LÉIRMHEAS: B’fhearr liom féin mo ghréasaí bróg

Greann tuaithe na hÉireann go tréan sa dráma seo a bhfuil lán do shúl d'áilleacht nádúrtha agus daonna an tsaoil le feiceáil ann

contentManInTheWomansShoes50
Mikel Murfi

Tá an stáitse in amharclann an Opera House, Corcaigh, an-mhór d’aon fhear amháin agus dhá phéire bróg. Ach éirionn le Mikel Murfi lena dhráma The Man in the Woman’s Shoes an stáitse a líonadh le carachtair as baile beag in Éirinn na seachtóidí.

Is é Pat Farnon príomhcharachtar an dráma agus reacaire a scéil féin. Tugann sé leis an lucht féachana agus é ag siúl chun an bhaile ag cluiche mór peile. Ní raibh labhairt na bhfocal riamh ag Pat – seanfhear cneasta, cliste, fealsúnach a bhfuil gean ag muintir an bhaile air.

Tá cúramaí gréasaíochta an bhaile faoi Pat agus bróga le seachadadh aige ar Hubie Patterson agus Kitsey Rainey sula dtéann sé chuig an gcluiche mór peile. Is í Kitsey bainisteoir foireann peile fear an bhaile – bean thábhachtach, is léir (a bhí roimh a ham in Éirinn na seachtóidí), agus Pat ar bís go mbeadh na bróga mar a d’iarr sí.

Agus é ar a aistear isteach go dtí an cluiche, casann na daoine air agus a scéal féin ag ‘chaon duine acu le n-aithris do Pat. Ach níl aon tuairim aige gur lá dá shaol atá le bheith sa lá seo.

Ní fhágann Murfi aon lúb ar lár maidir le cur i láthair Pat: ón gcor cam a bhíonn ina lámh go dtí a ladhairicín crúcach a bhfuil cuma phianmhar air ón airtríteas: tá an lucht féachana i láthair an dea-aisteora.

Tugann Murfi fuinneamh meidhreach do na carachtair éagsúla sa dráma ag déanamh cúraim do gach mionghluaiseacht dá gcuid. Os comhair dhá shúil an lucht féachana athraíonn sé é féin ó charachtar go carachtar agus tugann sé gach aon cheann acu leis go paiteanta. Is iontach mar a athraíonn a chuma fhisiciúil de réir mar a oireann – bua a thug fear Shligigh leis, is dócha, ó L’École Jacques Lecoq i bPáras.

Dar ndóigh, níl tuairim dá laghad ag muintir an bhaile faoin méid smaointeoireachta a bhíonn i gcloigeann Pat. Ach tá sé de phribhléid ag an lucht féachana a bheith in ann smaointe Pat a chloisteáil. Braitear a fhrustachas san amharclann nuair nach féidir leis freagra a thabhairt nuair a labhartar leis. Ach éiríonn leis freagra a athróidh a shaol a thabhairt roimh dheireadh an dráma.

Tá na na focail sa script dea-roghnaithe den chuid is mó agus greann tuaithe na hÉireann go tréan i gcuid de na comhráití idir Pat agus muintir an bhaile. Ach nuair a bhíonn Pat leis féin, ina chloigeann, tá blúiríní thar a bheith mothálach sa dráma – ‘This is the life’ a deir Pat ag an gcluiche peile agus é ag ithe oráiste dó féin. Agus cá bhfios nach bhfuil an ceart aige?

Is é sin an bua atá ag an dráma seo – tugann sé áilleacht nithe simplí an tsaoil seo go barra, agus cuireann iad i láthair lucht féachana go snasta. Do léiriú atá thar a bheith lom – gan ach spotsholas amháin ar Murfi.

Fágann Murfi an stáitse díreach mar a tháinig sé isteach, de shiúl socair i mbróga Pat. Mhaolaigh an spotsholas aonair agus sheas an lucht féachana ag bualadh bos láithreach, cos leo i ndaonphoblacht Chorcaí agus cos eile leo i ndomhan ildaite Pat Farnon.

Tá ‘The Man in the Woman’s Shoes’ ar chamchuairt náisiúnta sna míonna atá le teacht Féach www.facebook.com/themaninthewomansshoes do bhreis eolais. Beidh sé in Amharclann na Cathrach i nGaillimh san oíche amárach (Dé Máirt).

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: B’fhearr liom féin mo ghréasaí bróg'