Beirt bhall de Seo Linn ag fágáil ach ‘cuimhní iontachta’ seachas nimh san fheoil atá acu

Deir duine den bheirt atá ag fágáil an bhanna nach bhfuil aon nimh san fheoil ag Seo Linn dá chéile agus nach ndéanfaidh sé ‘dearmad go deo’ ar an ‘saol nua’ a thug an banna agus an teanga dó

Beirt bhall de Seo Linn ag fágáil ach ‘cuimhní iontachta’ seachas nimh san fheoil atá acu

Tá beirt bhall de Seo Linn, Conchúr Ó Móra agus Cathal Ó Ruaidh, ag fágáil an bhanna ceoil Gaeilge le “dul ag obair ar thionscadail eile”.

Beidh sos beag á ghlacadh ag baill eile Seo Linn agus an drumadóir agus fear an doird imithe.

Dúirt an banna ceoil, nach bhfuil anois ach ceathrar ball ann, gur “le mothúcháin mheasctha” a d’fhógair siad an scéala ach go bhfuil siad “fíorbhuíoch as an gceol ar fad” a chruthaigh an bheirt bhall eile agus go “n-aireoidh [siad uathu] go mór iad”.

Beidh “sos beag” á ghlacadh ag Seo Linn as seo go ceann cúpla seachtain ach gheall an banna dá gcuid leantóirí go mbeadh siad “ar ais gan mhoill”.

Dúirt Ó Móra, fear na ndrumaí, le Tuairisc.ie gur bhain sé an-taitneamh as an tréimhse a chaith sé leis an mbanna ceoil ach go raibh sé anois ag iarraidh dul i dtreo an teagaisc agus “spás” a chruthú ina bhaile dúchais, Guaire i Loch Garman, do cheoltóirí eile.

“Ó bhí mé thart ar 17 nó 18 bhí mé ag iarraidh a bheith ag múineadh agus ag plé le haclaíocht drumaí agus teiripe drumaí agus araile. Beidh mé anois ag díriú ar an múinteoireacht agus tá súil agam modúil a dhearadh do ranganna idirbhliana, ach go háirithe.

“Ba bhreá liom spás de mo chuid féin a bheith agam, seachas a bheith ag múineadh i scoil. Bheadh spás ann do chiorcail drumadóireachta, ranganna do ghrúpaí, do phobail agus d’fhoirne, chomh maith le ranganna duine ar dhuine,” a dúirt sé.

Tá sé i gceist ag Ó Móra spás cleachta agus taifeadta a chur ar fáil do bhannaí ceoil agus ceoltóirí eile atá lonnaithe i gContae Loch Garman, áit nach bhfuil, dar leis, dóthain acmhainní ar fáil do cheoltóirí óga.

Dúirt sé gurbh é an rud ba mhó a thug Seo Linn dó ná an Ghaeilge agus nach ndéanfaidh sé “dearmad go deo” ar an “saol nua” a thug an teanga dó.

“Ní raibh aon Ghaeilge agam, dáiríre, nuair a thosaigh mé le Seo Linn dhá bhliain go leith ó shin. Dúirt cara liom gur theastaigh drumadóir uathu agus chuaigh mé chun casadh leo ach níor thuig mé go mbeadh gach rud i nGaeilge. Ní raibh focal agam ach dúirt duine éigin ‘we’re going to have to do something about that’ agus caitheadh isteach i saol nua na Gaeilge mé.

“Tá mé fós ag foghlaim ach is cinnte go mbeidh mé fós i saol na Gaeilge i ndiaidh Seo Linn. Bhí na rudaí sin ag déanamh imní dom agus an cinneadh á dhéanamh agam  – ‘an mbeidh mé ag labhairt Gaeilge? An mbeidh mé sa Ghaeltacht arís?’.  Ach beidh mé ag déanamh ceardlanna Gaeilge i mbunscoileanna agus ag cleachtadh mo chuid Gaeilge nuair is féidir liom,” a dúirt sé.

Ba í an cheolchoirm Centenary a chuir RTÉ ar siúl in Amharclann na Canála Móire i mBaile Átha Cliath Luan Cásca buaic thréimhse Uí Mhóra le Seo Linn, chomh maith leis an “onóir” a tugadh don bhanna amhrán oifigiúil an FAI do Euro 2016 a thaifeadadh.

“Bhí an lá iomlán sin, Luan Cásca, dochreidte. Bhí sé thar cionn, agus ba mhór an onóir páirt a ghlacadh i Centenary. Bhí an tionscadal ar fad chomh proifisiúnta sin agus ar chaighdeán an-ard, gan caint ar na ceoltóirí eile a bhí i láthair – Paddy Moloney, Imelda May, Colm Wilkinson, Dónal Lunny agus eile.

“Bhíomar in ann breathnú ar an teilifís nuair a bhí an clár á chraoladh agus bhí mé ag caoineadh i ndiaidh radharcanna éagsúla. B’iontach an rud é bheith ag obair leis na ceoltóirí is fearr sa tír, ceoltóirí a raibh mé ag breathnú orthu ó bhí mé 7 mbliana d’aois. Agus an oíche sin bhí siad ag fiafraí díomsa cén chaoi a raibh ag éirí liom i saol an cheoil – dochreidte,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Móra go raibh sé ag fágáil Seo Linn agus gan aon nimh san fheoil ag baill an bhanna dá chéile agus “cuimhní iontacha” aige.