‘B’fhearr do CLG cluichí a thabhairt saor in aisce do TG4 in áit cearta eisiacha a dhíol le Sky’ – Colm O’Rourke

Deir an t-iarimreoir agus tráchtaire peile nárbh fhiú an socrú atá ag CLG le Sky Sports a dhéanamh, agus gur cheart cluichí a thaispeáint saor in aisce, nó gan iad a thaispeáint ar chor ar bith

‘B’fhearr do CLG cluichí a thabhairt saor in aisce do TG4 in áit cearta eisiacha a dhíol le Sky’ – Colm O’Rourke

Colm O'Rourke. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá sé ráite ag an iarimreoir agus tráchtaire peile Colm O’Rourke go mb’fhearr leis go dtabharfadh CLG cearta craolacháin saor in aisce do TG4 ná leanúint ar aghaidh leis an socrú atá acu faoi láthair le Sky Sports.

Mhaígh O’Rourke nach bhfuil aon chuid den airgead atá íoctha ag Sky chun na cluichí a thaispeáint á fháil ag cumainn timpeall na tíre agus go bhfuil sé míchothrom nach bhfuil lucht tacaíochta CLG in ann cluichí áirithe a fheiceáil ar an teilifís gan íoc orthu.

“B’fhearr liom dá dtabharfaidís na cluichí saor in aisce do TG4, nó do TV3, chun go mbeadh daoine in ann breathnú orthu, é sin nó gan na cluichí a bheith ar an teilifís ar chor ar bith,” a deir O’Rourke in agallamh leis an Irish News.

Ní bheadh fadhb ar bith ag O’Rourke le socrú a dhéanamh le Sky dá mbeadh ‘pota óir’ ag CLG dá bharr agus an t-airgead sin a úsáid chun na cumainn a fhorbairt ach níl sé sin ag tarlú dar leis.

“Dá ndéarfadh Sky, ‘Tabharfaidh muid €50 milliún díobh agus taispeánfaidh muid 20 cluiche’, déarfainn ‘Ceart go leor.’ Ansin, ba cheart go bhfaigheadh gach cumann sa tír €100,000 nó €200,000… Ach níl an t-airgead ón socrú le Sky ag teacht anuas chuig na cumainn.”

Bíonn O’Rourke le feiceáil go minic ar RTÉ ag déanamh anailíse ar chluichí ar The Sunday Game Live ach deir sé go mbeadh sé den tuairim chéanna fiú mura mbeadh sé ag obair don chraoltóir náisiúnta.

“Is cuma dá mbeadh níos lú nó níos mó cluichí ag RTÉ. Is é mo thuairim é go bhfuil sé go hiomlán mícheart cluichí a dhíol le cainéal íoc ar fhéachaint. Téann sé i gcoinne na bprionsabal uile a sheas CLG dóibh riamh.”

Dúirt O’Rourke nach raibh sé ceart go raibh ar dhaoine a bhí ag iarraidh na cluichí ceathrú ceannais peile idir Tír Eoghain agus Ard Mhacha agus idir Baile Átha Cliath agus Muineachán dul chuig tithe tábhairne chun iad a fheiceáil.

“Sílim go bhfuil 80% nó 85% de theaghlaigh anseo thíos nach bhfuil cainéal Sky acu… Bhí níos lú nó 1% nó mar sin ag breathnú ar chluiche ceannais peile na hÉireann ar Sky anuraidh nuair a taispeánadh ar an dá chainéal é [Sky agus RTÉ],” a deir iarimreoir na Mí agus é den tuairim nach mairfidh an socrú le Sky i bhfad eile.

Fág freagra ar '‘B’fhearr do CLG cluichí a thabhairt saor in aisce do TG4 in áit cearta eisiacha a dhíol le Sky’ – Colm O’Rourke'

  • Fiosrach

    Céard a dhéantar leis an airgead a fhaigheann CLG ó Sky mar sin?