Beirt chúl báire san iomaíocht do ghradam ‘Peileadóir na Bliana’ den chéad uair riamh

Tá Stephen Cluxton agus David Clarke ar bheirt den cheathrar atá ainmnithe do ghradam Peileadóir na Bliana ar maidin agus formhór na n-ainmniúchán All-Star ag Baile Átha Cliath agus Maigh Eo

Beirt chúl báire san iomaíocht do ghradam ‘Peileadóir na Bliana’ den chéad uair riamh

Den chéad uair riamh, tá beirt chúl báire ainmnithe do ghradam ‘Peileadóir na Bliana’. Fógraíodh gearrliosta na n-ainmniúchán do ghradaim All-Stars PwC 2017 ar maidin agus is iad Stephen Cluxton Bhaile Átha Cliath agus David Clarke Mhaigh Eo na cúl báirí atá ainmnithe don phríomhghradam aonair.

Is iad Andy Moran, a raibh sárbhliain aige le Maigh Eo, agus James McCarthy, a fuair laoch na himeartha i gcluiche ceannais an Domhnaigh, an bheirt eile atá san iomaíocht don ghradam ‘Peileadóir na Bliana’.

Tá trí imreoir déag ó fhoireann bhuacach Bhaile Átha Cliath ainmnithe do na gradaim All-Stars. Is iad Paddy Andrews agus Eoghan O’Gara an t-aon bheirt as an bhfoireann a thosaigh cluiche ceannais na hÉireann nach bhfuil ainmniúchán faighte acu.

Ar an gcaoi chéanna, is iad Dónal Vaughan, Séamus O’Shea agus Paddy Durcan an t-aon triúr as Mhaigh Eo a thosaigh i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite nach bhfuil ainmnithe.

Foireann Thír Eoghain is mó a fuair ainmniúcháin as na foirne sin nár bhain an cluiche ceannais amach agus tá seisear d’imreoirí Mickey Harte ar an ngearrliosta, duine níos mó ná mar atá ag Ciarraí.

Ainmníodh beirt an taobh ó Ros Comáin, Cill Dara agus an Dún agus imreoir amháin ó Mhuineachán, ó Dhún na nGall agus ó Ard Mhacha.

Tar éis dó a thríú bhonn uile-Éireann a bhuachan i mbliana Dé Domhnaigh seo caite, tá ainmniúcháin faighte ag Con O’Callaghan do ghradam All-Stars agus do ghradam ‘Peileadóir Óg na Bliana’. Is iad Seán Powter Chorcaí agus Michael Daly ó Ghaillimh a bheidh san iomaíocht le fear Chuala.

Cé gurb é coiste d’iriseoirí CLG a roghnaíonn na gradaim All-Stars, is imreoirí idirchontae a chaitheann vóta do ‘Pheileadóir na Bliana’ agus do ‘Pheileadóir Óg na Bliana’.

Ainmneofar na buaiteoirí ag ócáid speisialta ar an 3 Samhain agus craolfar an ócáid beo ar RTÉ.


Ainmniúcháin gradam All-Stars PwC

Cúil bháire

Stephen Cluxton (Baile Átha Cliath), David Clarke (Maigh Eo), Niall Morgan (Tír Eoghain)

Cosantóirí

Jack McCaffrey, Cian O’Sullivan, Michael Fitzsimons, Philip McMahon, John Small, Jonny Cooper (Baile Átha Cliath), Keith Higgins, Lee Keegan, Chris Barrett, Colm Boyle, Brendan Harrison (Maigh Eo), Pádraig Hampsey, Tiernan McCann (Tír Eoghain), Paul Murphy, Tadhg Morley (Ciarraí), Conor Devanney (Ros Comáin), Caolan Mooney (An Dún), Fintan Kelly (Muineachán).

Lár na Páirce

James McCarthy, Brian Fenton (Baile Átha Cliath), Tom Parsons (Maigh Eo), Colm Cavanagh (Tír Eoghain), Enda Smith (Ros Comáin), Kevin Feely (Cill Dara).

Tosaithe

Andy Moran, Kevin McLoughlin, Aidan O’Shea, Jason Doherty, Cillian O’Connor (Maigh Eo), Ciarán Kilkenny, Con O’Callaghan, Paul Mannion, Dean Rock (Baile Átha Cliath), Paul Geaney, Kieran Donaghy, James O’Donoghue (Ciarraí), Peter Harte, Niall Sludden (Tír Eoghain), Connaire Harrison (An Dún), Patrick McBrearty (Dún na nGall), Jamie Clarke (Ard Mhacha), Daniel Flynn (Cill Dara).

Ainmniúcháin ‘Peileadóir na Bliana’

Stephen Cluxton (Baile Átha Cliath)

James McCarthy (Baile Átha Cliath)

Andy Moran (Maigh Eo)

David Clarke (Maigh Eo)

Ainmniúcháin ‘Peileadóir Óg na Bliana’

Con O’Callaghan (Baile Átha Cliath)

Seán Powter (Corcaigh)

Michael Daly (Gaillimh)

Fág freagra ar 'Beirt chúl báire san iomaíocht do ghradam ‘Peileadóir na Bliana’ den chéad uair riamh'