Tá sé tugtha le fios ag urlabhraí thar ceann Chomhchoiste Sláinte an Oireachtais go mbeadh sé i gceist go mbeadh foláireamh sláinte i nGaeilge ar lipéadú ar tháirgí alcóil dá nglacfaí le moltaí an chomhchoiste maidir le reachtaíocht nua faoi dhíol alcóil.
Dúirt an t-urlabhraí go mbeadh an lipéadú nua an-chosúil leis an lipéadú ar tháirgí tobac ó thaobh na Gaeilge de.
Ní raibh ceist na Gaeilge luaite sa réamhthuarascáil a d’fhoilsigh an Comhchoiste Oireachtais inniu faoin reachtaíocht nua, cé go raibh eolas mion ann faoi chruth, dearadh agus ábhar na lipéad molta.
Foilseoidh an Comhchoiste Sláinte a dtuarascáil ar an reachtaíocht nua alcóil go luath. Moltar sa tuarascáil go mba cheart go mbeadh eolas faoin méid alcóil atá i ndeoch, faoi dheochanna caighdeánacha agus faoin uasmhéid alocóil is féidir a ól i gcaitheamh seachtaine gan dochar a dhéanamh don tsláinte.
Dúirt urlabhraí an Choimhchoiste le Tuairisc.ie go mbeidh an reachtaíocht an-chosúil leis an reachtaíocht reatha don tobac agus ó tharla go mbíonn ar chomhlachtaí tobac lipéadú dátheangach a chur ar a gcuid táirgí go mbeifí ag súil go mbeadh ar chomhlachtaí alcóil déanamh amhlaidh.
Is de bharr cás a tógadh i gcoinne an Stáit agus an Aire Sláinte go bhfuil lipéid rabhaidh i nGaeilge agus i mBéarla araon ar bhoscaí toitíní.
Ba é an cás a rinneadh nach raibh an Stát ag cur i bhfeidhm treoir Eorpach a dúirt gur cheart go mbeadh aon fhógra nó lipéad rabhaidh i dteangacha oifigiúla an Stáit.
Thug urlabhraí ó Oifig an Choimisinéara Teanga le fios do Tuairisc.ie nach dtitfeadh na lipéid rabhaidh nua faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla “ach amháin dá mba rud é go raibh an t-ábhar clúdaithe i ngealltanas i scéim teanga nó dá dá mba rud é go raibh sé luaite go sonrach in achtachán eile.”
Dúirt baill éagsúla an Chomhchoiste Sláinte le Tuairisc.ie go ndéanfaí gach iarracht lipéadú dátheangach a phlé ag cruinnithe an Chomhchoiste amach anseo.
Fág freagra ar 'Bheadh aon fholáireamh sláinte a chuirfí ar tháirgí alcóil i nGaeilge agus i mBéarla'