Bheadh go leor tráchtairí gan post dá mbeadh orthu anailís cheart a dhéanamh – Fitzmaurice

Dar le bainisteoir Chiarraí, is annamh a bhíonn tráchtairí CLG sna meáin cruinn ina gcuid tráchtaireachta agus deir sé go mbeadh go leor acu díomhaoin dá mbeadh orthu anailís seachas tuairimíocht a sholáthar

Bheadh go leor tráchtairí gan post dá mbeadh orthu anailís cheart a dhéanamh – Fitzmaurice

Bheadh go leor tráchtairí CLG dífhostaithe dá mbeadh orthu anailís a dhéanamh seachas a bheith ag tuairimíocht, a deir bainisteoir fhoireann peile Chiarraí, Éamonn Fitzmaurice.

Agus é ag labhairt inné ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt bainisteoir Chiarraí go bhfuil tábhacht ag baint lena mbíonn á rá sna meáin ach gurbh fhearr do lucht tráchtaireachta díriú ar an anailís seachas ar an tuairimíocht.

“Tá an-chumhacht ag na meáin ach bhí rud suimiúil le rá ag Pádraig Joyce ansin le déanaí – cuireadh chugam rud a scríobh sé. Dúirt sé, ‘Níl tuairimí daoine ag teastáil. An rud atá ag teastáil ná anailís, cén fáth ar tharla an rud seo, cén fáth go ndearna siad an cinneadh sin, cad atá ar siúl acu ansin?’

“Is dóigh liom go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh níos mó den anailís sin ann in ionad tuairimí. B’fhéidir dá mbeadh an sórt anailíse sin ann, go mbeadh an-chuid de na daoine sin as jab! Níl a fhios agam an dtuigeann siad cad a bhíonn ar siúl an-chuid den am agus líonann siad an spás le tuairimí ansin,” a dúirt Fitzmaurice.

“Go háirithe anuraidh nuair a chailleamar, bhíos ag léamh rudaí roimh an gcluiche ceannais, an-chuid den am is iad na hiriseoirí féin is cóngaraí den fhírinne. Na ‘experts’ a bhíonn ag fáil airgead mór, go leor den am, ní bhíonn siad chomh cruinn sin agus, mar a dúirt Pádraig Joyce, bíonn an-chuid tuairimí i gceist ansin.”

Is annamh a labhraíonn Fitzmaurice ar a mbíonn á rá sna meáin agus deir sé go ndéanann sé iarracht go leor den phlé a sheachaint.

“Ní fhéachaim ar mhórán chun an fhírinne a rá. Má bhíonn tú ag féachaint ar an-chuid, agus tá an oiread sin amuigh ann, is féidir leis cur isteach ar do chuid smaointeoireachta féin agus tosaíonn tú ag ceistiú rudaí. B’fhearr liom fanacht agus muinín a bheith agam i mo chuid tuairimí féin.”

Beidh aithne mhaith ag Fitzmaurice ar dhuine de na saineolaithe sin i mbliana agus é fógartha le deireanaí ag RTÉ go mbeidh Colm Cooper ar fhoireann tráchtairí The Sunday Game an samhradh seo agus bhí moladh ag Fitzmaurice dá iar-imreoir.

“Beidh Colm ar fheabhas. Tá a fhios agam go bhfuil an-éirim peile aige agus beidh sé suimiúil éisteacht leis. Bhí sé ar The Sunday Game cheana. An bhliain a raibh sé gortaithe, 2014, bhí sé ann cúpla uair agus bhí sé an-nádúrtha agus bhain sé taitneamh as. Cabhróidh sé leis ó thaobh an fhoireann a fhágáil agus líonfaidh sé an bhearna beagáinín.”

Fág freagra ar 'Bheadh go leor tráchtairí gan post dá mbeadh orthu anailís cheart a dhéanamh – Fitzmaurice'

  • Maidhcí

    Is fiú idirdhealú a dhéanamh idir ról an “tráchtaire” agus ról an “anailísí”. Tráchtaire ag déanamh cuir síos ar cad atá ag tarlú os a chomhair amach agus anailísí ag tabhairt tuairimíocht (maith nú holc) ar cén fáth go bhfuil na rudaí sin ag tarlú.