Benitez ag tacú le Everton anocht agus Sunderland ag iarraidh bochtáin a dhéanamh de Newcastle

Má bhuann Sunderland ar Everton anocht, cinnteoidh sé go mbeidh Newcastle United, chomh maith le Norwich City, ag imirt sa dara roinn an bhliain seo chugainn. I mbliana, thar aon bhliain eile, is tubaiste a bheadh ansin

Barclays Premier League 31/10/2009LiverpoolManager Rafael BenitezMandatory Credit ©INPHO/Getty Images

Agus an chuma ar scéal tar éis teip Manchester United aréir go bhfuil rith an ráis anois le Manchester City don cheathrú háit i bPríomhroinn Shasana, is ar an gcoimhlint ag bun an tábla a bheidh aird an phobail anocht.

Anocht, imreoidh Sunderland in aghaidh Everton agus fios ag imreoirí Sam Allardyce má éiríonn leo an bua a fháil go mbeidh siad sa Phríomhroinn arís an séasúr seo chugainn. Agus murar leor sin mar spreagadh, má éiríonn le Sunderland, is iad a sean-naimhde, Newcastle United, a dhíbreofaí go dtí an Championship i dteannta Norwich City.

Iompaíodh cúrsaí bunoscionn ag an deireadh seachtaine nuair a d’éirigh le Sunderland an ceann is fearr a fháil ar Chelsea, 3-2, agus nuair a theip ar Newcastle an ceann is fearr a fháil ar Aston Villa. Anocht, imreoidh foireann Allardyce i gcoinne Everton, foireann a bhfuil an chuma orthu go síleann siad gur ar gcuid laethanta saoire atá siad cheana féin.

Tar éis dóibh cliseadh in aghaidh Liverpool coicís ó shin, chailleadar i gcoinne Manchester United i gcluiche leathcheannais Chorn an FA. Dé Sathairn seo caite i gcoinne na seaimpíní nua, Leicester City, ní dhearna siad dada chun an ceiliúradh a mhilleadh agus chaill foireann Roberto Martinez leis an scór 3-1.

Droch-chomhartha an méid sin ar fad do Newcastle agus Norwich agus is ríthábhachtach dóibh go ndéanfaidh Everton a ndícheall anocht.

Is drochbhliain í seo d’aon fhoireann a háit a chailleadh sa Phríomhroinn mar gheall ar an socrú nua teilifíse atá ag teacht i bhfeidhm don chéad séasúr eile.

Go dtí seo, fuair na foirne thart ar £60 milliún in aghaidh an tséasúir ón margadh sin ach, tar éis do Sky agus BT os cionn £5 billiún a íoc chun na cluichí a thaispeáint ón séasúr seo chugainn amach, gheobhaidh an 20 foireann thart ar £40 milliún breise an taobh agus beagnach £100 milliún le fáil acu san iomlán in 2016/17.

fhaigheann na foirne sa dara roinn ach timpeall ar £2 milliún in aghaidh an tséasúir ón socrú teilifíse atá i bhfeidhm sa roinn sin.

Chun an fhadhb mhór airgid a bhíonn ag na foirne a díbrítear ón bPríomhroinn a mhaolú tugtar £65 milliún dóibh thar cheithre bliana ach bíonn an bille pá chomh hard sa Phríomhroinn anois nach gclúdaíonn an t-airgead sin fiú na costais uile a bhaineann leis an ísliú céime.

Is tubaiste a bheidh ann do Newcastle mura n-éiríonn leo áit a choinneáil sa tsraith, mar shampla. Nuair a bhíonn foireann a bhíonn i mbaol ag ceannach imreoirí, de ghnáth cuireann siad clásal sa chonradh ag rá go ngearrfaí pá an imreora dá mbeidís sa dara roinn.

De réir na dtuairiscí, níl sé seo déanta ag Newcastle leis na himreoirí a cheannaigh siad i rith an gheimhridh, rud a chiallaíonn go mbeadh Jonjo Shelvey agus Andros Townsend ag saothrú idir £80,000 agus £55,000 an duine gach seachtain.

Mar sin, cé gur chaith Benitez sé bliana mar bhainisteoir ar Liverpool, ná déan aon iontas má bhíonn geansaí Everton air anocht.

Fág freagra ar 'Benitez ag tacú le Everton anocht agus Sunderland ag iarraidh bochtáin a dhéanamh de Newcastle'