B’fhéidir nach slánaitheoir é Gerry Adams ach Maois, an fáidh nár bhain Tír Tairngire amach?

Bhí gonc agus sonc uile-Éireann do Shinn Féin i measc scéalta na dtoghchán ó thuaidh agus ó dheas, a deir ár gcolúnaí

Gerry Adams. Pictiúr: Stephen Kilkenny/Photocall Ireland.

Ceann de na rudaí is spéisiúla faoi chur chuige Shinn Féin an fuinneamh a bhíonn i gceist leis an ghluaiseacht ar fad a choinneáil ag gluaiseacht ar bhonn uile-Éireann. Bhí páirtithe an Stáit seo ag gearán go raibh siad spíonta i ndiaidh an olltoghcháin agus go raibh tuirse mar an gcéanna ar vótóirí. Ar an ábhar sin, rinne Fine Gael agus Fianna Fáil ‘gar’ don phobal, rinne socrú eatarthu féin, shocraigh aireachtaí do roinnt Teachtaí Dála neamhspleácha agus bhunaigh rialtas mionlaigh agus an Leath-Thaoiseach, Enda Kenny, ina bhun.

Agus na comhráite sin ar siúl sa Phoblacht, bhí Sinn Féin i mbun feachtais eile sa Tuaisceart. Thug siad aghaidh ar Stormont uair amháin eile agus d’éirigh leo, den chuid ba mhó.

Ach tharla rudaí le linn an dá fheachtas a thabharfadh ábhar eile machnaimh don pháirtí. D’éirigh go maith leo sa Phoblacht ach ba é aiséirí Fhianna Fáil agus na n-iarrthóirí neamhspleácha scéal mór an toghcháin sin. Agus is iad na hiarrthóirí neamhspleácha a thugann léargas ar anchás Shinn Féin sa Deisceart ach go háirithe.

Smaoinigh ar Katherine Zappone, iarrthóir neamhspleách, a bhí ina TD ar feadh 70 lá – sula ndearnadh aire di! 70 lá agus is aire í! Tá blianta móra fada caite ag Gerry Adams agus ag Teachtaí Dála eile Shinn Féin ag stocaireacht ar son a bpáirtí féin ach – go fóill féin – ní éiríonn leo oiread agus cuireadh chun suíochán rialtais a fháil. Is fusa do ghníomhaí feimineach as Meiriceá bheith ina haire rialtais i mBaile Átha Cliath ná gníomhaí poblachtánach as Béal Feirste. Pléigh!

An bhfuil ábhar sóláis le fáil ag an pháirtí sa Tuaisceart? Ag Arlene Foster agus an DUP a bhí an bua ba mhó – lilí, ba léir ó, ba léir ó, ba againn an lá – agus tá an DUP i ndiaidh cumas athnuachana a léiriú a chuirfeas eagla a gcraicinn ar aontachtaithe Uladh agus ar náisiúntóirí trí chéile.

Fuair Sinn Féin an lámh in uachtar ar an SDLP ach, an rud is annamh…, chaill siad féin suíochán amháin agus bhí titim an-bheag ar a vóta.

Tá, gan amhras, an-drochdhóigh ar an SDLP ach is ionann an sonc a thug Sinn Féin dóibh agus do mhamó a mhaslú faoin am seo. Tá an lámh in uachtar ag Sinn Féin orthu le roinnt blianta ach – agus seo ábhar eile imní acu – diúltaíonn an SDLP agus a gcuid vótóirí imeacht ar fad.

Má tá clú ar mhuintir Shinn Féin as a bheith ceanndána, d’fhéadfá an rud céanna a rá faoi na vótóirí atá go fóill ag an SDLP. Tóg, mar shampla, Tuaisceart Aontroma, áit nach raibh ball tionóil ag an SDLP le roinnt blianta. Fuair iarrthóir an pháirtí ansin 3,000 vóta. Ní mórán é agus níor leor é le suíochán a bhaint amach. Mar sin féin, tharla an rud céanna ar fud an Tuaiscirt – iarrthóirí SDLP a chuaigh sa seans, a bhain dornán míle vóta ach nár éirigh leo. Bíodh is gur chaith Sinn Féin airgead mór ar a bhfeachtas, bíodh is nár stad Sinn Féin den bholscaireacht ar a son féin agus bíodh is go bhfuil laigí móra struchtúrtha ar an SDLP, d’aimsigh an páirtí 83,000 míle vótóir – ina n-ainneoin féin beagnach!

Mura gcuireann an SDLP go mór lena vóta sa chéad toghchán tionóil eile, is ar éigean go mbeidh triúr nó ceathrar ball tionóil acu ar bhinsí Stormont. Ach nach mór an t-iontas é go bhfuil vótóir ar bith de chuid an SDLP ina sheasamh go fóill faoin am seo? Cluas bhodhar a thug siad d’achainí Shinn Féin agus mura dtig le Sinn Féin an SDLP a chloí nó, níos tábhachtaí, a gcuid vótóirí a mhealladh faoin am seo, cad é an seans atá acu le vótóirí atá dílis d’Fhianna Fáil nó d’Fhine Gael?

Sea, is ‘dáigh-hard’ vótóirí iad an 80,000 míle duine sin. Níl siad le haistriú go Sinn Féin. Mura mbíonn an SDLP acu, is mó seans go n-éireoidh siad as vótáil nó roghnóidh siad mionpháirtí eile. Sa chás sin, beidh titim mhór ar an vóta náisiúnach, is láidre a bheas ionadaíocht aontachtúil dá bharr sin agus is tláith ar fad an chuma a bheidh ar chaint Shinn Féin go mbeidh Éire aontaithe ann ach ionadaithe tofa bheith ag an pháirtí sin i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath.

Sula mbíonn toghchán eile sa Tuaisceart, is dócha go mbeidh olltoghchán eile sa Phoblacht. Beidh ar Shinn Féin tuilleadh acmhainní daonna agus airgid a chaitheamh air sin. Agus ní ag dul in óige atá an t-uachtarán, Gerry Adams, nó an leas-chéad aire, Martin McGuinness.

Is maith le poblachtánaigh smaoineamh ar Adams mar shlánaitheoir ghluaiseacht na poblachta. B’fhéidir nach slánaitheoir é ach Maois, an fáidh nár bhain Tír Tairngire amach?

Fág freagra ar 'B’fhéidir nach slánaitheoir é Gerry Adams ach Maois, an fáidh nár bhain Tír Tairngire amach?'