enda Kenny.

Fiú agus é ar foscadh ón ngaoth ropanta ag binn Theach an Phiarsaigh níor éalaigh an Taoiseach ó cheisteanna faoi chruachás na Gréige.

Dúirt sé go bhfuil an reifreann sa tír sin thart anois agus gur faoi na Gréigigh atá sé iarratas a dhéanamh ar shuim eile airgid as na cistí idirnáisiúnta má thograíonn siad é. Dhéanfaí a leithéid d’iarratas a thomhas go “ciallmhar” agus go “réadúil”, a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Bheadh imní ar an bPiarsach faoin mbail atá ar an nGaeilge’ – An Taoiseach i Ros Muc'

  • Ruairi s. O'Donaill

    DO THUIGFEADH AN PIARSACH AN DROCH BHAIL ATA AR AN NGAEILGE MAR DO THUIGFEADH SE GO MAITH FINE GAEL AGUS AN ‘TAOISEACH’ ATA ACA!

  • sean

    Bladar, briolla-bhrealla agus an béal bán seo ag Kenny, níl aon teora leo. Deir sé rud amháin, a bhas ar a chroí aige, ach a mhalairt ghlan a dhéanann sé agus ……….a chreideann sé. Ní mé an pleidhce amadáin críochnaithe é nó scaitseálaí déanta. Meascán den dá rud is dócha. Féach go ndúirt sé leis na Gréagaigh, ina cháil mar phréitseálaí ceartchreidmheach, nár bhain sé le PRSI, VAT (CBL) etc ná tada eile sna buiséid anseo abhus! Poodle beag ag Angela é, nuair a deir sí ‘léim’ leis, is é a deir sé léi ‘cé chomh hard’ agus é ag cur cumaí air féin chuici.

  • cormac

    taoiseach no Baoiseach?