‘B’fhearr liom bheith ag obair inniu ná an focology seo’ – blaiseadh deas de ‘reality’ i seoid nua ó TG4

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Sraith dheas, chliste í ‘Turas Bóthair’ agus, an rud is annamh is iontach, sraith ina bhfuil an ‘G’ i TG4 lárnach inti

‘B’fhearr liom bheith ag obair inniu ná an focology seo’ – blaiseadh deas de ‘reality’ i seoid nua ó TG4

Cadráil na gcairteacha is ea an coincheap atá ag éirí thiar as Turas Bóthair (TG4, gach Déardaoin), sraith nua ar TG4. Saghas Carpool Karaoke atá i gceist ach tiománaithe is paisinéirí ag caitheamh tharstu seachas ag ceol. B’fhéidir go ligfeá cnead agus osna asat is tú ag cáiseamh clár eile i réimse na teilifíse réaltachta a bheith chugainn ar TG4, ach is seoid bheag í an tsraith seo.

Thuigeas ós na blúiríní fógraíochta fiú go raibh rud éigin difriúil faoin táirge seo. Ní rómhinic go gcíonn tú clár réaltachta (nó aon chlár go deimhin) ar TG4 nach mbíonn Béarla éigin (nó an t-uafás Béarla) le cloisint. Ní hamhlaidh atá anseo mar is clár atá ann ina bhfuil an teanga féin sa treis agus Gaeilge bhreá le cloisint ó thús go deireadh. An rud is annamh is iontach. Bhain na deismireachtaí cainte gáire asam níos mó ná uair amháin.

Cé gur coincheap simplí go maith atá á ionramháil, déantar an breac a thabhairt ar an bport go seiftiúil. Roghnaíodh na rannpháirtithe go cáiréiseach, rud atá riachtanach óir go rachadh an cúram chun leadráin ar fad mura mbeidís deisbhéalach agus cainteach. Ina theannta sin tugadh topaicí faoi leith le plé ionas go mbeadh leanúnachas ó ghrúpa go grúpa. Thug na rannpháirtithe ar fad faoina gcuid cadrála le fonn agus iad réchúiseach, seanbhlastúil go minic. A leithéid seo ó Phat i gCiarraí: ‘B’fhearr liomsa  bheith ag obair inniu ná an focology seo.’

Ag tús an chláir tugadh le fios dúinn go sollúnta go bhfuil breis agus dhá mhilliún mótar ar bhóithre na hÉireann agus go gcaitheann an gnáthdhuine trí bliana dá shaol sáinnithe sa bhosca miotail. Agus na cairteacha feistithe amach le ceamaraí, b’eo linn ar fud na tíre ó Iarthar Dhuibhneach go Gaoth Dobhair ag cúléisteacht le tiománaithe is paisinéirí ‘ag cogaint na mine agus iad i mbun a gcúraimí laethúla’.

Cuireadh meascán mearaí ceart de charachtair os ár gcomhair: lánúin phósta atá i mbun gnó tacsaí, máthair chríonna agus a garpháiste, comharsa agus comhghleacaithe, buachaillí agus cailíní, agus  paisinéirí bus ó ionad lae d’aosaigh.

Cúrsaí grá, teaspach Tinder, máinliacht chosmaideach agus ailse a bhí faoi chaibidil i ngála na seachtaine seo caite. Bean ó Chonamara ag cur síos ar an aip slataíochta mar áit do ‘rideáil agus rud’; bean ó Ghaoth Dobhair ag caint faoi ‘Prince Charming’ a aimsiú ag an Aifreann; agus trácht ar ‘bhunóc a dhéanamh i gcarbhán.’

Tá Aodán agus Brídín pósta le 40 bliain agus ba ghéarchúiseach an léamh a bhí aici siúd ar chúirtéireacht an lae inniu. Dár léi bhíodh tráth ann go mbíodh daoine ag iarraidh a bheith lena páirtí ó mhaidin go hoíche ach nach bhfuil anois uathu ach a bheith leo ‘ó oíche go maidin’.

Bhaineas súp chomh maith as cadráil na seanfhondúirí ó Ionad Lae Aaosach Cheantar na nOileán i gConamara. Máire ag cur di faoi na daoine óga a bhíonn le feiscint ar fhógraí ag maíomh as éifeachtacht na dtáirgí craicinn. Dar léi go mba cheart dóibh táirge a dhéanamh do sheandaoine. Sin é an uair go mbeadh an teist orthu agus ábhar maíte acu dá réir, a deir sí. Sách ráite.

Sraith dheas, chliste; sraith ina bhfuil an ‘G’ i TG4 lárnach inti agus sraith a bhfuil géarghá léi, dá réir.

Fág freagra ar '‘B’fhearr liom bheith ag obair inniu ná an focology seo’ – blaiseadh deas de ‘reality’ i seoid nua ó TG4'

  • Braoin Ó Braoin

    faoi dheireadh thiar thall… buíochas le Dia agus leis an lucht beannaithe a bhíonns ag smaoineamh!!
    Tá súil anois agam nach gcuirfeas focólaí eicint eile stad leis… nó athrú…