B’fhearr dom fáil ‘wired into this column’ nó beidh an tEagarthóir ‘wired into me’!

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: Dathanna, focail agus ainmneacha atá faoi chaibidil ag an Saighdiúir an tseachtain seo, creid nó ná creid!

B’fhearr dom fáil ‘wired into this column’ nó beidh an tEagarthóir ‘wired into me’!
Geraint Thomas

Dathanna an spóirt. Maglia rosa an Giro d’Italia; maillot jaune an Tour de France; dragan dearg na Breataine Bige. Tháinig na dathanna le chéile in aon iarraidh amháin nuair a bhain an rothaí Breatnach, Geraint Thomas, an chéad staid den Tour i mbliana. Bhí Thomas san iomaíocht sa giro go dtí gur leagadh i dtaisme é, taisme a chuir deireadh leis an rás sin dó. Ach d’éirigh leis an geansaí buí a thabhairt leis an iarraidh seo agus is mór an tógáil chroí é.

Sea, tá a cuid fadhbanna ag an rothaíocht ach mothaím go bhfuil duine de na dea-bhuachaillí i ndiaidh an luach agus an geansaí a shaothrú go hionraic. Is é an chéad Bhreatnach é leis an maillot jaune a tharraingt air sin. Ábhar bróid!

James O’Donoghue ag tabhairt faoi chúl. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Agus ag caint ar dhathanna. Tá dathanna Chiarraí agus Corgi so-aitheanta ag lucht na caide le fada. Bhí fear Dhoire, Joe Brolly, i mbun anailíse ar an chluiche idir an dá chontae Dé Domhnaigh. Thosaigh Joe ag caint ar Chorgi “getting wired into Kerry” ag leath ama. Faoi thrí a bhain sé úsáid as an nath “get wired into”.

Seans, mura bhfuil tú eolach ar Bhéarla Ultach, nár thuig tú cad is ciall le ‘wired into’. Rinne mise gáire mór maith nuair a chuala mé é nó sin Béarla chlós na bunscoile fadó fadó fadó: ‘Get wired into him, Christy!!! Knock his pan in!’.

Gáir chun catha atá ann, gríosú chun greasála, cuireadh chun ciceála; dleacht chun doirne.

(Tig leat é a úsáid i gcomhthéacs na hoibre fosta: I had better get wired into this column before the Eagarthóir gets wired into me.)

Fáilte romhat anois tú féin a Ultú rud beag agus wire away leis an nath álainn seo i do chuid cainte féin, is cuma an thiar, thoir nó theas atá tú.

Faraor, do na Corgis, cailleadh rud inteacht san aistriúchán agus ba iad Ciarraí a rinne an wireáil isteach!

Ger Canning. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Agus ag caint ar chaint. Ar chuala tú go raibh ‘cúpla focal’ ag Ger RTÉ agus é i mbun tráchtaireachta ar an chluiche chéanna? Chuir peileadóir de chuid Chiarraí an liathróid ar strae – rud is annamh is iontach – agus dúirt Ger RTÉ gurbh é sin an chéad uair go ndearnadh sa chluiche é: “Creid é nó ná creid.”

Creid é nó ná creid!

Abairt iomlán, abair chruinn, abairt álainn. Tá níos mó déanta aige le cúis na teanga a chur chun cinn leis an abairt bheag sin ná iomlán na straitéise 20 bliain go dtí seo.

Creid é nó ná creid!

Tá an t-am ag Foras na Gaeilge urraíocht a dhéanamh ar an tráchtaireacht Bhéarla do na cluichí Gaelacha agus cúpla focal a fhí isteach sa chomhrá: ‘That free was a bit of a bronntanas’; ‘What a liathróid dainséarach!’; ‘That will be a big díomá of a result for the Corgi followers’; ‘If you want to win an All-Ireland, you have to beat the buachaillí móra’; ‘A seans mór of a cúl that has gone a-begging!’.

Sílim go n-éireodh lena leithéid de chur chuige an teanga bheo a chur os comhair phobal na hÉireann ar bhealach i bhfad níos éifeachtaí ná cur chuige an Rialtais.

Creid é nó ná creid!

 

Iona Lake

Agus ag caint ar theanga a spreagann. Bhí mé ag amharc ar chúrsaí lúthchleasaíochta sa Bhreatain ag an deireadh seachtaine agus chonaic go raibh bean ag rith a raibh Iona Lake uirthi. Iona Lake! Is iontach an t-ainm é!

Do bharúil, cé a bhainfeadh rás idir Iona Lake agus Toraigh Loch?

Fág freagra ar 'B’fhearr dom fáil ‘wired into this column’ nó beidh an tEagarthóir ‘wired into me’!'

  • Mise Áine

    Bhain tú gáire asam, a chara…maith thú!