Beirt as Gaoth Dobhair roghnaithe ar fhoireann ban na hÉireann do Chorn Idirnáisúnta AFL

Tá Fiona Roarty agus Carolann Cassidy ainmnithe ar fhoireann na ‘Irish Banshees’ a ghlacfaidh páirt i gcomórtas idirnáisiúnta san Astráil i mí Lúnasa

Beirt as Gaoth Dobhair roghnaithe ar fhoireann ban na hÉireann do Chorn Idirnáisúnta AFL

Tá beirt bhan as Gaoth Dobhair ainmnithe ar fhoireann peile Astrálach na hÉireann, na Irish Banshees, a ghlacfaidh páirt i gCorn Idirnáisiúnta AFL mí Lúnasa seo chugainn.

Ainmníodh Fiona Roarty agus Carolann Cassidy, chomh maith le Conallach eile Leona Russell, ar an scuad a thabharfaidh cuairt ar an Astráil an samhradh seo chun imirt sa chomórtas.

Bhí Roarty agus Cassidy, deirfiúr iarpheileadóir Dhún na nGall, Kevin Cassidy, mar chuid d’fhoireann na hÉireann a shroich cluiche ceannais Chraobh AFL na hEorpa in 2016, cluiche a chailleadar in aghaidh GB Swans.

Imríonn Cassidy, Roarty agus Russell uile do chumann Ulster Kookaburras i Sraith AFL na hÉireann.

Níor ainmníodh ach ceithre dhuine dhéag den fhoireann go fóill agus roghnófar an chuid eile as seo go ceann cúpla mí.

Reáchtálfar Corn Idirnáisiúnta AFL 2017 idir 5 agus 19 Lúnasa i Melbourne.

Imrítear an comórtas gach trí bliana agus ba iad mná na hÉireann a thug an corn leo nuair a reáchtáladh comórtas na mban den chéad uair in 2011. Shroich siad an cluiche ceannais arís in 2014 ach chailleadar an cluiche sin in aghaidh Cheanada.

Tá duine d’iarpheileadóirí na Irish Banshees, Laura Corrigan, anois ag imirt go gairmiúil do Melbourne FC tar éis don AFL tús a chur leis an gcéad sraith ghairmiúil do mhná an mhí seo caite.

Fág freagra ar 'Beirt as Gaoth Dobhair roghnaithe ar fhoireann ban na hÉireann do Chorn Idirnáisúnta AFL'