TG4@20: ‘B’fhiú gach picéad, agóid agus cás cúirte, ach fainic an Béarla’

TG4@20: Bhí ár gcomhfhreagaí ar dhuine de 15 a cuireadh príosún orthu mar chuid den fheachtas ar son na Teilifíse Gaeilge. Níl lá aiféala uirthi…

TG4@20: ‘B’fhiú gach picéad, agóid agus cás cúirte, ach fainic an Béarla’

TG4 at 20

Éacht a bhí ann nuair a las an solas dearg agus gur thosaigh TG4 ag craoladh as Baile na hAbhann scór bliain go ham seo, éacht go mba ghá do chuid mhór daoine troid go dian ar feadh blianta fada ar a son, míorúilt ar bhealach. Bheadh sé deacair ar an aos óg, ach go háirithe, cuimhneamh anois ar an tréimhse roimh TG4. Is cuid dár saol anois í. Is í ár stáisiún teilifíse féin í.

Dhá scór bliain ó shin an Samhradh seo bhí ceathrar againn lasmuigh de Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath– an léachtóir cáiliúil Fiachra Ó Dubhthaigh, an cartúnaí iomráiteach Flann Ó Riain (an cuimhin libh ‘Doll’ agus Dáithí Lacha?), an mháthair clainne agus agóidí Gaeilge, Gaeltachta agus Poblachtánach Cáit Uí Chadhain agus an mac léinn óg Ollscoile, mé féin, os comhair na cúirte le chéile, cúisithe as gan ceadúnas teilifíse a bheith againn.

Feachtas easumhlaíochta sibhialta a bhí ann ag Conradh na Gaeilge ag éileamh breis chláracha Gaeilge ar RTÉ, ach ní fada gur fhorbair an feachtas céanna ina éileamh ar son stáisiún teilifíse Gaeilge. Fuarthas triúr againn ciontach an lá sin, ach saoradh Fiachra ar phointe teicniúil teanga a bhain leis an difríocht idir “an céad lá” agus “an chéad lá”. Cuireadh an triúr againne agus dáréag eile i bpríosún níos déanaí nuair nach rabhamar sásta an fhíneáil a íoc.

Dhá scór bliain níos déanaí, is beag duine a bhí páirteach sa bhfeachtas ar son TG4 – muintir Chonradh na Gaeilge, Freagra, Meitheal Oibre Theilifís na Gaeltachta agus an Feachtas Náisiúnta Teilifíse nach ndéarfadh gurbh fhiú gach picéad, agóid, cás cúirte, cruinniú, dreapadh aeróige (Ciarán Ó Feinneadha), suí isteach, achainí, litir chuig nuachtáin, srl nuair a baineadh TnaG/TG4 amach sa deireadh. Agus, ar ndóigh, bhí tionchar ollmhór ag an stáisiún bradach teilifíse a bhunaigh Meitheal Oibre Theilifís na Gaeltachta i Ros Muc ar chur chun cinn an fheachtais.

Is cinnte go bhfuil ‘Súil Eile’, an mana a chum Pádhraic Ó Ciardha don stáisiúin, le feiceáil go soiléir agus aitheanta go forleathan i measc an phobail.

Tá sí sa tseirbhís nuachta a thugann léargas dár gcuid féin ar chúrsaí náisiúnta, idirnáisiúnta agus thar rud ar bith eile ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge. Tá sí sa chlár cúrsaí reatha den chéad scoth 7 Lá agus sna craoltaí speisialta toghchánaíochta agus buiséid. Tá sí sna cláracha faisnéise den chéad scoth a chraol TG4 thar na blianta. Tá sí sna cláracha agus sna cartúin go léir a chraolann TG4 do pháistí óga – timpeall 4 uair an chloig sa lá faoi láthair. Tá sí sa sobalchlár Ros na Rún a bhfuil an-ráchairt air. Tá sí sna sárchláracha drámaíochta a craoladh ar nós Corp agus Anam, An Bronntanas, Na Cloigne, An Klondike agus an gearrscannán Rúbaí. Agus níl ansin ach roinnt samplaí.

Eilimint de TG4 a thaitníonn le daoine áirithe ach a chuireann daoine eile le báiní ná an oiread cláracha spóirt a bhíonn ar TG4. Is geall le stáisiún spóirt é uaireanta agus is cinnte go n-úsáideann TG4 imeachtaí spóirt chun teacht ar lucht féachana níos leithne ná a gcroí-lucht féachana féin. Ach cosnaíonn cuid de na cearta spóirt sin a lán airgid agus is gá an cheist a chur, an bhfuil an oiread sin spéise ag pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge sna cláracha spóirt seo go léir?

Arbh fhearr cuid den airgead a chaitheamh ar chomhlacht beag teilifíse Gaeltachta nó Gaeilge a bhíonn ag iarraidh clár faisnéise nó eile a dhéanamh do TG4 ar €25,000 sa leathuair?

Ní bhíonn gá, ar ndóigh, le mórán Gaeilge chun imeachtaí spóirt a leanúint. An é sin cuid den pholasaí? É sin ráite, bíonn caighdeán na tráchtaireachta ar TG4 an-ard agus tugtar deis d’imeachtaí spóirt cosúil le Cluichí na gClubanna agus Peil na mBan nach bhfaigheadh mórán deiseanna poiblíochta gan TG4.

Gné eile den tSúil Eile, agus bua mór de chuid TG4, ná go mbíonn coinsias sóisialta agus polaitíocht níos radacúla le feiceáil go minic nach mbíonn ar stáisiúin teilifíse eile. Bhuaigh an sárchlár Torthaí na Daoirse de chuid TG4, faoi oibrithe Dunnes Stores agus an Chinedheighilt san Afraic Theas, duais ghradamúil Radharc le déanaí, mar shampla, ach ní fhéadfaí a mhaíomh gur clár Gaeilge a bhí ann. Bhí Gaeilge ann cinnte, ach bhí i bhfad níos mó Béarla ann.

Is anseo a thagaimid chuig an bhfadhb is mó atá ag TG4, dar liom. Bíonn i bhfad an iomarca Béarla ar TG4 agus baineann an fhadhb seo, a chránn croíphobal TG4, le cúig eilimint éagsúla, dar liom:

  • Cláracha a chraoltar as Béarla toisc go bhfuil sé níos saoire cláracha Béarla a cheannach ná cláracha Gaeilge a dhéanamh
  • Cláracha a chraoltar as Béarla chun pobal an Bhéarla a mhealladh agus rátaí TAM a ardú nó ag súil (b’fhéidir) go bhfanfaidh siad leis an stáisiún tar éis an chláir Bhéarla.
  • Cláracha atá coimisiúnaithe ag TG4 féin, agus atá in ainm is a bheith as Gaeilge, ach go mbíonn an-chuid Béarla iontu – cláracha dátheangacha i ndáiríre
  • Cláracha a bhíonn go bunúsach as Béarla ach go gcuirtear láithriú Gaeilge leo
  • Na fotheidil éigeantacha Béarla a bhíonn le gach clár réamhthaifeadta Gaeilge, seachas cláracha do pháistí, agus nach féidir a mhúchadh. Tá sé spéisiúil gur féidir na fotheidil Bhéarla a mhúchadh ar an seinnteoir anois ach is beag duine a thuigeann gur mar sin atá.

Is í fadhb seo an Bhéarla an locht is mó atá ar TG4, agus ní ceist airgid nó teicneolaíochta amháin is cúis leis, ach dearcadh atá ag cuid de bhainistíocht TG4, gur gá díriú ar phobal an Bhéarla, ach go háirithe, chun lucht féachana TG4 a mhéadú. Ní thagaim leis sin ar chor ar bith. Creidim gur chóir gur thosaíocht ag TG4 an croíphobal féachana a mhéadú i.e. pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge ar fud na tíre mar aon leo siúd a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus cumas áirithe Gaeilge acu agus gur mhaith leo cláracha a fheiceáil as Gaeilge.

Bíodh fotheidil roghnacha ar fáil dóibh siúd atá ag lorg a leithéid agus fáilte ó chroí rompu breathnú ar an stáisiún teilifíse Gaeilge.

Is cinnte go bhfuil éacht déanta ag TG4 ar bheagán airgid. Ach tá sé tábhachtach nach mbeifí ag ceapadh gur chun dul in iomaíocht leis na stáisiúin Éireannacha agus eachtrannacha eile atá TG4 ann, ach chun freastal sa chéad áit ar mhianta agus ar riachtanaisí phobal na Gaeltachta, na Gaeilge agus lucht spéise sa Ghaeilge. Gura fada buan ár stáisiún teilifíse féin, TG4.