‘Bheadh drogall orm a mholadh d’aon duine clann a thógáil le Gaeilge’ – sochtheangeolaí

Deir Seosamh Mac Donnacha go mb’fhéidir go mbeadh sé níos ‘simplí’ agus níos ‘fearr’ Béarla a labhairt le gasúir na Gaeltachta

‘Bheadh drogall orm a mholadh d’aon duine clann a thógáil le Gaeilge’ – sochtheangeolaí

Tá ráite ag duine de mhór-shochtheangeolaithe na Gaeilge, Seosamh Mac Donnacha ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go mbeadh “drogall” air a mholadh d’aon duine “clann a thógáil le Gaeilge” agus go mb’fhéidir go mbeadh sé níos “simplí” agus níos “fearr” Béarla a labhairt le gasúir na Gaeltachta.

Ag labhairt dó ar an gclár 7 Lá ar TG4 aréir, dúirt Mac Donnacha, duine d’údair an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, go raibh amhras air an raibh sé “indéanta” sa lá atá inniu gasúr a thógáil sa Ghaeltacht sa chaoi go mbeadh “caighdeán [Gaeilge] an chainteora dúchais” aige.

“Caithfidh mé a rá, ag an bpointe seo, leis na tuiscintí atá agam féin ar chúrsaí teanga agus ar chúrsaí Gaeltachta, go mbeadh drogall orm moladh d’aon duine a gclann a thógáil le Gaeilge, mar níl a fhios agam an bhfuil sé indéanta níos mó do chlann a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht agus a bheith ag súil nuair a bheas do ghasúr sé bliana déag d’aois go mbeadh caighdeán an chainteora dúchais aige sa teanga sin.

“Agus mar thuismitheoir, mura bhfuil tú ag súil leis go bhféadfadh do ghasúr caighdeán an chainteora dúchais a bhaint amach, cén fáth go dtabharfá faoi labhairt leo sa teanga sin ar aon nós? Nach mbeadh sé i bhfad níos simplí, agus b’fhéidir níos fearr, do ghasúir Béarla a labhairt leo,” a dúirt Seosamh Mac Donncha.

Dúirt Mac Donnacha go molfadh sé do thuismitheoirí clann a thógáil le Gaeilge ach “tacaíochtaí” áirithe a bheith ar fáil dóibh.

Ba ghá, a dúirt sé, go mbeadh teacht sa cheantar ina maireann siad ar sheirbhís cúram leanaí trí Ghaeilge agus Gaeilge den scoth ag gach duine a bheadh ag soláthar na seirbhíse sin. Ba ghá leis teacht a bheith ag tuismitheoirí ar réamhscoil ina mbeadh scoth na Gaeilge ag gach duine a bheadh ag obair inti agus ina mbeadh an gasúr ag meascadh le cainteoirí óga dúchais seachas le foghlaimeoirí Gaeilge. Theastódh ina dhiaidh sin bunscoil agus iar-bhunscoil lán-Ghaeilge a mbeadh polasaí teanga “láidir ciallmhar” acu, agus ina mbeadh an teagasc agus na háiseanna ar fad ar fáil iontu i nGaeilge.

“Má tá na rudaí sin ar fáil duit, cinnte ba cheart do chlann a thógáil le Gaeilge mar beidh buntáistí breise i gceist don ghasúr sa gcás sin, ach gan na tacaíochtaí sin beidh sé fíordheacair ag aon lánúin óg a gclann a thógáil trí mheán na Gaeilge sa nGaeltacht sa lá atá inniu ann,” a dúirt Mac Donncha.

Dúirt an sochtheangeolaí go raibh an Polasaí Oideachais nua don Ghaeltacht ar an bplean “is fearr” riamh ag an Stát don Ghaeilge, ach go ‘neosfadh an aimsir’ an gcuirfí i bhfeidhm é.

Pléadh aréir ar 7 Lá an scéal nach ndeachaigh ach 10% de na pacáistí teanga a dáileadh le cúig bliana anuas faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh go dtí an Ghaeltacht.