B’fhéidir nach bhfuil canúintí na Gaeilge chomh scartha óna chéile agus a cheaptar…

Pé scéal é, an féidir gur ‘mrá’, ‘cro[i]c’, agus ‘crocá[i]n’ a bhí ag cuid de mhuintir an Bhlascaoid agus Chorca Dhuibhne?

B’fhéidir nach bhfuil canúintí na Gaeilge chomh scartha óna chéile agus a cheaptar…

Dála mar a dhein sé leis na céadta eile romham, bhí sé de chineáltacht i Danny Sheehy mise a thabhairt timpeall Chorca Dhuibhne agus mé ar cuairt ann cúpla bliain ó shin. Seachtain a chaitheas ina theannta, ag bailiú focal agus eolais uaidh.

Bhí cúraimí eile ar Danny lá des na laethanta agus mhol sé dom aghaidh a thabhairt ar Ionad an Bhlascaoid. Dheineas rud air.

Isteach liom i seomra dorcha ina raibh seanscannán de Ghearóid ‘Cheaist’ Ó Catháin á thaispeáint. Ag cuimhneamh siar ar a lá deireanach ar an mBlascaod a bhí Gearóid, tráth nach raibh sé ach ina bhuachaillín óg.

Baineadh siar asam nóimeat nó dhó isteach sa phíosa cainte. ‘Ní féidir gur ‘croic’ [cnoic] atá á rá ag an bhfear sin, an féidir?’ arsa mise liom féin. Bhioraíos mo chluasa. “Go sábhála Dia sinn, an ‘croic’ atá díreach ráite anois aige,’ arsa mise liom féin arís, ‘nó ab í mo chuid samhlaíochta atá ag bualadh bob orm?’

In ainneoin gur sa tseachtain sin féin a dheineas taifead ar chaint Danny Sheehy, ba é mo dhearmhad nár chuireas ceist air faoin bpointe foghraíochta seo, féachaint an gcloistí a leithéid riamh i nGaeilge an Bhlascaoid.

Ráinig, áfach, go raibh caint á thabhairt ag scoláire óg cúpla lá ina dhiaidh sin, i Leabharlann an Daingin, ar stair shóisialta an Bhlascaoid. Ón áit thiar ab ea é. Chuireas mé féin in aithne don scoláire seo tar éis na cainte agus d’fhiafraíos de faoin méid a cheapas a bhí cloiste agam.

“Bhí roinnt miondifríochtaí idir Gaoluinn an Bhlascaoid agus Gaoluinn na míntíre, ceart go leor, ach ní raibh sé sin ar cheann acu, chomh fada agus is eol dom. Beidh mé ag éisteacht an chéad uair eile [le caint Ghearóid]”, ar seisean liom.

B’éigean dom filleadh abhaile cúpla lá ina dhiaidh agus níor éirigh liom an cheist a tharrac aníos in athuair le Danny Sheehy ná le mo dhuine.

Is beag ná raibh sí dearmhadta ar fad agam nó gur chuala Pádraig Ua Maoileoin ag caint le Mícheál Ó Sé ar Cartlann Bhóthar na Léinsí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta níos luaithe i mbliana. Mar is eol do roinnt mhaith cheana, ba de threabhchas an Oileáin muintir Phádraig.

B’fhacthas domsa gur ‘mná’ a bhí ag an Maoileonach ach gur ‘mrá’ a déarfadh sé dá mbeadh réamhfhocal ag teacht roimhe; a leithéid seo, cuir i gcás: ‘Mná is mó a dheineadh an obair sin’, ach ‘Ar na mrá a thiteadh sé an obair sin a dhéanamh’.

Deirtear liom go gcloistí leaganacha mar ‘na mrá rialta’ ar an nGráig i gCorca Dhuibhne agus gur ghnách le cuid de mhuintir na háite sin ‘Croc a’ Dúin’ a thabhairt ar Knockadoon, atá sa taobh thoir de Chontae Chorcaí.

Chonac an focal ‘faic’ i dtéacs tras-scríofa le Seosamh Ó Cuaig (san iris Comhar anuraidh) agus caint mná as Ros Muc á breacadh síos aige, agus deir Liam Mac Con Iomaire gur cuimhin leis a sheanathair ag cur séimhiú ar fhocail áirithe tar éis ‘sa’, ar nós ‘sa channa’, mar shampla. B’fhéidir, i ndeireadh báire, nach bhfuil na canúintí chomh scartha óna chéile agus a cheapaimid.

Pé scéal é, an féidir gur ‘mrá’, ‘cro[i]c’, agus ‘crocá[i]n’ a bhí ag cuid de mhuintir an Bhlascaoid agus Chorca Dhuibhne?

Ba bhreá liom dá roinnfeadh daoine a gcuid eolais agus tuairimí linn ar an gceist seo sa bhosca tráchta thíos nó teagmháil a dhéanamh liomsa mar gheall air go dtí nuacht@tuairisc.ie.

__________________________________

Tá tras-scríobh á dhéanamh ag Kevin Hickey ar ‘Leagan Cainte’ faoi láthair d’fhonn leabhar agus dlúthdhiosca a fhoilsiú amach anseo

Fág freagra ar 'B’fhéidir nach bhfuil canúintí na Gaeilge chomh scartha óna chéile agus a cheaptar…'

  • Seanán Ó Coistín

    Tá siad an-chosúil lena chéile. Deireann Béarlóirí Mheiriceá “tomato” ar nós “tométó” ach deir muintir na hÉireanna agus na Breataine, “tomató”. Deir an chéad dream “rabhat” do “route” ach deireann muidne “rút”. Is an teanga cheanann céanna í ach bealaí éagsúla leis an rud céanna a rá. Ní thuigim cén fáth a chuireann daoine iontas i mionéagsúlachtaí sa Ghaeilge. I Sasana, tá difear idir tuaisceart agus deisceart na tíre maidir le fuaimniú an fhocail “bath”. I dtuaisceart Sasana, fuaimnítear an “a” in “bath” ar nós “father” ach i ndeisceart Sasana, deirtear mar “bawth” é. Is an focal céanna é ach ní maítear gur canúintí éagsúla iad. Ní gá míol mór a dhéanamh de mhíoltóg.

  • Kevin Hickey

    A Sheanáin, a chara,

    Níl ann ach go samhlóinn mr- agus cr- le Cúige Chonnacht agus le Cúige Uladh, agus nach eol dom aon phlé a bheith déanta ar an bhfeiniméan seo cheana i gcomhthéacs Ghaeilge na Mumhan, cé go bhféadfadh dul amú a bheith orm ansin, ar ndóigh.

    Sílim go bhfuil sé spéisiúil, sin uile.

    Le meas,

    Kevin

  • Anna

    Má thuigim an t-alt i gceart, níl mar ‘fhianaise’ agat go dtí seo ach focail áirithe ó chainteoirí áirithe? Más fianaise den saghas sin atá agat, agus má tá fonn ort staidéar a dhéanamh ar fhoghareolaíocht na Gaeilge, teastaíonn i bhfad níos mó fianaise uait sara bhféadfaidh tú aon ní a rá faoi fhoghareolaíocht chanúint na gcainteoirí iad féin ná faoi fhoghareolaíocht na gcanúintí go ginearálta.

    Ar an gcéad dul síos, caithfidh tú staidéar a dhéanamh ar bheathaisnéis na gcainteoirí agus í a chur san áireamh. (Cén cur amach a bhí orthu ar na canúintí eile? Ar chaith siad tréimhsí in áiteanna eile? An raibh siad pósta le daoine ó cheantair inar labhraíodh canúint eile?) Agus ansin, caithfidh tú an cheist a chur: Cé hiad na daoine lena raibh na cainteoirí ag caint? Tarlaíonn sé go mion minic go n-iompaíonn daoine ar chanúint na ndaoine lena bhfuil siad ag caint. Anuas air sin, chun níos mó eolais faoi stair na canúna a bhaint amach, caithfidh tú súil a chaitheamh ar fhianaise scríofa ó dhaoine eile – ‘Description d’un parler irlandais de Kerry’ le Marie-Louise Sjoestedt-Jonval, mar shampla -, agus caithfidh tú cluas a thabhairt de thaifid eile a rinneadh – na taifid atá le fáil ó ‘https://www.doegen.ie/ga/’, mar shampla. Agus ansin, i ndeireadh thiar thall, sílim go mbeidh tú in ann rud éigin a rá faoi fhoghareolaíocht na Gaeilge.

    Dár ndóigh, ní deirim é sin chun lagmhisneach a chur ort. Is é an rud atá á rá agam ná, ní féidir leat aon ní a bhunú ar bhlúiríní beaga ó chainteoirí áirithe.

  • Tomás L. Ó Murchú

    A chara,

    Go bhfios domsa níl na hathruithe atá luaite agat i nGaeilge Chorca Dhuibhne, nó i nGaeilge na Mumhan. Féach saothar T. F. O’Rahilly, ‘Irish Dialects Past and Present’ (1932). Tá an ceart agat nuair a deireann tú ná fuil an oiread san idir chanúintí na Gaeilge, ach níl a léiriú i d’alt,

    Le meas,

    Tomás

  • Mícheál

    An ceart ar fad ag Tomás L. Ó Murchú.

    Seachas ‘r’ a bheith mar fhuaim i ‘mná i gCorca Dhuibhne, d’fhéadfaí a rá go bhfuil ‘u’ leath-fholaithe sa bhfocal – is minic a chloisfeá rud éigin cosúil le ‘muná’ á rá ag cainteoir dúchais ar na bólaí seo; sea, agus ‘cunoic’ (le ‘cnoic’) agus á lán eile mar seo.

    N’fheadar cá bhfuair muintir Chonamara an focal ‘fata’ ar ‘práta’……..ach nuair a bhíonn siad ag fonóid faoi mhuintir na Mumhan is a gcuid Gaelainne, is minic a deir siad: “Bhéadh na fataí ite, nite agus bruite ag muintir Chonamara fad ‘s a bhéadh muintir na Mumhan ag rá ‘prátaí’…… !!!!!!

  • Tadhg

    Tá an ceart ar fad agat a Chaoimhín, dheineas féin suntas de agus mé ag éisteacht le roinnt den ábhar céanna

  • Tomas

    Seo sampla den rud céanna ag fear as Baile an Sceilg. https://www.doegen.ie/LA_1068d2 Athrú teangeolaíoch atá ann atá an-choitianta i dteangacha éagsúla ar fud an domhain, ní bhaineann sé leis an nGaeilge amháin. Rótachas an téarma Gaeilge chomh fada le m’eolas: https://en.wikipedia.org/wiki/Rhotacism_(sound_change) D’fhéadfadh sé go raibh an t-athrú sin tosaithe i bpobail/grúpaí áirithe ó dheas (le cósta?) ach gur chuir glúin úr cainteoirí stop leis/gur iompaigh an pobal ar an mBéarla nó gur bhog an pobal (mar a tharla i gcás na mBlascaodaí). Go neamh-chomhfhiosach a tharlódh na rudaí sin. Bheadh gá mionstaidéar teangeolaíoch a dhéanamh ar cheantar beag i dtréimhsí éagsúla ama ó ghlúin go glúin. Faraor, tá na daoine sin a raibh mioneolas acu ar cheartfhoghraíocht na Gaeilge, agus ar an tionchar a d’imreodh focal amháin ar fhocal eile, thíos faoin gcré anois. Níl fágtha againn ach creatlach tanaí tláith na gcanúintí, rud a fhágann nach bhfuil muinteoirí na Gaeilge in ann foghraíocht na teanga a mhúineadh… nílimid ach ag sodar i ndiaidh na gcanúintí, mar nach bhfuil againn ach iad. ach táimid mar atáimid. Níl aon dul siar. Ní leor seantaifeadtaí Doegen. Níl ach treo amháin fágtha…