Beimid stuama arís ar ball. Go dtí sin ‘Come On You Boys In Green!’

Cuimhne chruinn ag gach duine ar an áit ina raibh siad nuair a bhuaigh Éire an cluiche i Stuttgart in aghaidh na Sasanach sna babhtaí craoibhe den chomórtas Eorpach 28 bliain ó shin ach níl cuimhne dá laghad ag ár gcolúnaí ar an gcúl den scoth a scóráil Ray Houghton

Ray Houghton agus Tony Adams ©INPHO/Billy Stickland
Ray Houghton agus Tony Adams ©INPHO/Billy Stickland

Ní cóir go mbeadh cúrsaí sacair faoi chaibidil i gcolún mar seo. Níl ciall ar bith leis an ardghiúmar a chuireann bua mór Éireannach i gcomórtas idirnáisiúnta spóirt ar ár bhformhór.

Nár cheart mar sin aird a thabhairt anseo thar aon rud eile ar ghanntanas tithe nó ar ospidéil phlódaithe nó ar mhórfhadhbanna eile na tíre?

Ba cheart gan dabht.  Ach cuimhnigh ar an áthas náisiúnta a spreagann éachtaí ár laochra spóirt i gcónaí. Katie Taylor, mar shampla. Rory McIlroy. Sonia O’Sullivan.  Packie Bonner. Shane Lowry. Eamon Coghlan. Barry McGuigan. Stephen Roche. Derval O’Rourke Ronnie Delaney. Brian O’Driscoll Pádraig Harrington. Paul McGrath. Agus ar ndóigh Ray Houghton.

Léirigh comhrá le scata daoine a bhí beo an 12 Meitheamh 1988 an tábhacht a bhaineann le cúrsaí spóirt sa tír. Níl cuimhne dá laghad agam féin ar an gcúl den scoth a scóráil Ray Houghton in aghaidh Shasana an lá sin, toisc gur rugadh m’iníon an lá roimhe sin. Ní raibh suim ar bith agam in ócáid ar bith eile tar éis dár gcailín álainn teacht inár measc, ach b’eisceacht ár gcás.

Bhí cuimhne chruinn ag gach duine eile sa chomhluadar ar an áit ina raibh siad nuair a bhuaigh Éire an cluiche i Stuttgart in aghaidh na Sasanach sna babhtaí craoibhe den chomórtas Eorpach 28 bliain ó shin. Dúirt a bhformhór freisin gur shíleadar go raibh baint éigin ag an mbua (chomh maith leis an gcéad Riverdance i 1994) le teacht ré an Tíogair Cheiltigh ina dhiaidh.

Cén fáth, arsa mise leo, a mbeadh tionchar chomh mór ar shaol na tíre ag cluichí peile? Tháinig na freagraí céanna go tiubh agus go tréan. Tírghrá. Dóchas. Féinmheas. Muintearas. Bród. Thar aon rud eile, áthas.

Seo a leanas, mar sin, deich gcúis go mbeidh spéis ag ár mbunáite i gcúrsaí sacair ar feadh coicíse, ar a laghad.

  1. Teastaíonn cúis áthais go géar sa tír, thuaidh agus theas.
  2. Cúis dóchais de dhíth? Cuimhnigh arís ar 1988. Níor shíl duine ar bith roimh ré go mbuafadh foireann Jack Charlton ar Shasana.
  3. Beidh dhá fhoireann as Éirinn ag imirt sna babhtaí ceannais Eorpacha, rud nár tharla riamh cheana.
  4. Má théann foireann Éireannach amháin níos faide chun cinn sa chomórtas ná an fhoireann eile, is féidir linn tacú le foireann na gcomharsan.
  5. Mura mbíonn rath ar cheachtar foireann, is féidir tús a chur láithreach le plé eile ar fhoireann Uile-Éireann.
  6. Eadrainn féin, beidh lucht leanúna mór ag an mBreatain Bheag ar an taobh seo de Mhuir Éireann an 16 Meitheamh, nuair a thabharfaidh ár gcomharsana aghaidh ar Shasana. Cymru am byth!
  7. Cúis dóchais: tá Roy Keane fós i gcampa na hÉireann (abair paidir bheag).
  8. Cúis imní? Dhá chúis dáiríre. An lagmhisneach a bheas ar mhórán má thugtar léasadh do na leaids thall. An baol go mbeidh daoine i gcontúirt mar gheall ar ól thar fóir, thall nó abhus.
  9. Is léir don saol tábhacht an chomórtais sa bhFrainc, tar éis an doirteadh fola i bPáras inar maraíodh 130 duine i  mí na Samhna.
  10. Beidh dianslándáil i bhfeidhm, agus os cionn 90,000 comhalta d’fhórsaí slándála na Fraince ar dualgas. Guímis síocháin agus suaimhneas mar thoradh ar a saothar. Allez la France!

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Beimid stuama arís ar ball. Go dtí sin ‘Come On You Boys In Green!’'