B’fhearrde dúinn a bheith ag brath ar an bPolainn seachas a bheith ag brath orainn féin…

Tá caint dhóchasach cloiste againn ó Martin O'Neill agus caint umhal cloiste ó Joachim Low ach is í fírinne an scéil gur ‘buachaillí óga i gcoinne na bhfear’ anocht againn, a deir ár gcolúnaí

Tá cúpla cinneadh tábhachtach le déanamh ag Martin O’Neill roimh an gcluiche anocht. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Bainisteoir na hÉireann, Martin O’Neill. INPHO/Donall Farmer

Agus muid ag freastal ar phreasócáid Martin O’Neill agus Joachim Low inné, ba léir go raibh difríocht mhór idir an bheirt ó thaobh féinmuiníne. Labhair O’Neill faoin dul chun cinn atá déanta ag Éirinn, bíodh is nach bhfuil siad cáilithe go fóill.

Ba ag caint faoi imreoirí atá ag imirt i La Liga agus sa Bundesliga a bhí Low faid is a bhí O’Neill ag cur de faoi imreoirí a mbíonn deacrachtaí acu áit a fháil ar a gcuid foirne i Sasana, gan trácht ar bheith ag imirt i Sraith na gCuradh.

“Grúpa deacair atá ann, i gcead do na foirne atá sna grúpaí eile. Measaim go mbeadh muid i gcluiche cáilithe faoin am seo (dá mbeimís in aon ghrúpa eile). Tá ocht gcluiche imeartha againn i ngrúpa ina bhfuil an Ghearmáin, Albain agus an Pholainn, agus 15 pointe gnóthaithe againn, ach níl aon ní cinnte ann. Táimid ag tabhairt aghaidh ar an dá cluiche is mó a d’fhéadfaí a shamhlú.”

I gcead do O’Neill, pointe amháin atá gnóthaithe ag a bhuíon imreoirí i gcoinne na hAlban sa dá chluiche atá imeartha acu ina gcoinne, agus b’éigean dúinn brath ar an tSeoirsia chun pointí a bhaint ó Albain. Mar sin, b’fhéidir gur cheart dó a bheith ábhairín níos righne ina mholadh ar chumas na foirne aige.

Ní dóigh leis an scríbhneoir seo go mbeadh cluiche cáilithe bainte amach againn faoin am seo dá mbeimís in aon ghrúpa eile. Ós a choinne sin, níl ach dhá phointe idir muid féin agus an Pholainn agus dhá chluiche le himirt, chun áit a bhaint amach i Euro 2016. Táimid pointe chun tosaigh ar Albain agus iad ag tabhairt aghaidh ar an bPolainn anocht.

Ar an dtaobh thall den phríomhchathair, bhí Low ina shuí in Óstán an Intercontinental ag faire ar na meáin mar a bheadh Ginearál san airm ag tabhairt sracfhéachaint ar chathláin amach roimhe. Dá mba rud é go raibh Low macánta, cad a bheadh le rá aige? Níl raibh oiread is imreoir amháin ar fhoireann na hÉireann i Sraith na gCuradh, agus gheobhadh gach imreoir ar chéad fhoireann na Gearmáine áit ar fhoirne an chomórtais sin. Ina ainneoin sin agus an taithí atá ag na Gearmánaigh ar chomórtais mhóra idirnáisiúnta, bhí Low ag iarraidh a bheith stuama, tomhaiste ina chuid cainte.

“Tá cáil ar fhoireann na hÉireann de bharr na cosanta maithe, láidre atá acu. Má thugtar sracfhéachaint ar na cluichí idir na foirne roimhe seo, is eisceacht a bhí sa toradh 6-1 sin. A mhalairt atá fíor. Go hiondúil, cluichí diana a bhíonn iontu agus gan mórán idir na foirne.

“Tá fhios ag Éirinn conas an saol a dhéanamh crua d’aon fhreasúra. Tá siad fíorláidir, fíorfhisiciúil, ach is féidir leo scóráil ar an bhfríthionsaí chomh maith.”

Bhí roinnt imreoirí in easnamh ar fhoireann na Gearmáine in Gelsenkirchen, ach beidh nach mór gach éinne ar fáil anocht do churaidh an domhain. Is ar éigean go bhféadfaí mórán de sheans a thabhairt d’fhoireann O’Neill.

Beidh sé mar a bheadh ‘buachaillí óga i gcoinne na bhfear’. Beidh muintir na hÉireann ag guí go mbuafaidh an Pholainn. Agus b’fhearrde dúinn a bheith ag brath ar an bPolainn seachas a bheith ag brath orainn féin.

Fág freagra ar 'B’fhearrde dúinn a bheith ag brath ar an bPolainn seachas a bheith ag brath orainn féin…'