Cuirfear beocht i gcraobhacha na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo

Imreofar cluichí craoibhe tábhachtacha ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo agus beidh foirne Gaeltachta ag dul chun páirce i nGaillimh, i nDún na nGall agus i gCorcaigh

Cuirfear beocht i gcraobhacha na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo

Cé go mbeidh imreoirí na gclubanna i gCiarraí ar a sáimhín só an deireadh seachtaine seo agus an fhoireann idirchontae ag imirt i gcluiche leathcheannais na hÉireann ar an Domhnach, tá beocht athuair i gcraobhacha eile ar fud na tíre agus neart foirne Gaeltachta ag dul chun páirce ag an deireadh seachtaine.

I nGaillimh Dé Sathairn, beidh an Cheathrú Rua agus Carna-Caiseal ag imirt i bPáirc an Phiarsaigh, seachtain tar éis dóibh bheith in aghaidh a chéile sa chraobh shinsir. Ba iad fir na Ceathrún Rua a thug an lá leo sa choimhlint sin agus cluiche anois acu in aghaidh sheaimpíní na Gaillimhe, Cora Finne, i mBabhta 4 ag 17:45. Is roimh an gcluiche sin a imreoidh Carna-Caiseal in aghaidh Naomh Séamus (16:00). Beidh buaiteoir an chluiche sin slán ar feadh bliana eile sa chraobh shinsir ach beidh ar an bhfoireann a chailleann aghaidh a thabhairt ar chluiche ceathrú ceannais dícháilithe.

Dé Domhnaigh beidh dhá fhoireann Ghaeltachta eile ag imirt i mbabhta 4 den chraobh shinsir. Imreoidh Maigh Cuilinn, curaidh Idirmheánacha 2015, in aghaidh Chathair Loistreáin i bPáirc an Phiarsaigh (17:00) agus tabharfaidh Mícheál Breathnach aghaidh ar Ollscoil na hÉireann Gaillimh, a bheidh ag imirt a gcéad chluiche sa chraobh, ar an Spidéal ag 18:00.

Níl ach an dara babhta den chraobh sroichte acu i nDún na nGall agus iad ag fanacht go mbeadh a bhfeachtas  i gcraobh na hÉireann thart ag an bhfoireann idirchontae sula gcuirfí tús le comórtas na gclubanna.

Beidh na foirne uile ag dul chun páirce ag an deireadh seachtaine. Beidh na seaimpíní Naomh Conall ag tabhairt aghaidh ar Na Ceithre Máistrí ag 15:00 ar an Domhnach. Cé go mbeidh cluiche eile le himirt i mbabhta na ngrúpaí faoi cheann seachtaine eile, is babhta tábhachtach é ceann an deireadh seachtaine seo mar má chailleann foireann dhá chluiche as a chéile, d’fhéadfadh siad a bheith as an áireamh faoin am a dtiocfaidh babhta a trí den chraobh.

Tá Gleann tSúilí, curaidh 2011 agus 2013, ar cheann de na foirne a bheadh i mbaol tar éis dóibh a gcéad chluiche a chailleadh agus caithfidh déanamh d’uireasa Michael Murphy, captaen Dhún na nGall, a ghortaigh a ghlúin an deireadh seachtaine seo caite.

I gCorcaigh, tá Naomh Abán fós sa tóir ar áit sa chraobh shinsir do 2017. Imreoidh siad Mainistir Fhear Maí ar an Satharn ag 18:45 i gcluiche ceathrú ceannais i gCill Mhuire agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach sa phríomhchomórtas den chéad uair ó 2010.

Taobh amuigh den Ghaeltacht, tá cluiche leathcheannais chraobh na sóisear F sroichte ag iománaithe Na Gaeil Óga agus deis fós acu ardú céime a bhaint amach den chéad uair ó bunaíodh an fhoireann iomána in 2013. Imreoidh siad in aghaidh Scoil Uí Chonaill maidin Dé Domhnaigh (11:00).

Fág freagra ar 'Cuirfear beocht i gcraobhacha na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo'