Beirt fhear Gaeltachta fostaithe ag craoltóirí na Gaeilge i nGaillimh

Tá Shane Ó Curraighín, as Teileann, agus Pádraig Ó Gríofa, as Cois Fharraige, ceaptha ina n-iriseoirí le Nuacht RTÉ/TG4 agus RTÉ RnaG

Beirt fhear Gaeltachta fostaithe ag craoltóirí na Gaeilge i nGaillimh

Tá beirt fhear Gaeltachta fostaithe ag na meáin chraolta Ghaeilge i nGaillimh le deireanas. Tá Shane Ó Curraighín, as Teileann i nGaeltacht Dhún na nGall, ceaptha ina iriseoir teilifíse le Nuacht RTÉ/TG4, agus tá Pádraig Ó Gríofa as Baile na hAbhann ceaptha ina Chlár-Reachtaire le RTÉ RnaG i gCasla.

Bhí Ó Curraighín ag obair le Below the Radar, an comhlacht ar leis an suíomh Ultach Meon Eile, ó d’fhág sé Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ceithre bliana ó shin. Bhain sé céim onóracha amach sa Ghaeilge agus Iriseoireacht san ollscoil sin. Is mar fhísiriseoir a bhí sé ag obair den chuid ba mhó le Meon Eile.

Chaith sé tréimhse i seomra nuachta RTÉ/TG4 i gceannáras TG4 cheana féin, agus é ag tuairisciú don dá sheirbhís. Bhí a chuid saothar le léamh freisin ar Gaelscéal, Foinse agus Beo.ie.

Tá Paddy Ó Gríofa ag obair le RTÉ RnaG le tamall anuas agus é ag plé den chuid is mó le cúrsaí spóirt. Beidh Ó Gríofa lonnaithe i gceannáras RTÉ RnaG i gCasla agus é i mbun a chuid dualgas nua.

Is as Baile na hAbhann i gCois Fharraige dó agus tá sé ina leas-rúnaí ar CLG na Gaillimhe agus ina bhall gníomhach de Chumann Mícheál Breathnach in Indreabhán.

Tuigtear do Tuairisc.ie go raibh os cionn 50 duine istigh ar phost RTÉ RnaG agus gur cuireadh beagnach dhá scór faoi agallamh. Cuirfear cuid de na daoine nár éirigh leo post an Chlár-Reachtaire a fháil ar phainéal, rud a fhágann go mbeidh deiseanna fostaíochta leis an raidió acu amach anseo.

Tá a leithéid de phainéal curtha ar bun freisin ag Nuacht RTÉ/TG4.

Fág freagra ar 'Beirt fhear Gaeltachta fostaithe ag craoltóirí na Gaeilge i nGaillimh'