Beirt bhan Ghaeltachta san iomaíocht do ghradam ‘Rós na Gaillimhe’ anocht

Tá Neasa Ní Chualáin as Ros Muc agus Suzanne Ní Mhurchú as an Mám ag iarraidh ionadaíocht a dhéanamh ar son na Gaillimhe ag an bhféile idirnáisiúnta ‘Rós Thrá Lí’ i gCiarraí níos deireanaí i mbliana

Beirt bhan Ghaeltachta san iomaíocht do ghradam ‘Rós na Gaillimhe’ anocht

Beidh beirt bhan as Conamara san iomaíocht anocht ag comórtas contae na féile ‘Rós Thrá Lí’ agus súil acu beirt ionadaíocht a dhéanamh ar son na Gaillimhe ag an bhféile idirnáisiúnta i gContae Chiarraí níos deireanaí i mbliana.

Roghnófar ‘Rós na Gaillimhe’ in Óstán an Clayton i gcathair na Gaillimhe anocht, áit a mbeidh 29 ‘Rós’ san iomaíocht don ghradam, ina measc Neasa Ní Chualáin as Ros Muc agus Suzanne Ní Mhurchú as an Mám i dtuaisceart Chonamara.

Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Coláiste Mhuire, Muiríne, í Ní Chualáin, arb as Gleann Trasna i Ros Muc ó dhúchas í. Is múinteoir bunscoile i dtuaisceart Chontae Átha Cliath í le trí bliana anuas agus tá a croí istigh sa Ghaeilge agus ina cultúr dúchais.

Is as Droim Snámha an Mháma í Suzanne Ní Mhurchú, ar múinteoir bunscoile freisin í i gCorr na Móna. Ba í Ní Mhurchú a chuir an feachtas ar bun ag deireadh na bliana seo caite leis an tréad gabhar fiáin i gceantar an Mháma a shábháil ón gcuileáil a bhí beartaithe ag an gcomhlacht foraoiseachta Coillte. Tá sí an-ghníomhach i bpobal na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe, áit a bhfuil sí ag cur fúithi faoi láthair.

Dúirt Ní Mhurchú le Tuairisc.ie go bhfuil sí “ag súil go mór” le himeachtaí na hoíche anocht.

“Tá mé ag súil leis, agus bíonn an-chraic ag baint leis. Tá mé cineál neirbhíseach faoi ach tá mé cinnte go mbeidh sé go maith. Chuir mé isteach air mar chuala mé go raibh an-chraic ag baint leis an rud ar fad agus dá ngnóthódh tú Rós na Gaillimhe bheadh seans iontach agat taisteal agus castáil le daoine nua.

“Cheana féin tá cairde nua déanta agam agus ba bhreá liom dul go Trá Lí agus castáil le níos mó daoine fós,” a dúirt sí.

Beidh agallamh i ngrúpaí ar siúl ar maidin roimh ócáid mhór roghnúcháin na hoíche anocht. Tá na mná tar éis cúpla seachtain a chaitheamh in éineacht leis na hiomaitheoirí eile agus iad ag cur aithne ar a chéile roimh chomórtas na hoíche anocht. Cuirfear tús leis an ócáid ag 7pm in Óstán an Clayton agus tá ticéid ar fáil fós. Beidh an 58ú Féile Rós Thrá Lí ar siúl i gCiarraí ar an 21 agus an 22 Lúnasa.

Fág freagra ar 'Beirt bhan Ghaeltachta san iomaíocht do ghradam ‘Rós na Gaillimhe’ anocht'