B’fhéidir go bhfuil sé in am ag imreoirí club éirí amach iad féin…

Caithfidh na boird chontae i ngach contae cloí le máistirliosta cluichí agus gan a bheith ag athrú dátaí aon uair a imíonn an bainisteoir ar fiarán

General view of hurleys and helmets 10/6/2007Beidh an-deireadh seachtaine iomána cois Laoi an deireadh seachtaine seo. Cuirfear deireadh le comórtas Mhic Ghiobúin na bliana seo, agus cuirfear clabhsúr le comórtais eile tríú leibhéal freisin.

Mar sin, má tá fonn ort féachaint ar scoth na hiomána, déan do bhealach chuig an gcathair cois Laoi! Táim cinnte nach mbeidh díomá ort!

Is trua é nach bhfuil ceann ar bith de choláistí Chorcaí páirteach sna cluichí leath cheannais, rud a mheallfadh slua maith ann, ach pé rud a tharlaíonn, táim cinnte de nach mbeidh aon easpa fuinnimh sna cluichí.

Gan dabht, is é Corn Mhic Ghiobúin príomhdhuais na deireadh seachtaine agus tá seaimpíní 2015, Ollscoil Luimní, sna cluichí leath cheannais arís agus iad ag iarraidh an corn luachmhar a thabhairt leo don dara bliain as a chéile. Chonaic mé iad ag imirt cúpla uair i mbliana agus cé go bhfuil siad go maith, níl siad chomh láidir agus a bhíodar anuraidh, go háirithe agus Tony Kelly gortaithe.

Um thráthnóna, imreofar an cluiche ceannais i bpáirc imeartha na hInstitiúide Teicneolaíochta.

Beidh chuid mhaith aicsin freisin an deireadh seachtaine seo agus Comhdháil Bhliantúil an Chumainn Lúthchleas Gael ar siúl i gCeatharlach.

Bhí chuid mhaith cainte sna meáin le tamall anuas faoi thuarascáil Pháraic Duffy agus a chuid moltaí do thodhchaí an Chumainn, go háirithe i dtaobh Chraobhchomórtas na Sinsear sa Pheil agus Chraobhacha na Mionúr agus Faoi 21.

Pléifidh saineolaithe eile, atá níos oilte ná mise, cúrsaí peile agus dár ndóigh tá mórán ráite agus scríofa faoi seo. Is cinnte gur ábhár tinnis atá ann do chuid mhaith daoine.

Tá i bhfad níos mó suime agam sa mhéid a dúirt Duffy faoi na himreoirí club agus na himreoirí óga idir ocht déag agus fiche a haon, go háirithe.

Tá imní air agus ar chuid mhaith daoine, go bhfuil an iomad oibre ar fad á déanamh ag na himreoirí atá ag freastal ar na coláistí tríú leibhéal, go háirithe an t-am seo den bhliain. Is minic nach mbíonn aon bhriseadh in aon chor ag na himreoirí atá ag freastal ar na coláistí. Caithfear rud éigin a dhéanamh faoi seo agus is ag na toscairí atá an chumhacht sa chás seo.

Maidir le fadhbanna na n-imreoirí club, tá mórán scríofa agam thar na blianta faoin tslí nach bhfuil clár sásúil cluichí ann dóibh.

Arís i mbliana tá An tUasal Duffy ag impí ar CLG athruithe a dhéanamh chun go mbeidh a ndóthain cluichí ag na himreoirí club. Tá ráite aige go n-aithníonn sé nach bhfuil córás cluichí ceart ann dóibh agus go bhfuil sé tiomanta é sin a chur ina cheart. Ach an dócha go dtarlóidh sé sin?

Is é bun agus barr an scéil ná go gcuirtear na cluichí idirchontae agus an t-airgead a ghabhann leo chun tosaigh ar gach rud eile. I mo thuairim, caithfidh siad fáil réidh ar fad le hathimirtí má tá siad lán dáiríre faoi na himreoirí club. Mar aon leis sin, caithfidh na boird chontae i ngach contae cloí le máistirliosta cluichí agus gan a bheith ag athrú dátaí aon uair a imíonn an bainisteoir ar fiarán.

Tá athrú meoin ollmhór ag teastáil. B’fhéidir go bhfuil sé in am do na himreoirí club Cumann Imreoirí Club na hÉireann a bhunú nó b’fhéidir go bhfuil in am do Chumann na n-Imreoirí Gaelacha na himreoirí club a thabhairt isteach faoina scáth.

An phríomhfhadhb ná nach bhfuil siad sách eagraithe. B’fhéidir go bhfuil sé in am dóibh éirí amach a eagrú iad féin sa bhliain stairiúil seo, céad bliain i ndiaidh Éirí Amach na Cásca.

Fág freagra ar 'B’fhéidir go bhfuil sé in am ag imreoirí club éirí amach iad féin…'