B’fhiú comhairle ó Roy Keane faoi conas Eriksen a stopadh

Tá an-chuid cainte déanta faoin tionchar mór a d’fhéadfadh a bheith ag Christian Eriksen na Danmhairge ar chluiche mór na hoíche anocht

B’fhiú comhairle ó Roy Keane faoi conas Eriksen a stopadh

Imreoir na Danmhairge, Christian Eriksen. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Is é an dúshlán is mó atá roimh Martin O’Neill agus a chuid imreoirí sa Danmhairg anocht ná a chinntiú nach mbeidh deis na hÉireann cáiliú do Chorn an Domhain ligthe le sruth faoin am a thabharfaidh na foirne aghaidh ar a chéile arís i mBaile Átha Cliath Dé Máirt.

Dá gcríochnódh cluiche na hoíche anocht ar chomhscór, agus go háirithe dá n-éireodh le hÉirinn cúl a scóráil sa chluiche comhscóir sin, toradh maith a bheadh ann. Fiú má éiríonn leis an Danmhairg an ceann is fearr a fháil ar fhoireann O’Neill, ní tubaiste a bheadh ann chomh fada is nach mbíonn idir na foirne ach an t-aon chúl amháin.

Agus daoine ag trácht ar phlean chun na Danmhargaigh a stopadh, ní haon iontas é gur ar Christian Eriksen is mó atá aird, agus is cinnte go mbeidh go leor ag brath ar iarrachtaí na hÉireann fear Tottenham a choinneáil faoi chois.

Níl aon amhras ann ach gurb é Eriksen an t-imreoir is cumasaí a rachaidh chun páirce anocht agus sárthaispeántais tugtha aige uaidh sa Phríomhroinn agus leis an bhfoireann náisiúnta le bliain nó dhó anois. Ocht gcúl a d’aimsigh sé le linn fheachtas cáilithe na Danmhairge agus is é a stiúrann imirt na foirne agus é ar dualgas sa spás idir na fir lár páirce agus na tosaithe.

Seans go mbeadh comhairle mhaith ag leasbhainisteoir na hÉireann, Roy Keane, dá chuid imreoirí maidir le conas Eriksen a choinneáil ciúin.

Nuair a chas Éire ar an Ísiltír sa chluiche cáiliúil sin in 200, rinne Keane calaois chrua ar laoch na hÍsiltíre, Marc Overmars, luath san imirt. Is beag tionchar a bhí ag Overmars don chuid eile den chluiche agus déarfá go mbeadh plean dá leithéid ar intinn ag duine d’imreoirí Martin O’Neill anocht.

Is é James McClean, ar ndóigh, an chéad duine a rithfeadh leat chun aithris a dhéanamh ar Keane sa teaicleáil ach tá fear Dhoire ar dhuine de dheichniúr a bhfuil cárta buí acu agus fionraíocht i ndán dóibh má fhaigheann siad ceann eile.

Mar sin má fhaigheann McClean, Ciaran Clark, Darren Randolph, Shane Duffy, Cyrus Christie, Stephen Ward, Daryl Murphy, Harry Arter, Glenn Whelan nó Aiden McGeady cárta buí anocht, ní bheidh siad ar fáil do chluiche an Mháirt san Aviva. Ar ndóigh David Meyler an t-aon duine atá ar fionraí do chluiche na hoíche anocht.

Mura bhfuil fonn ar na hÉireannaigh dul sa seans agus teaicil crua a dhéanamh ar Eriksen, d’fhéadfadh siad a choinneáil faoi chois trí scata imreoirí a choinneáil á fhaire. Gach seans go dtiocfaidh Glenn Whelan isteach in áit Meyler anocht agus idir Whelan, Jeff Hendrick agus Harry Arter, bí cinnte go mbeidh duine acu sa mullach ar Eriksen i gcónaí.

Ó thús ré Martin O’Neill, is minic mórimreoirí agus laochra an fhreasúra coinnithe faoi smacht ag a fhoireann. Ar na sárpheileadóirí nár éirigh leo mórán tionchair a bheith acu i gcluichí in aghaidh na hÉireann, bhí Gareth Bale, Zlatan Ibrahimovic, David Alaba agus Edin Dzeko. Dá bhféadfaí Christian Eriksen a chur leis an liosta sin anocht, bheadh Éire leath bealaigh go Corn an Domhain an samhradh seo chugainn.

Fág freagra ar 'B’fhiú comhairle ó Roy Keane faoi conas Eriksen a stopadh'