Béim ar an oideachas ilteangach ar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha

Leagfaidh Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) béim faoi leith ar fhorbairt an oideachais ilteangaigh ar fud an domhain ar an 21 Feabhra

Béim ar an oideachas ilteangach ar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha

Díreoidh na Náisiúin Aontaithe ar chur chun cinn an oideachais ilteangaigh ar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha an tseachtain seo chugainn.

Leagfaidh Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) béim faoi leith ar fhorbairt an oideachais ilteangaigh ar fud an domhain ar an 21 Feabhra.

Deir UNESCO gur gá go mbeadh teacht ag foghlaimeoirí ar oideachas ina máthairtheanga agus i dteangacha eile freisin le cur chun cinn na dteangacha sin a chothú.

“Is trí mháistreacht ar an máthairtheanga a fhaightear máistreacht ar na bunscileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta agus uimhríochta. Tá ról tábhachtach ag teangacha áitiúla, go háirithe mionteangacha agus teangacha dúchais chun cultúr, eolas agus luachanna traidisiúnta a chur ar aghaidh,” a dúirt UNESCO agus téama Lá na Máthairtheangacha 2017 á fhógairt aige.

Maíodh go gcuireann an t-oideachas ilteangach an chóir agus an cothrom chun cinn i measc phobail na mionteangacha, go háirithe do chainteoirí ban.

Dúradh go leagtar béim, tríd an oideachas ilteangach, ar chaighdeán na múinteoireachta agus na foghlama agus go ndírítear ar an gcomhthuiscint agus ar fhorbairt na cruthaitheachta.

Cabhraíonn an t-oideachas a thugtar i máthairtheangacha leis an dalta comhrá agus idirghníomhaíocht a chothú idir an foghlaimeoir agus an múinteoir agus cinntíonn sé go nglacann an dalta páirt ghníomhach i bpobal na scoile agus sa tsochaí trí chéile, dar le UNESCO.

Agus Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha á sheoladh aici, rinne Irina Bokova, Ard-Stiúrthóir UNESCO, achainí go n-aithneofaí buntáistí an oideachais ilteangaí ar fud na cruinne, i réimse an oideachais, sna córais riaracháin, i réimse an chultúir, sna meáin, ar líne agus i gcúrsaí tráchtála.

“Is neacha teanga muid. Tagann cultúir, smaointe, mothúcháin agus fiú na mianta domhan níos fearr a chruthú chugainn go príomha i dteanga faoi leith, agus i bhfocail faoi leith. Léirítear trí na teangacha seo luachanna agus fís don saol a chuireann leis an daonnacht.

“Cruthaítear an oiread sin féidearthachtaí todhchaí nua a chruthú nuair a thugtar aitheantas mar is ceart do na teangacha seo, agus láidrítear an fuinneamh a theastaíonn chun an todhchaí sin a bhaint amach,” a dúirt sí.

Chuir na Náisiúin Aontaithe tús le Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha sa bhliain 2008 le héagsúlacht chultúrtha agus teangacha agus an t-ilteangachas a chur chun cinn. Roghnaíodh an 21 Feabhra in ómós na mac léinn a maraíodh agus iad ag agóidíocht ar son a dteanga dhúchais, Bangla, sa Bhanglaidéis i 1952.

Ar cheann de himeachtaí is feiceálaí a bhíonn ar siúl ar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha, tá an feachtas Twitter, Tweet Mother Language. Iarrtar ar chainteoirí mionteangacha giolcacha a chur amach sa teanga sin ar feadh an lae chun éagsúlacht chultúrtha agus teangacha timpeall an domhain a cheiliúradh.

Iarrtar ar dhaoine ar Twitter a bhfuil Gaeilge acu a fhógairt don saol mór cén fáth a gcreideann siad go bhfuil sé tábhachtach an Ghaeilge a úsáid ar líne agus na nathanna cainte, seanfhocail agus focail is fearr leo a ghiolcadh.

Bíonn dhá haischlib in úsáid an lá sin agus moltar do Ghaelghiolcairí úsáid a bhaint astu agus iad á cheiliúradh ar Twitter; #MotherLanguage agus #Gaeilge.  Bítear in ann giolcacha as ceithre airde na cruinne i dteangacha dúchais an domhain a fheiceáil faoin haischlib #MotherLanguage agus iad sin a bhaineann le Gaeilge a fheiceáil faoin haischlib #Gaeilge. Bítear ag súil go gcuirfear cainteoirí mionteangacha in aithne dá chéile ar fud an domhain le linn an fheachtais agus go n-ardófar feasacht ar theangacha atá i mbaol báis.

Ní bhíonn lucht labhartha na Gaeilge chomh gníomhach sin ar Twitter le linn an fheachtais, ach dúirt an tOllamh Kevin Scannell, a bhíonn ag coinneáil súil ar fhorbairt na Gaeilge ar líne, in agallamh a rinne sé le Tuairisc.ie tamall ó shin, go mbíonn cainteoirí Gaeilge réasúnta gníomhach ar Twitter ar aon chaoi agus gur ar chainteoirí na dteangacha fíorlaga sin nach bhfeictear riamh ar líne atá an feachtas dírithe.

Fág freagra ar 'Béim ar an oideachas ilteangach ar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha'