Bhagair Dinny McGinley éirí as mar gheall ar chinneadh deireadh a chur le hÚdarás na Gaeltachta

Dúirt McGinley, gurbh ionann agus a “Gethsemane” an tráthnóna a ceapadh ina aire stáit é toisc a dhuairce is a bhí an scéal a insíodh dó faoi easpa airgid agus acmhainní na Roinne Gaeltachta

 

An Teachta Dála, Dinny McGinley. Pictiúr: Photocall Ireland
Dinny McGinley. Pictiúr: Photocall Ireland

Deir iar-Aire na Gaeltachta Dinny McGinley go rabhthas ar tí deireadh a chur le hÚdarás na Gaeltachta nó gur chuir sé féin feachtas ar bun chun an eagraíocht a thabhairt slán.

Dúirt an t-iar-aire stáit gur thug sé le fios don Taoiseach Enda Kenny go n-éireodh sé as a phost sa chás go gcuirfí deireadh leis an Údarás.

Agus é faoi agallamh ar an gclár Cormac ag a Cúig ar RTÉ RnaG tráthnóna inné, dúirt McGinley gur éirigh leis tacaíocht an Taoisigh a fháil chun an plean a bhí ann cúraimí an Údaráis a aistriú go dtí an IDA agus Enterprise Ireland a chur ó mhaith.

Dúirt sé gurbh é an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, a bhí faoi stiúir an Aire Brendan Howlin, ba mhó a bhí ag iarraidh deireadh a chur leis an Údarás.

Dúirt McGinley,  gurbh ionann agus a “Gethsemane” an tráthnóna a ceapadh ina aire stáit é toisc a dhuairce is a bhí an scéal a insíodh dó faoi easpa airgid agus acmhainní na Roinne Gaeltachta.

“B’in mo Gethsemane-ne an tráthnóna sin. Cén fáth go dtug tú an chailís seo domsa ag an phointe seo?” a dúirt sé.

Mhaígh an t-iar-aire gur éirigh leis an ceithre mhórchuspóir a bhí aige mar aire a bhaint amach: Údarás na Gaeltachta a thabhairt slán; neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga a chosaint; an liúntas a íoctar le mná tí na Gaeltachta a ardú; agus seirbhísí iompair na n-oileán a thabhairt slán.

Dúirt sé gur éirigh leis an méid sin a dhéanamh in ainneoin nach raibh “aon airgead fágtha” ina roinn.

Ghéill McGinley go raibh an cháil ar Fhine Gael gur páirtí ‘frith-Ghaelach’ atá ann, ach dúirt sé nach amhlaidh atá.

Bhí an Conallach ina Theachta Dála ó toghadh den chéad uair i 1982 é go dtí gur éirigh sé as roimh olltoghchán na bliana seo. Bhí sé ina Aire Stáit don Ghaeltacht ó 2011 go dtí 2014.

 

Fág freagra ar 'Bhagair Dinny McGinley éirí as mar gheall ar chinneadh deireadh a chur le hÚdarás na Gaeltachta'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Seo é an duine is measa a bhí riamh ag an stát i gceannas ar ghnaithí Gaeltachta ag iarraidh maithiúnas orainn ar a gcuid peacaí? B’fhéidir go míneodh sé cén fáth ar dhaingnigh sé stádas Gaeltachta na ceantracha nach bhfuil Gaeilge ar bith fágtha iontu, lena Acht na Gaeltachta, cé gur gheall sé a mhalairt? Nó cén fáth ar chuir sé deireadh le ionadaíocht Ghaeltachta ar Bhord an Údaráis, nó cén fáth ar chuir sé deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge gan tada fiúntach a chur in a áit?