B’fhiú d’Aontachtaithe aird a thabhairt ar an Uachtarán Ó hUigínn

Ní gá gur cúl le cine é athscrúdú a dhéanamh ar an am atá caite ach ní léir go nglactar leis sin…

2014 Leopardstown Christmas Festival, Leopardstown Racecourse, Dublin 27/12/2014 President Michael D Higgins checks his race card in The Winning Line tent at Leopardstown ahead of the day's racing Mandatory Credit ©INPHO/Donall Farmer
Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

Is mór an trua gurbh éigean don Uachtarán Micheál D Ó hUigínn a intinn a athrú faoi bheith páirteach in ócáid i Halla na Cathrach, Béal Feirste an tseachtain seo. Comóradh ar Éirí Amach na Cásca atá i gceist, mar chuid de shraith imeachtaí do ‘Deich mBliana na gCuimhneachán 1912-1922’.

Chinn an tUachtarán nach bhféadfadh sé freastal ar an gcomóradh mar gur chosúil nach raibh an tacaíocht trasphobail, tras-pháirtí a bhí geallta dó ag an ócáid.

Rinneadh comhaontú idir pháirtithe na Comhairle faoi na himeachtaí comórtha do Chúnant Uladh, don Éirí Amach, do Cath an Somme, agus do bhunú Thuaisceart Éireann. Cuireadh na socruithe do chuairt an Uachtaráin as a riocht nuair a d’fhógair an DUP nár chuir an comhaontú sin iachall orthusan freastal ar an dinnéar leis an Uachtarán. Ba i bhfianaise chinneadh an DUP a d’fhógair an tUachtarán Ó hUigínn nach mbeadh sé i láthair mar go mbeadh sé míchuí é a bheith sáite i gconspóid pholaitiúil.

Chuir an SDLP agus Alliance an milleán ar an DUP faoin bpraiseach. Dúirt Sinn Féin gur údar aiféala é an tUachtarán a bheith as láthair ach go leanfaí leis an bplean dá éagmais.

Ba dheacair a dhéanamh amach an raibh rún ag an DUP ón tús baghcat a dhéanamh ar an ócáid nó arb é toghchán an Tionóil faoi cheann míosa is cúis leis.

Níl aon dabht ach go bhfeabhsódh óráid ó Mhicheál D Ó hUigínn caighdeán na cainte i Halla na Cathrach. Bheadh doimhneacht agus dúshlán ina aitheasc nach gcloistear rómhinic san halla galánta sin. Tá roinnt aontachtach oibrithe faoin moladh a rinne sé an tseachtain seo caite gur cheart athscrúdú a dhéanamh ar fhoréigean na himpireachta amhail an t-athmheasúnú atá á dhéanamh ar an Éirí Amach.

Tá cinnteacht cheartchreidmheach faoina leagan amach féin ar an stair de dhlúth agus d’inneach chur chuige an DUP, TUV, UKIP agus chuid mhaith den UUP. Scór bliain agus an t-am seo, d’fhoilsigh an t-údar aontachtach Norman Porter a leabhar Rethinking Unionism ag moladh féinanailíse dóibh, leabhar nár cuireadh fáilte chroíúil roimhe.

Ní hiontas mar sin go raibh doicheall ag móramh aontachtach roimh mholadh an Uachtaráin an tseachtain seo caite go ndéanfaí scrúdú ar fhoréigean agus ar dhearcadh caithréimeach impireacht na Breataine. “Whataboutery” náireach ab ea é, arsa na daoine a thug an t-eiteachas as éadan don mholadh – iad dall ar admháil an Uachtaráin go raibh laigí ar an insint náisiúnach ar an stair freisin. Tá nós an ‘ach céard faoi?’ an-choitianta i dTuaisceart Éireann agus is é a thoradh nach ndéantar scrúdú as an nua ar imeachtaí. Ní gá gur cúl le cine é athscrúdú a dhéanamh ar an am atá caite ach ní léir go nglactar leis sin.

Ní bheadh athscrúdú ar chleachtais na himpireachta ná ar chur chuige na n-aontachtach ag teacht le meoin an léigir. Seans go bhfuil níos mó féinmhuiníne ná mar atá ag aontachtaithe riachtanach chun tabhairt faoi iniúchadh den saghas sin. Is fusa go mór fada a chreidiúint gur ar an taobh eile atá gach locht ná a dhul i ngleic le laige inmheánach. Cúpla lá ó shin, dúirt comhalta sinsir den DUP go neamhbhalbh gur bheartais ‘chosanta’ ab ea armáil agus bagairt foréigin an UVF in aghaidh rialtas dúchais a chur i bhfeidhm. Beartas ‘morálta’ a bhí ann dar leis murab ionann agus tréas agus sceimhle na reibiliúnaithe i mBaile Átha Cliath.

Sin í an argóint chéanna a chloistear faoi fhoréigean na bparaimíleatach dílseach i gcomparáid le foréigean an IRA Sealadach – d’ainneoin é a bheith soiléir go raibh an dá thaobh ionsaitheach.

Tá dornán beag i measc tráchtairí agus staraithe a mholann d’aontachtaithe tabhairt faoin sórt féinscrúdaithe a mhol an tUachtarán. Ba mhór an gar é dá ndéanfaí sin sna blianta beaga seo romhainn.

Faoi cheann cúig bliana beifear ag comóradh – nó ag ceiliúradh, a deir Arlene Foster – bunú Thuaisceart Éireann. Maise ar an saothar a bheadh ann athscrúdú a dhéanamh faoi tráth sin.

Fág freagra ar 'B’fhiú d’Aontachtaithe aird a thabhairt ar an Uachtarán Ó hUigínn'

  • Antaine Dunbarra

    A Phóilín, a chara: Ar mheas tú riamh is tú, mar mé fhéin, mar bhall den Chumann Éigse agus Seanchais in Ollscoil na Gaillmhe, go mbeadh tú ag scríobh alt faoi Micheal D. agus é in a Uachtarán na hÉireann? Moladh go deo leis. Go n-éirí leis agus leatsa chomh maith.

    Antaine (i gCeanada)

    • Póilín

      Bhí a fhios againn go raibh mianach as an gcoitiantacht ann – ach é a bheith ina Uachtaran! Nach ‘in éacht. Go raibh rath ort i gCeanada.