‘B’fhearr dom mo chuid fíricí a sheiceáil’ a deir colúnaí ó The New York Times a thug ‘dead language’ ar an nGaeilge

Tá conspóid ar bun ar líne faoin méid a dúirt colúnaí de chuid The New York Times faoi chás na Gaeilge agus a ‘sad Irish festivals’

Mark Oppenheimer
Mark Oppenheimer

Tá ráite ag colúnaí nuachtáin agus podchraoltóir aitheanta i Meiriceá “go mb’fhearr dó a chuid fíricí a sheiceáil” maidir le staid na Gaeilge in Éirinn tar éis d’éisteoir dá chuid a dhúshlán a thabhairt ar Twitter.

Tá conspóid ar bun ar líne faoin méid a dúirt Mark Oppenheimer, colúnaí de chuid an New York Times, faoin nGaeilge a bheith ina ‘teanga mharbh’ nach labhraíonn ach “ twelve real obssessives’ í. Bhí Oppenheimer ag caint ar a phodchraoladh Unorthodox faoi chúrsaí creidimh. Thosaigh Oppenheimer ag plé ceist na Gaeilge le linn agallaimh leis an amhránaí Laideanóise Sarah Aroeste. Is mionteanga de chuid na nGiúdach í an Laideanóis nó an ‘Ladino’.

Le linn an agallaimh ghearr Oppenheimer trasna ar a aoi agus í ag caint faoi athbheochan na Laideanóise lena thuairim féin faoi staid na teanga a thabhairt.

“I think Ladino is basically a musical movement that is attempting to revive a language that is bascially dead. I’m just going to come out and say it. I think Ladino is like Irish, there are twelve real obssessives who actually speak it and who are trying to speak it to their kids thinking ‘Hebrew did it, Hebrew came back from the dead, so we can do it too’ and then you have these sad Irish festivals. “I think of Ladino as having better music than that, but not actually being spoken by anyone anymore,” a dúirt sé.

Tá dúshlán Oppenheimer, a bhíonn ag scríobh faoi chúrsaí creidimh agus a bhíonn ag teagasc na hiriseoireachta in Ollscoil Yale, á thabhairt ag cainteoirí Gaeilge ar na meáin shóisialta. 

Fág freagra ar '‘B’fhearr dom mo chuid fíricí a sheiceáil’ a deir colúnaí ó The New York Times a thug ‘dead language’ ar an nGaeilge'

  • Aodán Ó Sé

    Nós coitianta é caitheamh anuas ar mhionlaigh, mar is mionlach é lucht labhartha na Gaeilge. Bímis bródúil ionainn féin is inár gcultúr dúchais.